Tairgim:—
Go ndeontar suim na raghaidh thar £118,788 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1938, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.
Ó Bhóta 45 go dtí 50—agus an dá Bhóta sin féin san áireamh—tá £4,635,508 measta mar lán-chostas ghlan na seirbhís oideachais le h-aghaid bhliana a 1937-38, agus tá an tsuim sin níos mó ná suim bhliana a 1931-32 fé £146,560. Ins na Bhótaí do Mheadhon-Oideachas agus do Cheard-Oideachas atá an mhór-chuid de'n bhreis. I Bhóta an Mheadhon-Oideachais, tá £92,445 do bhreis ar shuim bhliana a 1931-32. Tá dhá adhbhar mhóra le sin (1) méadú de bheith ag teacht, i n-aghaidh na bliana, ar líon na mac-léighinn admhálta a níocthar deóntais cheanntsraithe ar a son, agus (2) méadú, freisin, do bheith ag teacht ar líon na múinteóir a bhfuil breis tuarastail iníoctha leo. Tá Bhóta an Cheard-Oideachais níos mó fá £82,776, ná mar bhí sé i mblian a 1931-32. Breis ar na deóntais bhliantúla do choistí gairmoideachais an fáth is mó atá le sin, agus tá an bhreis sin le h-íoc mar gheall ar na deóntais áiteamhla do bheith níos mó ná an minimum atá leagtha amach ag Acht Gairm-Oideachais a 1930. Caithfear bheith ag súil le méadú mar sin do bheith ann do ghnáth. Ós a chomhair sin, tá an Meastachán do Bhun-Oideachais níos lugha, fá £38,687, ná mar bhí suim bhliana a 1931-32.
Ó Bhóta 45 go dtí Bhóta 50—Agus an dá Bhóta sin san áireamh—tá an Meastachán seo níos mó, fá £34,744, ná mar bhí suim bhliana a 1936-37. Tá £7,926 do mheadú sa Bhóta do Oifig an Aire. An ghnáth-bhreis tuarastal, agus soláthar do thuilleadh áirithe feadhmannach, an dá nídh is mór-adhbhar do'n méid sin. Tá £6,332 de laghdú déanta ar an Meastachán do Bhun-Oideachas. Do laghaduigh costas na gcolaiste oileamhna, agus meastar go dtiocfaidh laghdú eile, fós, ar líon na mac-lighinn i gcoláistí na bhfear, agus go dtiocfaidh costas na ndaltaoidí anuas, ar an adhbhar nach ndéanfar a thuilleadh aca sin do cheapadh feasta. Le n-a chois sin, tháinig £13,830 de laghdú ar chostas tuarastal na n-oide scoile agus na ndeóntas ceanntsraithe, agus is é an fáth is mó atá le sin líon na n-oide do bheith níos lugha mar gheall ar an meadhointinnreamh do bheith ag tuitim. Is cóir a thabhairt fé deara go bhfuil £3,000 do mhéadú ar an soláthar le h-aghaidh aois-liúntas oide scoile. Tá an costas seo ag méadú leis go buan, ar siocair pinsiona do réir tuarastal beag do bheith ag éag agus pinsiona do réir tuarastal níos áirde do bheith ag teacht chun íocaidheachta.
Tá an Meastacháin do mheadhonoideachas níos mó, fá £12,870, ná mar bhí suim bhliana a 1935-36. Tá £2,800 do mhéadú ar na deontais cheanntsraithe, ar an adhbhar gur mhéaduigh líon na mac-léighinn. Nidh eile do chuaidh i méid is eadh an deóntas do Scoltacha Gaedhilge agus do Scoltacha Dhá-Theangacha, óir mhéaduigh uimhir na scoltach sin, agus mhéaduig líon a gcuid mac-léighinn. Tá £5,800 do mhéadú ar chostas na ndeóntas le h-aghaidh breis tuarastal, agus is iad seo na neithe is príomh-adhbhar de sin:—
(1) An ghnáth-bhreis tuarastal do réir an scála;
(2) A thuilleadh mac-léighinn admhálta do bheith ann, agus, dá réir sin, a thuilleadh múinteóir a bhfuil breiseanna iníoctha leo;
(3) A thuilleadh múinteóir do bheith ann a bhfuil breis speisialta iníoctha leo, mar gheall ar theagasc tré Ghaedhilg.
Maidir leis an Bhóta do cheardoideachas, tá sé £19,634 níos mó ná mar bhí suim bhliana a 1936-37, ach ina thaobh sin, caithfear gan a dhearmad go dtáinig méadú maith ar na Stáit-deontais, ar an adhbhar gur h-árduigheadh na deontais áitiúla ós cionn an mhinimum do shocair Acht an Ghairm-Oideachais.
An Bhóta do eólaidheacht agus ealadhantacht, tá sé £6,026 níos mó ná mar bhí sé anuraidh. I dteanta neithe eile, tá soláthar dhá dhéanamh ann do phostaí i scoltachá Gréasa, Péinteireachta agus Snoigheadóireachta an Choláiste Náisiúnta Ealadhan, agus soláthar do chostais bhreise a bhaineas le clódóireacht agus cumhdú foillsiúchán Ghaedhilge, le h-íocaidheachta do lucht aistriucháin, do chumadoirí ceóil, do eagarthóirí láim-scríbheann (atá i n-Acadamh Ríoghdha na h-Eireann), agus le cánacha aghdar agus mion-chostais eile d'íoc. Tá £5,380 de laghdú ar an Bhóta do scoltacha ceartúcháin agus scoltacha saothair i bhfarradh 's mar bhí sin i mbliadna 1936-37. Is é is príomhfháth le sin go dtáinig laghdú, le do nó trí de bhliana, ar líon na bpáiste ins na scoltacha saothair, agus, do réir sin, gur chóir an deóntas ceanntsraithe do laghdú.
Maidir le tinnreamh na mbunscoltach, féadtar a rádh go geinearálta gur fheidhmigh an t-Acht go maith i mblian a 1935-36. I gcomórtas leis an mbliain roimhe sin, thainig laghdú anbheag ar an tinnreamh—3% de na paistí go léir, agus 0.5 de na páistí a mbaineann an t-Acht leó—is é sin páistí ó 6 bliana go dtí 14 bliana d'aois. Má tá, laghaduigh an tinnreamh go mór le linn na doininne agus an tsneachta agus an tseach do bhí ann sa ráithe ar dheireadh bhí an 31adh de'n Mhárta, 1936. I scoil-bhlian a 1936, bhí an tinnreamh, i gCathair Chorcaighe de réir 89% de na páistí a mbaineann an t-Acht leo, agus ba é sin an tinnreamh b'áirde sa chéad do rinneadh i gCondae ná i mBuirg ar bith. O sin anuas, bhí Cathair Phort Lairge—86.4, Cathair Bhaile Atha Cliath—85.9, agus Condae Chorcaighe agus Condae Phort Láirge—85.8 agus Condae Chill Choinnigh 85.5. I gcomórtas leis an mblian roimh ré, mhéaduigh an tinnreamh i n-aon cheann déag de na Condaetha nó Condae-Bhuirgí, agus laghaduigh sé go beag i naoi geinn déag aea.
