Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 Jun 1933

Vol. 48 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Na Coláisdí Ullmhúcháin.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil fhiachaibh ar na Coláisdí Ullmhúcháin Clar na Leabhra Teagaise a bhíonn siad a úsáid á chur isteach i dtús gach bliadhna chuig an Aireacht; an fíor go gceaduigheann an Aireacht na leabhra bhíos ar gach Clár aca sin gan féachaint chuige go mbíonn "Comhthrom na Féinne" ag gach ceann de na trí canamhaintí; agus an dtabharfaidh an tAire gealltanas go n-amharcochaidh sé isteach san cheist seo ar mhaithe leis an Ghaedhilg sa dóigh nach gceadófar aon Clár-leabhar den chineál feasta gan "Comhthrom na Féinne" bheith ag gach canamhaint ar an Chlár.

Cuireann gach Coláiste Clár na leabhra teagaisc a bhíonn á n-úsáid aca fé bhrághaid na Roinne i dtús gach bliana. Deintear breithniú ar na liostaí sin féachaint an mbíonn siad feiliúnach don chúrsa a bhíonn le déanamh ag na scoláirí. An lán-chúrsa i nGaedhilg a deintear i ngach Coláiste Ullmhúcháin agus is cuid den chúrsa san staidéar ar shaothar na bpríomhughdar próis ó 1890 i leith agus ar bheatha agus ar shaothar na bprímhfhilí ó 1700 i leith. De ghnáth bíonn cuid de shaothar na n-ughdar is fearr ó ghach Cúige ar na leabhra a bhíonn le léigheamh mar leabhra ranga.

Sé'n Roinn Oideachais a soláthruigheann na leabhra do na Coláistí agus i dteannta na dtéacs-leabhra, soláthruightear dóibh na leabhra Gaedhilge is fearr pé'r bith Cúige go mbaineann siad leo le haghaidh léightheoireachta na scoláirí.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais conus mar tá an scéal ag na Coláisdí Ullmhúcháin ins na poinntí seo leanas:—(1) cia mhéad mac léighinn, (a) buachaillí agus (b) cailiní, ar éirigh leó san scrúdú i ngach bliadhain ar leith agus as gach conndae fa seach ar fud an tSaorstáit ó cuireadh na Coláisdí Ullmhúcháin ar bun; (2) de na mic léighinn a tháinig as gach conndae fa seach de na conndaethe a bhfuil Gaedhealtacht ionnta cia mhéad duine aca a dtiocfadh leis a rádh le firinne gur fíor-Ghaedhilgeoirí ó dhúthchas iad; (3) cad iad na Coláisdí fa seach a bhfuil na mic léighinn seo as gach Gaedhealtacht fa seach ag fághail oidis ionnta fa láthair.

Tá an freagra i bhfuirm tabla agus cuirfidh mé cóip de chuig an Teachta.

Tá an freagra mar leanas:—

(1) Tá Taibhlí leis seo (I, II agus III) ag taisbeáint an méid scoláirí (buachailli agus cailíní) ó gach Condae a leigeadh isteach ins na Coláistí Ullmhúcháin gach bliain ó cuireadh ar bun iad.

O'n am a bunuigheadh na Coláistí go dtí 1931 do bhí leath na háteanna ins na Coláistí i n-áirithe gach bliain do dhaoine a raibh rith cainnte Gaedhilge acu agus a shaothruigh pas sa scrúdúchán. D'eirigh le roinnt daoine ón nGalldacht cuid des na háiteacha so do bhaint amach ach do chuaidh furmhór na háiteacha so chun daoine a tógadh sa Ghaeltacht, agus sa Bhreac-Ghaeltacht, ach ní'l aon eolas cruinn ar fagháil sa Roinn a thaisbeánfadh cé méid díobh-sa a raibh an Ghaedhilg as óige acu. Dá bhrigh sin ní féidir freagra iomlán a thabhairt ar cuid a (2) ná cuid a (3) den cheist.

Deineadh athrú ar na Rialacha i gcóir Scrúdúcháin 1932, agus cuireadh leath na háiteacha san .i. an ceathramhadh chuid de na háiteacha uile i n-airithe do dhaoine (1) a tógadh sa bhFíor-Ghaeltacht, (2) a raibh an Ghaedhilg mar ghnáth-theanga sa teaghlach 'nar tógadh iad agus (3) a fuaír bun-oideachas tríd an Ghaedhilge. Roinneadh na háiteacha ar na liomatáistí den bhFíor-Ghaeltacht do réir an líon-phobuil i ngach liomatáiste a labhrann an Ghaedhilg ann, mar seo:—

As gach ocht n-áiteacha déag—

(1) Sé cinn acu le haghaidh iarrathóirí ón bhFíor-Ghaeltacht i dTir Chonaill;

(2) seacht gcinn acu le haghaidh iarrathóirí ón bhFíor-Ghaeltacht i gConnacht;

(3) dhá cheann acu le haghaidh iarrathóirí ón bhFíor-Ghaeltacht sa Mhumhain, agus

(4) na trí háiteacha eile le haghaidh na n-iarrathóirí is aoirde a leanann do réir órd a bhfeabhais sa scrúdúchán.

Tá tuairisc ar na daoine san ó'n bhFíor-Ghaeltacht a chuaidh ins na Coláistí i 1932 ar Táibhle a IV.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais (a) cia hiad na hollamhna atá i ngach Coláisde Ullmhúcháin fa seach; (b) cá bhfuair gach duine de na hollamhna fa seach a chuid (no a cuid) Gaedhilge; (c) cia'ca aca a dtiocfadh leis a rádh le fírinne gur fíor-Ghaedhilgeoirí iad; (d) cá fhad a chaith gach duine aca san Ghaedhealtacht le cáilidheachtaí fóirstineacha fhághail san Ghaedhilg féin; (e) cad iad na hádhbhair léighinn atá fa chúram gach ollamhan aca fa seach; agus (f) cad iad na cáilidheachtaí speisialta atá ag gach duine aca i ngach ádhbhar léighinn atá dá theagase aige (no aici).

Cuirfidh mé an freagra chuig an Teachta.

Tá an freagra mar leanas:—

Do cuireadh na postanna Ollamhnachta ins na Coláistí Ullmhúcháin ar fógairt go foirleathan ins na páipéirí nuadhachta gach am go raibh post le líonadh agus fuarthas mór-chuid iarrathóirí dá bharr. Chuir an Roinn Coiste Roghnathóireacht ar bun agus do scrúduigheadar na hiarrataisí uilig agus glaodhadh ar na hiarrathóirí do b'fhearr cáilidheacht chun agallamh os comhair an Choiste. Na daoine do b'fheiliúnaighe i dtuairim an Choiste chun ghnóthaí Oide-meán-scoile do dhéanamh do toghadh chuige iad.

Is féidir liom ainmneacha na n-ollamhan agus na hadhbhair léighinn a theagascann siad do thabhairt don Teachta. Maidir le n-a gcáilidheacht chun na hoibre, táim sásta go bhfuilid oireamhnach ar na hadhbhair leighinn tá ar a gcúram do theagasc le héifeacht, agus molann toradh na hoibre na hollamhna a toghadh. Níor bhféidir an t-eolas ar fad i dtaoibh a gcáilidheachta do thabhairt go hiomlán gan mórán duaidh á bhailiú. Tuigtear dom gur ó cheanntracha Gaedhealacha do cheathrar nó do chúigear de na hollamhnaibh sin agus is feidir, ar ndóigh, iad siúd d'áireamh mar chainnteoirí ó dhúthchais.

Barr
Roinn