Tairgim:
"Go dtoghtar an Teachta Proinnsias O Fathaigh chun bheith 'na Cheann Chomhairle agus go dtéigh sé i gceannas na Dála anois."
Tá sé níos mó ná sé bliana anois ó toghadh Proinnsias O Fathaigh mar Cheann Chomhairle den chéad uair. Cúig bliana ó shoin, do toghadh arís é agus toghadh arís é anuraidh. I rith an ama ina raibh sé sa chathaoir, thug sé cothrom na Féinne agus sásamh do gach Teachta agus do gach dream. Táim cinnte go mbeidh an Dáil sásta é do thogha arís agus táim cinnte go gcólíonfa sé a dhualgaisí chó maith san am atá romhainn agus do chólíon sé iad san am atá caithte. Dá bhrí sin, tá áthas orm an tairisgint seo do chur os cóir na Dála.