Nuair do bhí Meastacháin na bliana seo thart dá gcur in bhur láthair, rinneadh trácht ar an mhór-obair do bhí le déanamh, maidir is tógáil agus deisiú bun-scoltach ar fud na tíre, agus tráchtadh ar a rabh le déanamh i mBaile Atha Cliath, maidir le scoltacha do chur ar fáil do pháistí ar h-athruigheadh a muinntearacha ó lár na cathrach amach do dhí áiteacha comhnaidhe atá ins na h-imeall-bhordaí. An bhliain seo thart, do cuireadh suim mhaith leis an stáit-deóntas chun tithe scoile do thógáil agus do dheisiú. I mblian airgeadais a 1935-36, deónuigheadh £222,018 chun tithe nua scoile do dhéanamh agus chun seantithe scoile d'fhairsingiú nó d'aithdhéanamh. Is é rud orduigheas na riaghalacha gur £2 de dheóntas is cóir do'n Stát a thabhairt uaidh de ghnáth, ós comhair gach £1 dá gcuirtear ar fáil go h-áitiúl. Mar sin de, tá cuid mháith de'n obair seo i dtuilleamaidhe an chonganta áitiúl atá riachtanach do bheith le fáil; agus dá mhéad dá ndearnadh de thithe scoile, bheadh a thuilleadh déanta, dá gcuirthí an congnamh áitiúl ar fáil go lán-sásúil ar fud na tíre.
I naimhdheóin á bhfuil déanta, tá a lán tithe scoile i ndroch-chaoi fós. Sé barúil na gcigirí go bhfuil 10 nó 15 fá'n gcéad de na scoltacha i gceanntracha áithride atá mío-oiriúnach, ionnus gur gádh tithe nua do chur 'na n-ionad. Is leor i gcoitchinne a bhfuil de scoltacha ar fud na tíre. Tá tithe scoile fairsinge nua dhá gcur suas ar imeallaibh Baile Atha Cliath (agus timcheall Corcaighe leis) mar a bhfuil cuid mhór tithe comnuighthe dá dtógáil ag Comhairle na Cathrach do na daoine atá dhá dtabhairt annsin ó lár na cathrach. A trí nó a ceathair de bhlianta ó sin, ba mhinic gearán fá easbaidh spáis 'sna scoltacha i lár na cathrach; agus deirtí go raibh páistí ar na sráideanna toisc gur theip ortha fáil isteach i scoil ar bith. Ach tá athrú ar fad air sin anois ó d'imthigh cuid mhaith teaghlach as an gcathair go dtí na tithe nua. Tá cuid de na h-oidí ins na sean-scoltacha cathrach i bpeiriacal a bpost a chailliad agus an dul i laighead atá ar an méid páistí ar na rollaí le tamall.
Maidir le deisiúchán agus maisiúchán na dtithe scoile, tá an scéal mar bhí sé riamh. Tá a lán bainisteoirí ann atá an dúthrachtach san ní seo agus ghnidh siad a ndícheall le na ndualgas a choimhlíonadh ar gach uile shlighe; ach tá uimhir mhór díobh ann ata faillightheach san ngnó so agus is beag beann leo cé'n bhail atá ar na tithe scoile fá na gcúram. Ní dhéanaidh mion-deisiúchán nuair a bhíos gádh leis agus i gcionn roinnt bliadhan, bíonn cuma na faillighe ar na tithe. Ró-annamh a chuirid péint ar an adhmad ná dathú ar na ballaí go tráthúil, i riocht is go mbíonn na dóirse agus na fuinneoga ag lobhadh ó-n taise agus an foirgneamh tré chéile ag dul i léig. Deirtear go bhfuil scoltacha ann nár cuireadh péint ortha i gcaitheamh fiche bliadhan. Is annamh a cuirtear blátha agus tuir mhaiseacha ag fás ar aghaidh na scoile amach nó i mboscaí ar na fuinneoga. Agus ní ró-mhinic a chitear pictiúirí geala feileamhnacha ar na ballaí. Ní coinnightear clóis scoltach de ghnáth mar ba chóir agus ní cuirtear caoi ar na casáin. De réir tuairisce samhluigheann sé go bhfuil deallramh níos measa ar go leór de na tithe scoile ná mar a bhí riamh. Ar chaoi ar bith ní féidir a rádh go bhfuil aon tionnrodh mór chun feabhais le sonnrú.
Cuireadh amach cearcalán oifigiúl chuig bainisteóiri agus múinteóirí ghá ngríosadh chun aire do thabhairt do ghlanadh na gcúltithe. Ach do réir tuairiscí na gcigirí, is beag toradh atá ann dá bhárr. Is ionlochtuighthe an déanamh atá ar go leór de na cúltighthe ar fud na tuaithe agus is doiligh daoine d'fháil le na geartadh. Ins na bailte móra agus áit ar bith a bhfuil cóir uisce ní cloistear gearán de ghnáth. Ach pé áit a bhfuil camracha tiorma is annamh a úsáidtear cré thirm go laetheamhail agus bíonn boladh bréan ag éirghe aníos dá heasbaidh. Is contabhairteach don tsláinte an chaoi a mbíonn siad. Seo mar a scríobhann duine de na Roinn-Chigirí fán rud so:—
"Níl feabhas ar bith ar na cúltighthe tiorma agus deir cigire amháin gur scannal don náisiún iad faoi'n dtuaith. Ní hannamh go bhfágtar na clóiseanna gan ghlanadh agus gan chré acht is ró-mhinic a déantar faillighe chomh mór san ortha nach féidir d'aoinne dul isteach ionnta in aon chor. Tá scoileanna ann nach bhfuil cúltighthe d'aon tsórt acu gidh go mbíonn buachaillí móra agus cailíní móra ag freastal ortha gach lá; coir in aghaidh na sibhialtachta is eadh é sin, agus tá sé thar am deireadh do chur leis an neamart aidhbhéal, ar ais nó ar éigin."
I rith an ama, tá suim dha cur ag an Roinn sa mhór-obair speisialta úd a bhaineas le Cathair Bhaile Átha Cliath. I mbliadhain a 1935-36, cuireadh fá thuairim £60,000 de dheóntais ar fagháil le tighthe scoile do dhéanamh agus d'fheabhsughadh sa Chondae-Bhuirg. Tá dlúthas mór dhá chur leis na scéimeanna chun tighthe comhnaidhe do sholáthar do dhaoine atá i n-áruis chumhanga i lár na cathrach, agus caithfear obair dhian do dhéanamh chun scoltacha do chur ar faghail go réasúnta do na pháistí a bhéas ina gcomhnaidhe ins na tighthe nuadha sin. Gach duine agus gach dream a mbaineann an obair leo, ní mór doibh iarracht sáir-dhícheallach do dhéanamh le n-a cur i gerích. Tá glactha le scéimeanna chun a tuilleadh tighthe scoile do dhéanamh sa Chondae-Bhuirg, agus tá siad dá ndéanamh i geeanntair áirithe anois féin.
