den Aire Dlí agus Cirt an bhfuil a fhios aige gur gheall an tAire Airgid tá seal o shoin go ndeanfaidhe usáid a bhaint as an Ghaedhilic i ngnaithe na Rannta go léir chomh luath géar a's is féidir a dhéanamh; agus an bhfuil an tAire réidh anois le riaghail a chur i bhfeidhm ina Roinn féin nach mbeidh sé dleachtach feasta litir sa Bhéarla a chur ón Roinn go dtí aon oifgeach a bhfuil an Ghaedhilic aige agus an dtabhraidh an tAire órdughadh go gcaithfidh na breithimh agus cléirigh na cúirte agus na hoifigigh eile a bhfuil an Ghaedhilic aca úsaid a bhaint as an Ghaedhilic agus iad ag scríobadh chun na Roinne.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Ghaedhilg i nGnaithe an Rialtais.
D'fhiafruigh
Táim tar éis ordú do thabhairt do lucht m'oifige déanamh do réir mar tá luaidhte ag an Teachta chó fada agus is féidir san.