Tairigim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £2,249,364 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1938, chun Costaisí Bun-Oideachais, maraon le hAois-liúntaisí Múinteoirí Scoile Náisiúnta agus Deontas-i-gCabhair, etc.