Cúis imnidhe do'n Roinn an méid oide nach féidir leó obair d'fhagháil ins na Bun-scoltacha. Le cuid mhaith bliadhanta thart ní raibh postaí le fagháil ag a lán de na fear-oidí i n-éis a dtréineála, agus, ar na mallaibh, tá cuid de na ban-oidí sa chás chéadna. An rud is príomh-adhbhar do seo, rinneadh mórán cainnte air le goirid. Is é sin an laghadughadh atá ag teacht ar an meadhoin-tinnreamh i n-áiteacha tuaithe. Táthar ag déanamh díthchill leis an scéal seo do léigheas chomh maith agus is féidir, agus le n-a aghaidh sin, ba léir go gcaithfidhe gan a oiread adhbhar oide do leigean isteach ins na Coláistí Oileamhna. Tá socrughadh déanta dá reir sin, agus táthar ag smuaineadh ar riaghlacha eile do dhéanamh mar gheall ar an scéal céadna. Ach, taobh amuigh de'n fhaithchill seo, tá neithe áirithe ann cheana is dóiche bheith ina gcúis le gan a oiread oide do bheith ar easbhaidh oibre agus le gan laghadughadh buan do choinneáil ar líon na ndaoine a leigfear chun tréineála—rud do caithfidhe a dhéanamh, dá maireadh an scéal mar tá sé. Sa chéad chás de, tá an riaghail a bheireas ar ban-oidí éirghe as an múinteóireacht tráth póstar iad, má's nidh gur tar éis an ladh de Iúl, 1934, do fuair siad a gcéad phosta seasta. Níor bh'fhéidir don riaghail sin athrughadh mór ar bith do dhéanamh go fóill, dar ndóigh; ach, le h-imtheacht aimsire, béidh a thuilleadh posta folamh dá barr. I gcás na bhfear féin, is féidir go mbéidh beagán postaí sa bhreis le fagháil, ar an adhbhar gur dócha cuid de na ban-oidí do bheith ag éirghe as an múinteóireacht mar gheall ar na riaghlacha fá leith a bhaineas le ceapadh oidí do chineálacha áirithe scoltach. Ina dteannta sin, tá molta an Choiste do bhreathnuigh cúrsaí na Scoltacha Ceartucháin agus na Scoltacha Saothair. Má chuirtear i ohfeidhm, maidir leó seo, na coingheallacha a bhaineas le cáilidheachta oidí na mBun-Scoil, is léir go dtabharfaidh sin obair, de réir a chéile, do fhir agus do mhná do tréineáileadh ina n-oidí de Bhun-Scoltacha.
Mar sin féin, tá an cheist chomh mór leathadach sin agus nach leór leis an Roinn fanamhaint le toradh na riaghlach seo a dubhairt me. Ní h-é amháin go bhfuiltear ag leanamhaint do na cosca do bhí ann cheana, ach táthar ag cur a thuilleadh i bhfeidhm mar gheall ar líon na n-oide do thabhairt i gcomhthromacht leis an riachtanas. Ceann amháin de na riaghlacha seo eile, troimeascann sé glacadh feasta mar Oidí Bun-Scoil le fir ná le mná do tréineáileadh taobh amuigh de Shaorstát Eireann.
Maidir leis na Fó-Mhaighistreasaí Conganta, is riachtanach, dar leis an Roinn, gan a oiread aca do bheith dhá n-admháil gach bliadhain, agus tá riaghlacháin scrúduighthe déanta le n-a agaidh sin. Béidh feabhas níos airde ag teastáil i mbéal-scrúdughadh na Gaedhilge, agus stadfar de'n nós do bhí ann roimhe seo leigean do iomaitheóirí áirithe dul faoí scrúdughadh athuair i n-adhbhair do theip ortha roimh ré. Fuagradh go mbéadh an dá riaghail sin i bhfeidhm i mbliadhain a 1938, agus fuagradh, freisin, go gcoinneóchadh an Roinn de cheart aca féin laghadughadh, de réir riachtanais, do dhéanamh, i mbliadhain ar bith, ar an lion iomaitheóir do bhéadh ion-ghlactha as an méid do dhéanfadh coingheallacha an scrúduighthe do coimhlíonadh.
Maidir leis an obair sna scoltachaí, is léir ó chonntaisí na gcigirí go bhfuil mór-chuid na noidí mar bhíodar riamh dílis agus fonnmhar ag tabhairt teagaisc mhaith agus deagh-oileamhainte dá gcuid daltaí. Taobh amuigh díobh san atá ar bheagán Gaedhilge— agus tá a líon san ag dul i lagadh ó bhliadhain go chéile—táid na h-oidí go léir agus a ndóthain eolais aca chun a bhfuil do dhualgaisí ortha do choimhlíonadh. Caitheann a bhfurmhór cuid mhaith dúthrachta le na saothair in oileamhaint agus i dteagase na bpáistí, agus is féidir a rádh go bhfuil an toradh ar foghnamh i gcoitchinne. Tá roinnt de na h-oidí nach ndéanann obair chómh éifeachtamhail is d'fhéadfaidís ach cur chuige ar mhodha ní ba tuigseanaighe agus machtnamh a dhéanamh ar riachtanaisí an chláir agus ar an gcaoi is fearr chun a dteagasc a chur in oireamhaint do na páistí ó bhliadhain go bliadhain agus ceachta dá réir sin d'ullmhú ó ló go ló. Ag cur síos ar an rud so deir cigire:—
"Tá beagán de na h-oidí fós ann nach dtuigeann cad is ullmhúchán ann seachas crothán do nótaí seachránacha a bhreacadh síos gan machtnamh ar fhorfhás an ádhbhair nó ar fhigheadh na gceachtann as a chéile. Bheirtear fá deara go ró-mhinic go leagann oide scéim oibre amach i dtosach na scoil-bhliadhna ach i gcionn tamaill ghníonn sé faillighe ann, i slighe nach cabhair ar bith don teagasc an scéim agus nach bhfuil ann ach scríbhinn le cur ós comhair an chigire. Cuirtear cuid mhór ama amudha le teagasc scaoilte gan cinnteacht cuspóra."
Níl ach fíor bheagán de na h-oidí a áirmhtear mar oidí gan éifeacht. Seo leanas fó-chéadas na h-oidí i Saorstat Eireann do réir na réimeann atá faighte aca ins na mór-thuairiscí:— An-Eifeachtach 27.7; Eifeachtach 68.2; Gan Eifeacht 4.1.
Tá an uimhir múinteóiri a bhfuil láncháilidheacht san nGaedhilg aca .i. iad san a bhfuil an teastas dá-theangach nó an t-ard teastas aca, ag dul i méid ó bhliadhain go chéile. Ní áirmhtear ach na h-oidí a bhfuil an teastas dá-theangach ar a laghaid aca mar oidí arbh fhéidir a rádh le cinnteacht go bhfuil sé ar a gcumas an clárscoile i na iomlán do chóimhlíonadh, .i. a mbéadh ar a gcumas na h-ádhbhair fré chéile a mhúineadh tré Ghaedhilg áit a bhfuil a ndóthan Gaedhilge chuige sin foghlumtha ag na páistí. Seo thíos an fóchéadas de na h-oidí a bhfuil gach cineál teastais aca:—An t-Ard-teastas 6.5; an Teastas Dá-theangach 47.6; an teastas 28.6; gan teastas ar bith 17.3.
