Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 Apr 1940

Vol. 79 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Imirce go Conndae na Midhe.

D'fhiafraí

Cormac Ua Breisleáin

den Aire Tailte an bhfuair sé aon iarrataisí ó theaghlaigh i nGaedhealtacht Thírchonaill atá leighte feidhm a bhaint as an scéim imirce go Conndae na Midhe agus an bhfuil an tAire fá choimne glacadh le hiarrathóirí as Tírchonaill ins an scéim imirce seo.

Fuarthas seacht n-iarratas déag faoi'n Scéim imirce ó thionóbtaí i nGaedhealtacht Thírchonaill. Tá Coimisiún na Talmhan tar éis ceithre cinn acu sin a mholadh le haghaidh imirce chómh luath is bhéas gabháltais feileamhnacha le fagháil dóibh i gConndaethe lár na hEireann. Déanfar na hiarrataisí eile a bhreithniú go luath.

Barr
Roinn