Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 25 Jun 1935

Vol. 57 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Drámaíocht i dTir Chonaill.

D'fhiafruigh

Domhnall O Muirgheasa (ar son Micheál óg Mhic Pháidin)

den Aire Oideachais ar chuir a Roinn seéim ar bith ar bun le cúrsaí drámaíochta do chur tosaigh i dTir Chonaill agus má chuir cé'n uair a chuirfear na rialacha os cóir an phobail.

Ar an 20adh lá d'Fheabhra seo gabh tharainn chuir an Teachta ceist i dtaobh an sgéil seo agus dubhras leis go raibh sé beartuighthe deontas breise le h-aghaidh Drámaí Gaedhilge do sholáthar sa bhliadhain airgeadais 1935-36, agus go mbeadh cuid den dcontas breise sin are fagháil le h-aghaidh Ghaedhealtacht Thír Chonaill, ach scéim feileamhnach i dtaobh cionnus a bhíothas ar aigne an t-airgead a chaitheamh do chur isteach chugainn roimh-ré.

Bhíothas ag súil go gcuirfeadh an mhuinntir a raibh suim aca sna gnaithe sgéim isteach chun na Roinne gan mhoill. Ní fhuarthas aon sgéim uatha, amh; agus i mí na Bealtaine, scríobh an Roinn chun roinnt daoine—agus chun an Teachta comh maith le duine— agus h-iarradh ortha molta a chur isteach i dtaobh coiste áiteamhail do chur ar bun chun comhairle do thabhairt ins na gnaithe. Níltear ach i ndiaidh na freagraí d'fhagháil (ceann amháin aca ar an 20adh lá den mhí seo) ó na daoine sin; agus ní féidir dam fós aon eolas breise do thabhairt i dtaoibh an sgéil.

Barr
Roinn