Furmhór de na daoine atá gan teastas is daoine iad atá aosta, agus do réir mar imthigheas siad as an seirbhis, tagann daoine óga i na nionad atá lánoilte ar an nGaedhilg. Fuair an chuid is mó díobhtha so a gcuid oideachais ar fad tré Ghaedhilg agus ba cheart dóchas a bheith ag Gaedhil go néireochaidh leo siúd an Ghaedhilg a chur i nuachtar san tír seo i gcaitheamh aimsire. Ach tá duine de na Roinnchigirí gan bheith ró-mhuinghíneach as an dream óg, agus labhrann sé fútha mar leanas:—
"Na h-oidí óga a bhfuil a ndóthain Gaedhilge aca, agus a fuair oideachas lán-Ghaedhealach ó thús, ceapfaí go bhfeicfí iad go léir i lár baill i ngach áit i na mbeadh Gaedhealachas dá shaothrú, ag múineadh agus ag mealladh daoine le fórsa a sompla, ach ní mar sin atá go fóill."
I rith na scoil-bliadhna 1934-35 rinneadh an clár scoile d'éadtromú. Gearántai air na bliadhanta roimhe sin go raibh riachtanaisí an chláir ró-throm chun caoi cheart a bheith ag na múinteoiri leis an nGaedhilg a chur chun cinn mar ba chóir.
'Sé baramhail furmhór na gcigirí go bhfuil feabhas tagaithe ar mhúineadh na Gaedhilge de bhárr éadtromú an Cláir, de bhárr an chabhair a gheibh na h-oidí as na Notaí do mhúinteoirí. agus be bharr muinteoirí óga atá oilte go maith san teangaidh bheith á gceapadh i nionad meanoidí a chuaidh ar phinsiún. Nílid ar aon intinn gur socar do'n Ghaedhilg a rinne an tathrú ar an gClár. Tá roinnt de na cigirí nach léir dóibh aon fheabhas dá bhárr. Is dócha go bhfuil breitheamhnas chóir a thabhairt ag an Roinn-Chigire a chuir síos ar an gceist mar leanas:—
"Tá an clár nua ag cuidiú go mór leis an nGaedhilg in aon scoil in a bhfuil a ndóthain Gaedhilge ag na hoidí chun a chuspóir do chur i gcrich. Tá scoileanna eile ann, amhthach, scoileanna in a bhfuil na hoidí ar bheagán Gaedhilge, agus is é deifridheacht a rinne an clár nua an cúrsa léighinn do laghdú go mór gan aon mhaith in aon chor do dheanamh do'n Ghaedhilg."
Sé tuairim na gcigirí fré chéile gur mhór an chabhair do na múinteoiri na "Nótaí do Mhúinteoirí," iad sin a ghnidh staidéar cruinn ortha agus a chuireas a gcomhairle i gcrich. Ach tá roinnt mhaith oidí ann nach gcuireann aon stró ortha féin na Nótaí do scrúdú agus beart dá réir do dhéanamh. Ní leagaid amach scéimeanna tuigscanacha i gcaoi go mbeadh néithe áitride—puinntí gramadaighe, cora cainnte, leathnú stór focal—le teagasc ó sheachtmhain agus go leanfaidh cúrsa bliadhna amháin ar chúrsa na bliadhna dár gcionn. Ní dhéanaid aithdheanamh ar an obair go féilteamhail. Ní bhíonn aon órd ealadhanta ar a gcuid teagaisc. Ní thugaid sompla maith do na páistí ag baint úsáide as an nGaedhilg gach uair a bhíos rud la rádh aca taobh amuigh de'n teagasc. Go leor de na hoidí ni bhíonn ar siubhal aca ach síorcheistiú agus an fhreagairt chéadna ag na páistí i gcaoi nach feidhm nadúrtha a baintear as an teangaidh. Amannta bítear ró-shásta le haon tsaghas freagra agus ní ceartuightear na lochta. Ní cuirtear suim i bhfoghraidheacht ná i gcruinneas abairte. Ach sé an rud is measa ag oidi de'n chineál so nach gcuirid gradh do'n Ghaedhilg ná do'n tír i gcroidhe an pháiste, ach a mhalairt go minic, mar is baoghalach nach bhfuil a gcroidhe féin san gcúis.
Ach scoil ar bith a bhfuil múinteoirí dioghraiseacha tuigseanacha ionnta, ni bhionn aon rian d'easbaidh duthrachta ar na daltaí agus is mór an dul 'un tosaigh a bhíos le breathnú ar an obair ó bhliadhain go chéile.
Ní féidir bheith ró-shásta leis an dul chun cinn in a lán scol i mBaile Átha Claith agus ins na contaethe timcheall air. Seo sleachta as tuairiscí na Roinn-Chigirí a bhfuil an limistéar fán na gcuram:—
(1) "Tá furmhór na gCigirí míshásta leis an ndul chun cinn atá a dhéanamh ag na naoidheanaín i labhairt na Gaedhilge, agus tá mór-chuid d'oidí na cathrach ag gearán i dtaobh a luighead eolais ar Ghaedhilg a bhíonn ag na páistí ag teacht chuca na naoidh-scoileanna."
(2) "Caithfidh mé a rádh go bhfuil labhairt na aGedhilge lag go leor ins na hocht gceanntair seo.... Ní bhíonn na páistí i ndon de ghnáth an teanga do labhairt ag fágháil na scoile dhóibh. Ní bhíonn an foclóir aca chuige sin, agus ní bhíonn líomhthacht ná cruinneas ná comas cainnte aca, agus teipeann ar an gcuid is mó aca cunntas cruinn tuigseanach a thabhairt ar rudaí bunadhasacha simplí. Meascann siad aimsireacha na mbriathar i gcaoí a cuirfeadh éadóchas ar dhuine."
Do réir gach tuairisce tá feabhas ag teacht ar staid na Gaedhilge san nGaedhealtacht ó cuireadh scéim an dá phúnt i bhfeidhm. "Is léir," arsa cigire "gur stop an deontas an meath san Ghaedhealtacht agus san Bhreach-Ghaedhealtacht." Bhí trácht fada ar an gceist seo i dtuarasgabháil deiridh na Roinne agus is beag athrú a tháinig ar an scéal ó shoin. Is mall réidh atá an Ghaedhilg ag fairsingiá mar ghléas múinte, agus ní féidir bheith ag súil le haon fhás mhór bheith fuithe go ceann roinnt blian do réir mar bhéas oidí a bhfuil lánchailidheacht Gaedhilge aca ag dul i líonmhaireacht. Tá mór-chuid de na h-oidí a bhfuil eolas maith ar an nGaedhilg aca ag déanamh a ndíchill. Bheirid teagase tré Gheadhilg do réir a n-acfuinne agus acfuinn na ndaltaí.
