Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 22 Mar 1939

Vol. 74 No. 17

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leabhra Ghaedhilge.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais (a) cadé an méid airgid do fuarthas anuraidh as díol leabhra Gaedhilge, (b) cadé an méid taistealaí agus gluaisteán atá ag Oifig na bhFoillseachán Rialtais chun na leabhra san do thabhairt go dtí na scoileanna agus go dtí siopadóirí, (c) cadé an méid leabhra go bhfuil costas a gclóbhuailte glanta acu go nuige seo, agus (d) cadé an tréimhse, de ghnáth, a bhíonn idir gach dhá chló a cuirtear ar leabhar, má deintear san.

(a) Fuarathas £2,725 4s. 4d. as díol leabhra Gaedhilge sa mblian airgeadais 1937-38. (b) Níl aon taistealaí agus níl aon ghluaisteán ag Oifig na bhFoillseachán Riaghaltais chun na leabhra do thabhairt go dtí na scoileanna agus go dtí siopadóiri. (c) De na leabhra atá foillsithe ar choinghill go n-aisíocfar a gcostas as toradh a ndíolta, tá an costas sin glanta i gcás seacht leabhar déag, agus tá na leabhra sin tugtha thar n-ais do na h-ughdair. (d) Tugtar órdú do na connradhthóirí i gcomhnuidhe cló nuadh do chur ar leabhar sar a mbí an cur-amach ídighthe.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais cé shocruíonn na praghsanna ar a ndíoltar leabhra Gaedhilge agus cadé an foras ar a socruítear iad.

'Se an Roinn Oideachais, le cead na Roinne Airgeadais, a shocruíonn na praghsanna ar a ndíoltar leabhra Gaedhilge. I gcás gnáth-leabhar bun-cheaptha atá ar fad i seilbh na Roinne Oideachais, is do réir toirt an leabhair a bunuightear an praghas. I gcás téacs-leabhar scoile agus leabhar eile a rachas thar n-ais seilbh an ughdair nó an aistrightheóra ar bheith glanta do chostas a bhfoill sithe, is ar costas a bhfoillsithe sin a bunuightear an praghas. Bíonn corr eisceacht d'on nós so i gcás leabhra a mbeadh an luach a bheadh bunuithe ar chostas a bhfoillsithe ró-árd. I gcás gnáth-aistriuchán, cuirtear 2/- de praghas ar an leagan Gaedhilge. Uaireannta, ámh, cuirtear praghas níos aoirde ná sin ar aistriúcháin a mbíonn an-mhéid ionnta.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais (a) cadiad na rátaí íocaíochta agus (b) cadiad na scálaí cánach údair atá i bhfeidhm fé láthair (1939) do ghnáth-leabhra léightheoireachta Gaedhilge agus (a) cadiad na rátaí íocaíochta agus (b) na scálaí cánach údair do bhí i bhfeidhm sa bhliain 1931-1932.

I gcás leabhar bun-cheaptha léightheórachta siad na rátaí iocuíochta chéadna atá i bhfeidhm anois (1939) agus a bhí i 1931-32, sé sin ó £1 go dtí £1 10/- gach 1,000 focail. I gcás aistriúcháin, íoctar anois ó 15/- go dtí £20/- an 1,000 focail san bhun-leabhar, ach i gcás aistriúchán go bhfuil deacrachta speisialta ag baint le n-a n-aistriú íoctar níos mó ná £1 gach 1,000 focail. £1 an 1,000 focail an ráta a bhí i bhfeidhm i gcomhair aistriúcháin i 1931-32.

Cuirfidh mé chuig an Teachta eolas i dtaobh na scálaí cánach údair atá i bhfeidhm anois agus na scálaí a bhí i bhfeidhm i 1931-32, agus cuirfear an fhaisnéis sin isteach ins na Tuairiscibh Oifigiúla.

SCÁLAI CÁNACH UDAIR A BHÍ I BHFEIDHM I 1931/32.

Luach díolta fé bhun

6d.

Cáin Ughdair

½d.

an chóip dár díoladh.

Luach díolta

6d.

,,,,

1d.

,,,,,,,,

,,,,

9d.

,,,,

1½d.

,,,,,,,,

,,,,

1/-

,,,,

2d.

,,,,,,,,

,,,,

1/6

,,,,

,,,,,,,,

,,,,

1/9

,,,,

6d.

,,,,,,,,

,,,,

2/-

,,,,

8d.

,,,,,,,,

,,,, os cionn

2/-

,,,,

33?%

de luachandíolta.

SCÁLAÍ CÁNACH UDAIR ATÁ I BHFEIDHM I 1939.

Go dtí2,000 cóip

10%

de'n luach díolta.

Ó 2,000—5,000 cóip

15%

,,,,,,

Thar 5,000 cóip

20%

,,,,,,

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais cadé an méid gnáth-leabhar léightheoireachta (bun-leabhra agus leabhra aistrithe) tugadh don Ghúm sa bhliain 1931-32 agus cadé an méid (bun-leabhra agus leabhra aistrithe) tugadh dó sa bhliain 1938-1939.

Sa bhlian 1931-32 glacadh le 32 bun-leabhra agus le 68 aistriúcháin.

Sa bhlian 1938-39 glacadh le 28 bun-leabhra agus le 19 aistriúcháin.

Barr
Roinn