Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 14 Feb 1934

Vol. 50 No. 9

Written Answers. - Congnamh Teaglaigh.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé an meánmhéid sa tseachtain a chosain an congnamh teaghlaigh i ngach aontas no ceanntar congnaimh fé leith i Mí Dheire Fómhair, i Mí na Samhna agus i Mí na Nodlag, 1933; agus cadé an meán-mhéid sa tseachtain a chosain iomlán an chongnaimh theaghlaigh i ngach mí fé leith aca san agus i ngach mí córéire sa bhliain, 1932.

Tá an t-eolas a bhailiú, agus beidh sé le fagháil ag an dTeachta má chuireann sé an cheist aris i gcionn seachtmhaine.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé an méid daoine bhí ag fáil congnaimh theaghlaigh i ngach aontas no ceanntar congnaimh fé leith an Satharn deireannach de Mhí Dheire Fómhair, de Mhí na Samhna agus de Mhí na Nodlag, 1933; agus cadé líon iomlán na ndaoine bhí á fháil gach Satharn fé leith aca san.

Tá an t-eolas a bhailiú, agus beidh sé le fagháil ag an dTeachta má chuireann sé an cheist aris i gcionn seachtmhaine.

Barr
Roinn