An chomhairle oifigiúil agus na coingheallacha a bhaineas le feidhmiú na Gaedhilge mar ghléas múinte, tá siad le léigheadh san imlitir a foillsigheadh i mí na Samhna, 1931. Tá sé luaidhte annsin nach ceart an Ghaedhilg d'usáid mar ghléas múinte ach mar a bhfuil eolas maith ag an oide ar labhairt na teangadh agus comas réasunta maith ag na daltaí uirithi freisin, agus moltar don oide gnáith-teanga a dhéanamh de'n Ghaedhilg i gcóir mion-chaint na scoile sul a dtosuighthear ar na h-adhbhair eile a mhúineadh tríthe. Tosc go mbítí a rádh go raibh oidí ag gabháil do mhúineadh tré Ghaedhilg sul ar gcóimhlíonadh na coingheallacha so agus go raibh cigirí ghá ngríosadh chuige, cuireadh amach cearcalán ag déanamh ath-chuimhnimh ar an imlitir thuas-ráidhte agus a dhéanamh soiléir nach raibh aon athrú ar intinn na Roinne.
Maidir leis na h-adhbhair léighinn eile is beag athrú atá tagaithe ar a dteagasc sna scoltachaí. Maidir leis an scrúdú le n-aghaidh theistimér eacht na nbun-Scoltac, tá sé le rádh agam, mar bhí roimhe seo, nar chuir ach fír-bheagán oide a gcuid scoláire chun an scrúduighthe. An bhliain seo thart, ní dheachaidh fé scrúdú ach fá thuairim 10% de'n méid scoláire d'fheadfadh dul. Tá an Roini ag breathnú slighthe áirithe is dóigh leó do chuirfeadh athrú chun feabhais ar an scéal sin.
Deineadh an tríomhadh íocaidheacht de'n deontas as ucht na Scoil-Bhliadhna dar chríoch 30 Meitheamh, 1936, agus do thuill breis agus deich míle páiste agus cúig míle líntige nach mór an deóntas. Is léir ó na figiuirí seo go bhfuil an cuspóir 'á tabhairt go sasúil 'un criche.
Maidir leis an Meadhon-Oideachas, tá líon na scoltach agus líon na mac-léighinn ag síor-dul i méid. 319 de Mheadhon-Scoltacha Aitheanta do bhí ann i mbliadhain a 1935-36. San tréimhse chéadna do chuaidh líon na mac-léighinn suas ó 33,499 to dtí 35,111 —agus ní bhaineann na figúracha seo leis an méid mac-léighinn do bhí ag freastal na ranga ullmhúcháin i meadhon-scoltacha.
Le deich mbliadhna thart, tá líon na Meadhon - Scoltach agus na mac-léighinn ag dul i méid go buan. Ins na deich mbliadhna sin, tháinig 14% de bhreis ar líon na mac-léighinn. Dá réir féin ba mhó do chuaidh líon na gcailín i méid ná mar do chuaidh líon na mbuachaill—60% breis na gcailín, agus 42% breis na mbuachaill. Ar fud na tíre go léir do thárla an méadughadh —is é sin le rádh i ngach aon Chundae agus i ngach aon Chundae-bhuirg.
Mar bhí roimhe seo féin, tá sé le rádh fá bhliadhain a 1935-36, freisin, go dtáinig breis ar líon na scoltach ina ndéantar an teagasc tré Ghaedhilg. I mbliadhain a 1935-36 bhí teagasc dhá dhéanamh tré Ghaedhilg i 57.5% de na scoltacha aitheanta; i mbliadhain a 1934-35, ba é a méid a bhí ann 56.4%.
Le beagán bliadhanta anuas, b'iontuigthe as tuarascabhála na gcigire go bhféadfadh fuaimeanna agus cora cainnte an Bhéarla bheith ag cur isteach, a bheag nó a mhór, ar an nGaedhilg, mar gheall ar an mbreas mhóir feadhma atáthar a bhaint as an nGaedhilg chun adhbhair eile do theagasc. Ba mhian leis an Roinn a leithéid sin de chontabhairt do sheachnadh, agus caoí do thabhairt do mhuinteóirí sochar do bhaint as Gaedhilg na Fíor-Ghaedhealtachta, idir comhrádh agus litridheacht. Mar sin de, cuireadh ar bun cúrsa thrí seachtmhaine, i Samhradh Bhliadhna a 1936, agus bhí an cúrsa sin faoí stiúradh ag ollamhain cháileamhla a bhfuil Gaedhilg ó'n gcliabhán aca. Ag cleachtadh foghraidheacht na cainnte, agus ag cleachtadh na leaganacha cainnte atá dúthchasach ag an nGaedhilg, is eadh caitheadh an tréimhse go léir.
Is beag má tá scoil ar bith ann anois nach n-aithnightear innte nach bhfuil a dteagasg sa Ranng agus i bhfoghluim na gceacht ach roinn amháin d'oileamhaint agus d'oideachas na n-óg. Tuigtear nach ceart faillighe a leigint i sláinte an chuirp ná i bhforás na h-inntleachta, agus dá bhrígh sin ghníthear cúram mór de na cluichí agus den drill agus den rinnce agus den drámaidheacht agus den ceol agus de dhíospóireachtaí. Thar gach tráth eile, is féidir a dheimhniú faoin tráth seo i láthair go bhfuil iarraidh dá déanamh ag na meadhon sgoileanna gach taobh agus gach gnó den oideachas do chur ar fagháil do na daltaí agus do chur i gcion ortha.
Is mór an gar do na daltaí na leabharlanna de leabhra maithe ealadhanta atá curtha ar bun anois ag furmhór mór na scoltach.
Is ar éigin atá sgoil ar bith ann anois nach leagann am ar leith amach chun léightheoireachta príobháidighe, agus téigheann sé sin go mór chun suime d'eolas na ndaltaí, go h-áithrid i gcás na dteangthach.
Ó thaobh cáilidheachta, tá feabhas ag teacht ar na múinteóirí ó bhliadhain go bliadhain. Daoine duthrachtacha díoghraiseacha 'seadh an mhór-chuid mhór de na Meadhon-Mhúinteóirí, agus cibé deis a fhághas siad ar iad féin d'fheabhsú gabhann siad léi go fonnmhar.
An borradh agus an fás a bhí faoi'n nGaedhilg anuraidh ní trághadh ná laige a tháinig ortha i rith na bliadhna ach a atharrach sin ar fad. Maidir leis na hádhbhair eile, níl móran le rádh ina dtaobh thar an méid adubhradh anuraídh. Cloistear gearán ó na cigirí ar uairibh nach ndéantar dóthain cúraim d'fhoghraidheacht na nuadhtheangthach agus nach mbaintear feidhm mar budh cheart as an stair ins na rannganna Laidne agus Gréigise.
Le n-a mheas ina h-iomlán, bhí bail maith ar an obair ins na sgoltacha, bhí na sgoltacha dá stiúradh go healadhanta agus bní na múinteóirí agus na daltaí ag obair go duthrachtach i rith na sgoilbhliadhna atá caithte, 1935-36.
Maidir leis an nGairm-oideachas, is áthas liom bheith i ndon a rádh go bhfuil sé ag dul chun cinn go h-anmhaith ina iomlán, beagnach. Le cúig seisiúin anuas, tá scéimeanna faoí Acht Gairm-Oideachais a 1930 i bhfeidhm, ar fud an tSaorstáit. Fuarthas buaidh ar na deacrachta a bhaineas le córas nuadh, agus tá furmhór na scéimeanna go daingean ar a mbonnaí fá láthair.
