Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 7 Mar 1940

Vol. 79 No. 3

Written Answers. - Scoláireachtaí do Mheadhon-Scoileannaibh.

D'fhiafruigh

Eamon O Ciosáin

den Aire Oideachais (a) cé mhéid scoláirí ó bhun-scoileannaibh a chuaidh fén scrúdú le haghaidh scoláireachtaí do mheadhon-scoileannaibh (gan scoláireachtaí na gComhairlí gConndae a chur san áireamh) sa bhliain 1938-39; (b) cé mhéid fén gcéad díobh a fuair scoláireachtaí, agus (c) cé mhéid fén gcéad díobh gur eirigh leo sa scrúdú ach ná fuair scoláireachtaí.

In éaghmuis an scrúdúcháin i gcomhair Scoláireachtaí Meadhon-Scoile a bhronann Comhairlí Condae, b'é an t-aon scrúdúchán amháin i gcómhair Scoláireachtaí Meadhon-Scoile a tionóladh fé scéim na Roinne, sa scoil-bhliain 1938-39, ná an scrúdúchán le h-aghaidh iarrathóirí ó'n bhFíor-Ghaedhealtacht amháin Mar sin de, níor chuaidh aon scoláirí ó'n mBreac-Ghaedhealtacht ná ó'n nGalltacht fé'n scrúdúchán san.

(a) 415 scoláirí ó bhun-scoileanna a chuaidh fé'n scrúdúchán san.

(b) Gnóthuigh 8.2% dhíobh scoláireachtaí.

(c) 56.9% díobh a fuair pas sa scrúdúchán ach ná fuair scoláireachtai.

I dteannta an 415 scoláirí atá luaidhte thuas, chuaidh 13 scoláirí ó mheadhon-scoileanna fé'n scrúdúchán; d'éirigh le 12 díobh san; agus gnóthuigh 2 díobh scoláireachtaí.

D'fhiafruigh

Eamon O Ciosáin

den Aire Oideachtas (a) cé mhéid scoláirí ón bhFíor-Ghaoltacht a chuaidh fén scrúdú le haghaidh scoláireachtaí do mheadhon-scoileannaibh (gan scoláireachtaí na gComhairlí gConndae a chur san áireamh) sa bhliain 1938-39; (b) cé mhéid fén gcéad díobh a fuair scoláireachtaí; (c) cé mhéid fén gcéad díobh gur eirigh leo sa scrúdú ach ná fuair scoláireachtaí; (d) cé mhéid fén gcéad díobh a fuair 50% nó os a chionn sa Bhéarla, agus (c) cé mhéid fén gcéad díobh gur theip ortha sa Bhéarla.

(a) 428 scoláirí ar fad ó'n bhFíor-Ghaedhealtacht a chuaidh fé'n scrúdúchán.

(b) 8.4% díobh a fuair scoláireachtaí.

(c) 57.5% díobh gur éirigh leo sa scrúdúchán ach ná fuair scoláireachtaí.

(d) 43.2% díobh a fuair 50% nó ós a cionn sa Bhéarla.

(e) 8.2% díobh gur theip ortha sa Bhéarla.

Maidir leis an Bhéarla ní misde a luadh gur abhbhar neamh-riachtanach é san scrúdúchán san—200 marc an maximum a bhí ag gabháil leis. Páipéar scríobhtha (gan aon scrúdughadh béil) a bhí i scrúdughadh an Bhéarla. 30% an pas-mharc sa Bhéarla.

D'fhiafruigh

Eamon O Ciosáin

den Aire Oideachais (a) cé mhéid scoláirí ón mbreac-Ghaoltacht a chuaidh fén scrúdú le haghaidh scoláireachtaí do mheadhon-scoileannaibh (gan scoláireachtaí na gComhairlí gConndae a chur san áireamh) sa bhliain 1938-39; (b) cé mhéid fén gcéad díobh a fuair scoláireachtaí; (c) cé mhéid fén gcéad díobh gur eirigh leo sa scrúdú ach ná fuair scoláireachtaí; (d) cé mhéid fén gcéad díobh a fuair 50% no os a chionn sa Bhéarla, agus (e) cé mhéid fén gcéad díobh gur theip ortha sa Bhééarla.

Ní raibh cead ag aon iarrathoir ó'n mBreac-Ghaedhealtacht bheith istigh ar an scrúdúchán san.

D'fhiafruigh

Eamon O Ciosáin

den Aire Oideachais (a) cé mhéid scolairí ón nGalldacht a chuaidh fén scrúdú le haghaidh scoláireachtaí do mheadhonscoileannaibh (gan scoláireachtaí na gComhairlí gConndae a chur san áireamh) sa bhliain 1938-39; (b) cé mhéid fén gcéad díobh a fuair scoláireachtaí; (c) cé mhéid fén gcéad díobh gur eirigh leo sa scrúdú ach na fuair scoláireachtaí; (d) cé mhéid fén gcéad díobh gur eirigh leo sa Ghaoluinn, agus (e) cé mhéid fén gcéad díobh gur eirigh leo sa Bhéarla.

Ní raibh cead ag aon iarrathóir ó'n nGalltacht bheith istigh ar an scrúdúchán san.

Barr
Roinn