Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 Apr 1940

Vol. 79 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Uachtaránacht Choláiste Ollsgoile Bhaile Atha Cliath.

D'fhiafraí

den Aire Oideachais an dtug sé fá deara nach nglacfadh lucht stiúrtha Choláiste Ollsgoile Bhaile Atha Cliath le rún á rádh gur mhaith an rud é Gaedhilg a bheith ag Uachtarán na Choláiste sin, toisc a thábhachtaighe atá an posta i gcúrsaí oideachais na hEireann; agus an dtabharfaidh an Riaghaltas isteach Bille a dhéanfas an Ghaedhilg chomh riachtanach fá choinne na hUachtaránachta san agus atá si fá choinne fostaíochta fá na hUdaráis Aitiúla sa Ghaeltacht.

Thugas tuairisc d'á leithéid faoi ndeara ins na nuachachtáin le deidheannaighe. D'fhéachas isteach sa scéal ó shoin agus do h-innsigheadh dhom go h-oifigiúil go raibh an tuairisc mí-cheart agus gur mar seo do tharlaigh.

Moladh rún ins na téarmaí seo leanas "Eolas oilte ar an nGaedhilg d'áireamh ar cháilidheachtaibh riachtanais Uachtaráin an Choláisde Ollscoile, B'l'a Cliath." Do cinneadh an rún do bheith mío-órdúil do reir dlighe toisc é bheith bun-os-cionn le Reachtanna na h-Ollscoile agus nár mhór na Reachtanna do leasú sul a bhféadfaí an rún d'fheidhmiú. Ar choingheall nach mbéadh ann ach léiriú tuairimí an chruinnighthe, do cuireadh an rún ins na tearmaí céadna ó's a chomhair ach buadhadh air. Vótáil daréag i n-a choinne agus naonbhar i n-a fhábhar.

Tá súil agam go bhféachfa an Ollscoil agus Coláisdí na h-Ollscoile leis go ndéanfar pé leasú is gádh ar na Reachtanna.

Maidir le Bille do thabhairt os comhair na Dála le cáilidheacht riachtanach d'Uachtaráin na gColáisde do dheanamh dhe'n Ghaedhilg, do chuirfeadh a leithéid isteach ar an neamhspleadachas atá ag an Ollscoil agus ag na Coláisdí faoi lathair, rud nár chóir a dheanamh, ach amháin i gcás gan aon leigheas eile a bheith ar an sgéal.

Barr
Roinn