Ba í an obair ba mhó bhí le déanamh ag gach Coiste Gairm-oideachais, san am seo, scéim d'eagrughadh de Oideachas leanamhnach do bhéadh oireamhnach dá gceanntar féin. Do réir a chéile, d'eirigh leo cláir áirithe oibre do leagan amach le h-aghaidh cúrsaí lán-aimsire lae. O 20 uair go dtí 25 uaire gach seachtmhain a bhíos ins na cúrsaí sin, agus le h-obair láimhe a chaithtear trian, nó b'fhéidir, leath an ama. Fá láthair is iad seo leanas na cúrsaí leanamhnacha is mó atá i bhfeidhm. (a) Cúrsa leanamhnach geinearalta; (b) cúrsa leanamhnach ceard (foirgnidheacht); (c) cúrsa leanamhnach ceard (innealltóireacht); (d) cúrsa leanamhnach tráchtála; (e) cúrsa leanamhnach tíoghbhais; (f) cúrsa leanamhnach tuaithe.
An chiall chumhang atá le Ceard-oideachas i nAcht a 1899, d'fhág sí nach raibh san oideachas sin ach saothar acadamhail; thiormeasc sí láimh-chleachtadh na gceard agus na dtionnscal do theagasc, agus ba é sin an deacracht ba mhó bhí le réidhteach, maidir le Ceard-Oideachas. Cuireadh deireadh leis an deacracht sin, agus cuireadh deireadh, freisin, leis an seanchóras d'fhág an teagasc faoí cheangal cúrsaí áirithe do leanamhaint i n-ein-feacht. Fá láthair, tá sé ceadmhach ag ceard-scoltacha cúrsa fá leith teagaise do chur ar bun do aon adhbhar ar bith da mbaineann le ceardaidheacht nó le tionnscal. Ba tráthamhail ar fad do fuarthas an tsaoirse sin—san am a rabhthas ag dul i mbun dúnghaois gheilleagraigh ar chuspóir dó tionnscalacht na tíre do mhéadughadh. Mar sin de, bhítheas ag iarraidh go foirleathan ranga ceard-oideachais do chur ar bun ina bhfuighthidhe an teagasc a bhíos ag teastáil le h-aghaidh gach ceirde agus tionnscail fá leith.
Bhí sin da iarraidh ag daoine a bhí ag obair san iomad tionnscail nuadh a bhí tar éis a gcurtha ar bun sa tSaorstát, agus ag daoine do bhí ag súil le n-a leithéid de obair; agus ó thárla an tsaoirse ud ag na Ceard-scoltacha, bhí siad i ndon freastal ar an riachtanas. Ar fud na tíre cuireadh ranga de'n chinéal seo ar bun, ins na monarchain féin, nó ins na ceard-scoltacha. Is iomdha ceard agus tionnscail do bhain sochair mór as na ranga seo agus atá ag baint sochair asta fá láthair. Ag seo cuid aca:— Monarchan Bróg, Monarchan Ailimíne, Monarchain Biatais Siúcra, Cearda Clodóireachta, Gruagaireacht, Muilneeóireacht Plúir, Monarchain Léine, Innealltóireacht leictreachais, Tionnscal Iascaireachta, Déantús Bréagán, Déantús Láimhín, Monarcha potaireachta agus Tionnscal Súdaireachta. I ngach cás, tháinig feabhas ar saothar na n-oibridhe do bhí i mbun na gceard cheana; agus ní n-é sin amháin, óir mar gheall ar an tréineáil do cuireadh ar fagháil roimh ré ag na Coisti Gairm-Oideachais, tá monarchain go leór ann agus giorruigheadh go mór an seal aimsire do bhí riachtanach ó bunuitheadh iad gur cuireadh a gcuid earraidhe chun margaibh.
Bhí deacrachta móra ag baint leis an chóras nuadh seo Gairm-Oideachais. Sa chead dul amach, ní raibh múinteóiri go leor le fagháil, go h-áirithe múinteóirí le h-aghaidh teagaise i láimh-cleachtadh, i ndéantóireacht mhiotail, i ngeilleagar tíoghbhais agus i n-eólaidheacht tuaithe. Cuireadh ar bun cúrsaí naoi mí le h-aghaidh daoine áirithe do toghadh chun a bheith ina múinteóirí, de bhrigh go raibh láimh-chleachtadh maith cheana aca ar obair adhmaid agus ar obair mhiotail. Mar an gcéadna, toghadh daoine a raibh meadhon-oideachas oireamhnach aca, chun iad do thréineáil mar mhúinteóirí tíoghbhais agus eólaidheacht tuaithe maidir leis an dream deireannach seo, cinneadh gur riachtanach tréimhse dhá bhliadhain de tréineáil do thabhairt dóibh. ar bun cúrsaí samhraidh do muinteóir chun a thuilleadh do tabhairt nó chun eólas do thabhairt dóibh ar mhodhanna nuadha teagaise.
Faoi dheireadh sheisiúin a 1935-36, bhí breis agus seacht gcéad go leith múinteóir lán-aimsire ag teasgase ins na Scoltacha Gairm-Oideachais. San áireach sin, tá breis agus 160, i mbun geilleagar tíoghbhais, breis agus 150, i mbun adhbhar tráchtála, breis agus 140 i mbun láimh-theagaise, breis agus 130, i mbun adhbhar geinearalta, agus breis agus 80, i mbun innealltóireachta. Tá breis agus 35 múinteóir ar fagháil anois le h-aghaidh eólaidheacht tuaithe, agus tá ullmhughadh dá dhéanamh sa chaoí a mbéidh a tuilleadh ar fagháil gan mhoill.
O thárla an garm-oideachas ag leathadughadh mar bhí sé, bhí a thuilleadh scoltach ag teastáil, agus, le n-a linn sin, thaisbeán urraí áiteamhla na rátaí gur mhaith leo aca scéimeanna nuadh le h-aghaidh ceard-oideachais. San am atá i láthair, níl condae sa tSaorstát nach bhfuil scoil nuadh gairm-oideachais ann; tá cúig scoil, agus ó sin go dtí deich gcinn, i gcuid de na condaethe, agus furmhór a geostais curtha ar fagháil ag urrai áiteamhla na rátaí. Dá sheomra nó tri sheomra atá i scoltacha na fíor-tuaithe, agus ó cheithre sheomra go dtí sé sheomra i scoltacha na mbailte móra.
