Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 7 Feb 1934

Vol. 50 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Dramaidheacht i dTír Chonail.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil an drámaidheacht san Bhéarla ag déanamh dochair mhóir don Ghaedhilic i dTír Chonaill, nách féidir athrughadh a chur ar an scéal mara mbíonn roinnt airgid ar fághail le haghaidh drámaidhachta sa Ghaedhilic a chur 'un tosaigh; agus nach mó a rachadh se un sochair do Chúis na Gaedhilice cuid den airgead atá dá chaitheamh ar an drámaidheacht ins na cathracha a chaitheamh sa bhfíor-Ghaedhealtacht.

Ba mhaith liom dá dtugadh an teachta chun a chuimhne an freagra a thug mé ar an 26adh lá d'Aibreán seo chuaidh thart ar an cheist ag baint leis an sgéal chéadhna.

An t-airgead a cuireadh ar fagháil le roinnt bliadhan chun cabhrú le Cúrsaí Drámaidheachta i nGaedhilg, tá sé go léir ag teastáil ó'n Chomhar Drámaidheachta i mBaile Átha Cliath agus ó Thaibhdheare na Gaillimhe le n-a Fhágáil ar a gcumas leanamhaint do'n obair atá idir lámhaibh acu; agus is oth liom nach féidir aon chuid de'n airgead sin do chur chun na críche a luadhann an Teachta.

Barr
Roinn