Sa mbliadhain 1937-38 ceapadh £11,000 ins na Meastacháin i gcóir an Vóta seo. Rinne na clódóirí níos mó oibre ná bhí súil leis agus b'éigean breis airgid a chaitheamh thar mar bhí ceaptha. Meastar, dá bhrí sin, go mbeidh £8,500 ag teastáil le n-íoc as clódóireacht agus ceangail leabhar a déanfar roimh an 31adh lá de Márta seo chugainn. Beidh £3,000 le n-íoc le h-ughdair leabhar agus le h-aistrightheoirí freisin, roimh deire na ráithe seo.
Dá réir sin ní mór socrú dhéanamh i gcóir £22,500 de chaitheachas ar fad. Spáráileadh £2,000 ar choda eile den Vóta agus níltear ag iarraidh ar an Dáil anois ach £9,500 a sholáthar.
De'n £22,500 (caithmeachas iomlán) is chun clódóireachta, páipéir, ceangail, etc. £18,000. Iad so leanas roinnt de na fáthanna atá leis an mbreis mhór:—
(a) Beidh íocaíochta le h-aghaidh cúig ráithe (1 Eanair, 1937 go dtí 31 Márta, 1938) le déanamh taobh istigh de'n bhliain airgeadais 1/4/'37-31/3/'38. An t-atharú ó Dheóntas Cabhrach go dtí gnáth-fhó-cheann de'n Vóta fé ndear é seo.
(b) Tugadh roimh-dheontaisí suas le £5,000 do na chlódóirí le h-aghaidh leabhra ná raibh críochnuighthe taobh istigh de'n bhliain airgeadais. Nós nua é seo.
(c) Bhí £300 "royalties" de bhreis le díol le h-ughdair is le cumadóra toisc breis leabhar is ceol bheith ar díol.
(d) Méaduigheadh líon na leabhar is píosaí ceoil atá ar n-a bhfoillsiú. Foillsigheadh 67 leabhar agus 25 píosaí ceoil i 1936/37. Táthar ag súil le 78 leabhair agus 60 píosaí ceoil chur ar an margadh i 1937/38.
I gcomhair íocaíochtaí le h-ughdair, aistrightheoirí, cumadóirí, táille choipchirt, taillí léightheoirí láimh-scríbhinní, £3,500 de'n fhuighleach; agus cosnóchaid eagarthóireacht na lss. san R.I.A. etc. timcheall £1,000 san bhliain. Fághaltas ó na leabhra do díoladh 1/7/36 go dtí 30/6/37, £1,701. Sin an cuntas deiridh atá le fághail.