Ins na condae-bhuirgí, rinneadh athruighthe is mó agus is truime toradh ná mar rinneadh ins na ceanntair tuaithe. Rinneadh méadughadh maith ar scoil Phort Láirge. Cuireadh go mór leis an cheard-scoil do bhí i Luimneach cheana, agus, le n-a chois sin, tá pleananna dhá n-ullmhú chun teach scoile conganta le h-aghaidh cailín do thógáil sa cheann eile de'n chathair. An scoil nuadh tráchtála agus eólaidheacht tíoghdhais atá beagnach déanta i gCorcaigh, cosnóchaidh sí fá tuairim £75,000 agus tá pleanna dhá n-ullmhú chun cur leis an gceard-scoil atá ann fé láthair agus chun teach scoile conganta le h-aghaidh cailín do thógáil sa taoibh thuaidh de'n chathair. Maidir le Baile Atha Cliath, cuireadh le Scoil Shráid Bholton, le Scoil Dhroicead na Bothra, agus le Scoil Ráth Maonais: táthar tar éis scoil nuadh d'fhoscladh i Muiríne; agus tá glactha le tairgsint chun lán scoil eólaidheacht tíoghdhais agus obair ban do thógáil, ar chostas breise agus £100,000. Le n-a chois sin go léir, tá tuarascbháil idir-thráth atá an-tabhachtach déanta ag Coiste "Bord" Cúrsaí na gCeard-scoil i mBaile Átha Cliath. An Coiste Gairm-Oideachais d'iarr an tuarascbháil sin do dhéanamh, agus is é rud atá molta innte scéim chruinn dheimhin do chur i bhfeidhm chun gairm-oideachas do chur chun cinn sa chathair. Mhol lucht na tuarascbhála go gcuirfidhe ar bun cúig lár-scoil speisialtactha:—(1) an coláiste ceardeólaidheachta, (2) an árd-scoil tráchtála, (3) an scoil ceard agus oibridheacht, (4) an scoil eólaidheacht tíoghbhais, (5) an scoil cheóil.
Maidir leis na scoltacha speisialtachta seo, tá trácht sa tuarascbháil ar "nidh amháin a bhéas sár-riachtanach chun iomlán a dtairbhe do chur ar fagháil" agus is é an nidh é "go gcaithfidh siad bheith i lárchímpal na cathrach agus i bpríomh-shráideanna a bhfuil slighe chomhgarac idir iad agus gach mór-cheanntar árus comhnaidhthe dá bhfuil sa Bhuirg-Achar." Tá sé molta, freisin, ag lucht na tuaraschbhála go soláthróchar dhá cheanntar-scoil— ceann aca do'n taoibh thiar-dheas mar aon le Croimghlinn agus Cill Maighneann, agus an ceann eile sa taoibh thiar-thuaidh le h-aghaidh na Cabraighe, Ghlas Naoidhean agus Dhroim Chonnrach.
Ó thús an chéad seisiúin go dtí deireadh an cúigeadh seisiúin de fheidhmiú Acht Gairm-Oideachais a 1930, togadh sé cinn agus dá fhichid de scoltacha nua, rinneadh méadú maith ar scoil agus fiche dá raibh ann cheana, agus tá ocht gcinn agus dá fhichid de scoltacha nua dhá ndéanamh fá láthair. Na daoine atá ina n-urraí áitiúla rátaí —agus in a mbaill de na Coistí Gairm-Oideachais, san am chéadna—bhain siad úsáid mhaith mhór as an geumas do tugadh dóibh chun an ráta áitiúil d'árdú le cuspóirí an Acht Gairm-Oideachais do chur i gcrích. Do h-árduigheadh an ráta i ngach uile cheanntar, agus, sa mhór-cuid de na ceanntair, tá sé chó h-árd agus mheastar a bheith oireamhnach.
Toradh an-mhór de'n Acht nua is eadh an iarraidh bhuan atá ar chúrsaí -aimsire lae, agus tá an iarraidh sin ag dul i méid. Tá an feabhas sin le h-aithbeachtáil go h-an-soiléir ar na figiúracha: san am atá i láthair, tá 14,500 mac-léighinn ag freastal ranga lae i scoltacha gairm-oideachais, agus tá 12,500 aca sin ag freastal cúrsaí lán-aimsire lae; ach san am ar ritheadh an t-Acht, ní raibh ach 2,500. Rud eile, i mblian a 1930-31, an seisiún deireannach de'n tsean-scéim, ní raibh ach suas le 47,000 de líon iomlán mac-léighinn ag freastal ranga na gceard-scoil aitheanta, nó ag fagháil teagaisc faoi scéimeanna condae. Ach i seisiún a 1935-36, bhí 63,452 de líon iomlán ann, agus bhí 14,500 aca sin ag freastal ranga lae.
I dtuarascbhála na bpríomh-oifigeach feidhmiucháin agus na n-árd-mhaighistir, tá sé ráidhte aca go mbíonn lucht gnótha agus lucht monarcha ag iarraidh mac-léighinn do fuair tréineáil ins na scoltacha seo agus go bhfuil an iarraidh sin ag fás. I n-aon bhaile mór amháin, fuair 100 mac-léighinn obair, i seisiún a 1935-36. Le n-a chois sin tá cunntas sa tuarascbháil ar chúrsaí speisialta d'iarr comhluchta gnotha do chur ar fáil dá gcuid oibhridhe. Muinntir Guinness, Son agus Co. cuir i gcás, tá sé socair aca go gcaithfidh tréineáil ins na ranga ceard-oideachais lae i mBaile Atha Cliath do bheith faighte roimh ré ag na printisigh a bhéas i gceard-teach na beasaireachta aca. Cearcallán do chuir Bord Soláthair an Leictreachais amach le goirid, tá sé ráidhte ann go gcaithfidh cúrsa dhá bhlian de thréineáil oireamhnach i ranga lae le h-aghaidh séisear, i gceard-scoil, do bheith faighte ag buachaillí ar bith a nglacfaidh an Bord leó mar phrintisigh i mbrainnse na leictreachóir. Mar aon le sin, tá buan-obair dhá geallamhain do bhuachaillí a gheobhas an t-ard-theastas ar innealltóireacht leictreachais ag deireadh na cúigeadh bliana. Maidir le tréineáil oibridhe monarcha, an áit ina mbíthear ag brath tionnscal nua do chur ar bun, is gnáthach a fhios sin do bheith ag muinntir na h-áite roimh ré, agus má bhíonn an díbhfeirge cheart i bPríomh-Oifigeach na Ceard-Scoile, is féidir leis, de gnátha, dul chun cainnte le lucht ceannais an tionnscail agus réidhtheach do dhéanamh sa chaoi a mbéidh tréineáil oireamhnach le fáil sa cheard-scoil.
Is breagh an rud a fheiceáil go bhfuil a lán ranga dhá geur ar bun ins na ceanntair tuaithe le h-aghaidh teagaise a bhaineas le Sníomh agus dathughadh Olna sa bhaile. Bhí ranga mar iad sin ann i n-áiteacha i gCondae an Chláir, i gCondae na Gaillimhe, i gCondae Liathdroma, agus i gCondae Ros Comáin. Bhí iarraidh mhaith ar an gcinéal seo teagaisc i gCondae an Chláir, agus ins an áit sin múineadh neithe a bhaineas le cárdáil na h-olna, agus le n-a sníomh, agus le n-a dathughadh.
Áit ar bith ina gcuirfear scoil tuaithe ar bun, ní féidir an éifeacht cheart do bhaint aiste gan na neithe seo leanas:— (1) Teach scoile do bheadh oireamhnach maidir le fairsingeach áite, uirlise agus troscáin; (2) giota talmhan do bhéadh réasúnta mór, agus é do bheith i n-aice na scoile, sa chaoi i n-ar bhféidir eólas so fheicsionach do tabhairt do na scoláirí, ar a mbaineann le fás na mbarra, na dtortha agus na nglasraí; (3) múinteóir a mbéadh gach cáilidheacht aige da bhfuil riachtanach le h-aghaidh eólaidheacht tuaithe.
Scoltacha agus giotaí talmhan mar sin, tá siad ar fagháil fá láthair nó béidh siad ar fagháil roimh deireadh an tseisiuin atá anois ann—i ngach aon chondae aca seo:—Ceatharlach, an Cabhán, an Clár, Corcaigh, Tír Chonaill, Gaillimh, Ciarraighe, Luimneach, Lughmhaigh, an Mhidhe, Muineachán, Ros Comáin agus Tiobrad Arann. San am chéadna, beidh an cúrsa críocnuighthe ag an fhuirinn speisialta do Mhúinteóirí eólaidheacht tuaithe atá ar tréineáil fá láthair, agus beidh siad fá réir la h-aghaidh na scéimeanna teagasc do chur i bhfeidhm. Rinneadh obair an-tabhachtach sa bheagán scol in a raibh eólaidheacht tuaithe dá teagasc i seisiuin a 1935-36. I ngach aon áit aca sin, cuireadh gach cineál de bharra gráin, de thortha agus de ghlasraí, agus d'eirigh go sár-mhaith leis an obair sin go léir. Ina theannta sin, tógadh tighthe gloine chum tomátaí do thógáil ionnta. Mar an gcéadna, rinneadh coirceóga beach do solathar, agus, ar an gcaoi sin, bfhéidir do na múinteóirí eolas ar bheachaireacht do thabhairt uatha.
Ins na condae-bhuirgí, leanadh do'n chleachtadh do bhí ann cheana maidir leis na mic-léighinn do tabhairt ag breathnughadh na dtighthe gnótha agus na dtighthe tionnscail atá ina gceanntair féin. Ait ar bith a dtéidhthear ghá breathnughadh mar sin, is gnáthach le duine éigin de chinn urraidh na h-áite labhairt leis na mic-léighinn agus míniughadh do thabhairt dóibh ar chóras oibre cibé gnó no tionnscail atá ann. Ar an gcaoi sin cuirtear ar a súile go soiléir do na mic-léighinn cad é an baint atá idir a n-obair féin sa scoil gairm-Oideachais agus obair na dtionnscal agus na ngnótha a bhfuiltear ghá n-ullmhughadh le n-a aghaidh. Ba léir, freisin, gur éirigh a thuilleadh suime ina gcuid oibre ag na mic-léighinn de thoradh na gcuairt seo; agus ní h-é sin amháin, ach gur éirigh a thuilleadh bróid aca as tráchtáil agus tionnscalacht a dtíre féin.
Maidir le staid na Gaedhilge ins na scoltacha gairm-oideachais, is athas liom a rádh go bhfuil an uimhir múinteoir atá lán-cháilighthe le Gaedhilg a theagasc ins na scoltacha gairm-oideachais ag dul i líonmhaire ó ló go ló. Tá na cigirí go léir ar aon aigne go bhfuil staid na Gaedhilge mar ádhbhar léighinn an-tsásamhail ins na scoltacha gairm-oideachais. Tá scéimeanna maithe oibre dhá n-ullmhú. Ina dhiaidh sin is uile, is lag é staid na Gaedhilge i gcuid de na scéimeanna fós féin. Ar thaobh amháin sé neamhshuim chuid de na príomh-Oifigigh Feidhme is cionn-tsiocair leis, agus, ar an taobh eile, sé faillighe na múinteoir seo a bhfuil a ceárd-teastas aca cuidiú leis an múinteoir triollúsach Gaedhilge, atá ag cur cúl leis an obair.
Ceist achrannach is eadh fós féin múineadh na Gaedhilge do dhaoine fásta i ranganna trathnóna faoi scéim an ghairm-oideachais. Tá sé ag dul i léire in aghaidh an lae nach é amháin nach mór don mhúinteoir a bheith cáilighthe leis an nGaedhilg a theagasc, ach nach fuláir dó ina theanta sin, é bheith ar a chumas drámaigheacht agus amhránaidheacht a chur ar siubhal más mian leis rang Gaedhilge a fhághail agus é choinneál. I gCondaethe Chorcaighe, Roscomáin, Loch Garman agus sa Trian Thuaidh de Chondae Thiobrad Árann, déantar freastal maith ar ranganna Gaedhilge i ngeall ar an nídh sin. De bhárr feabhais an eagair a bhí ar ranganna den tsaghas seo fá Choisde Gairm-Oideachais Chondae Chorcaighe i rith an tseisiúin míle naoi gcéad cúig triochad-sé triochad cuireadh os cionn aon chéad déag duine fá'n scrúdú a cheap an Coiste, i ndeire an tseisiúin sin.
Táthar ag cur leis na cúrsaí lae agus trathnóna thrid an nGaedhilg amháin ins na ceanntair Ghaedhealacha. I rith an tseisiúin atá i gceist againn, cuireadh cúrsaí lán-aimsire lae agus trathnóna den tsaghas seo ar fáil i gceanntracha mar an Cheathramha Ruadh, Rosmuck, Gaillimh, An Áird Mhór agus Carraig an Chobaltaigh. Tugadh deontas speisialta do Choiste Gairm-Oideachais Chondae Chorcaighe le cuidiú leo le scoil gairm-oideachais a thógáil agus a ghléasadh i mBéal Atha an Ghaorthaidh ina ndéanfar an teagasc go h-iomlán tríd an nGaedhilg. Ins na h-ádhbhair i gcoitchinne gan trácht ar an nGaedhilg, is áthas liom a rádh go ndearnadh dul 'un cinn an-tsásamhail do réir tuairiscí na gCigire.
Chuir an Coimisiún a bunuigheadh sa mbliain míle, naoi gcéad ceathair triochad le fiosrúchán a dhéanamh ar Chórus na Scol Ceartúcháin agus na Scol Saothair críoch ar a saothair i Mí Lughnasa seo caithte. Rinne an Coimisiún a fhiosrúchán go cruinn beacht agus chuir tuairisc ar fáil gur chóir go mba mhór an cuidiú é ag pléidhe leis na ceisteanna tábhachtacha Sóisialacha ar a ndearnadar scrúdú. Tá na moltaí a rinne an Choimisiún dhá meas ag an Roinn i láthair na h-uaire. Is mian liom, amhthach, leas a bhaint as an ócáid seo le mo bhuidheachas ó chroidhe a chur in iúl do bhaill an Choimisiúin as uacht a ndearnadar ar mhaithe leis an bpobal agus as ucht ar chaith siad dá gcuid ama agus ar chuir siad de thrioblóid ortha féin leis an bhfiosrúchán.
Ba mhaith liom cur síos ar cúpla poinnt eile acht is dó liom go ndearn me tagairt do na nidhthe is tabhachtaighe a bhaineas le hoideachas. Má tá a thuille eolais a dhith air Teachtaí, is féidir leo ceisteanna do chur orm.