Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 May 1942

Vol. 86 No. 17

Committee on Finance. - Vote 45—Education.

Tairgim:—

Go ndeontar suim ná raghaidh thar £126,506 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1943, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.

That a sum not exceeding £126,506 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1943, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education.

‘Sé cúig milliúin, sé míle déag, dhá chéad seascad a hocht bpúint (£5,016,268) go beacht an méid airgid atáthar d'iarraidh i mbliadhna le haghaidh na n-ocht Bhóta atá faoi riarachán na Roinne Oideachais; agus, idir mheastacháin bhreise agus eile, bhí £4,988,571 ag teastáil le haghaidh 1941-42. Is iad seo leanas na prímhdhifridheachta riaracháin atá idir an da shuim:— Bhóta 45—Oifig Aire na Roinne Oideachais. Sa Bhóta seo atá £1,170 de laghdú glan, de bhrigh nár líonadh ionaid do thárla folamh sa bhfoirinn. Do leigeadh ar iasacht cuid den Fhoirinn le haghaidh Sheirbhísí na hEigeandála (Soláthair, Scrúdóireacht, etc.), agus, ina theannta sin, níor líonadh ach chomh beag agus b'fhéidir d'áiteanna folamha eile. Dar ndóigh, fágann sin a thuilleadh oibre le déanamh ag iarmhar na foirne, agus is áthas liom a rádh go bhfuil an bhreis oibre sin dhá dhéanamh go dílis dúthrachtach. Oifigigh atá ar iasacht uainn i Ranna eile, tá a dtuarastail dhá n-íoc as an Bhótha seo, agus bhéarfar faoi deara gur le n-a n-aghaidh sin £7,181 den tsuim atáthar d'iarraidh.

Bhóta 46—Bun-Oideachas. £3,808,837 figiúr na bliadhna seo, agus anuraidh do bhí £3,797,675 ag teastáil, rud is ionann agus méadú de £11,162. Den mhéadú sin atá £9,400 ag teastáil le haghaidh Phinsean na nOide—costas atá ag fás ó bhliadhain go bliadhain. An caithteachas seo bhaineas le Pinsin na nOide, do thugas faoi deara go bhfuil sé ag leanamhaint go han-ghar don chúrsa a ndearna an tAchtuaire a réimh-innsint i mbliadhain a 1930; agus, má chruthuigheann an chuid eile dá réimh-mheas bheith chomh beacht céadna, beidh £540,000 de chostas bliadhantamhail orainn i mbliadhain a 1969—is é sin £125,000 níos mó ná suim an chostais seo fá láthair.

Taobh istigh den fhó-mhírcheann le haghaidh thuarastal na n-oide atá £44,000 iarmhar na riaráisté tuarastail atá le fagháil ag tuairim 's 950 oide, mar gheall ar bhreith na hÁrd-Chuirte nár chóir árduighthe págha agus bónusanna do choinneáil uatha faoi Riaghail 77. Do mhínigh mé an scéal sin go hiomlán nuair do chuir mé Meastachán Breise i láthair na Dála i Mí na Samhna seo thart, agus ní riachtanach a thuilleadh ama do chaitheamh chun é do mhíniú an dara huair.

Sa bhfó-mhírcheann seo, freisin, tá soláthair dhá dhéanamh le haghaidh tuarastal oide liteardha sna scoileanna ceartucháin agus sna scoileanna saothair—costas ar cuireadh tús leis i Meastacháin Bhreise na bliadhna seo thart. Nidh nach iongnadh, níor bhféidir an tseirbhís nuadh seo do thabhairt chun críche gan deacrachta nuadha, acht atáthar ghá réidhteach sin chomh tapaidh agus is féidir, agus táimid ag súil gur gearr go mbídh an teagasc liteardha sna scoileanna seo ar an mbun cóir, agus go mbídh sé go léir faoi chúram múinteóirí cáilighthe ag a mbeidh tuarastal sáthach maith.

Ba mhaith liom focal fá leith do rádh i dtaobh na bhfigiúr atá i bhfó-mhírcheann C 6 den Mheastachán seo —na rudaí bhaineas le deontais chun Bun-Scoileanna do ghlanadh agus do théathadh. Do réir na bhfigiúr atá ar leathanach 202 de Imleabhar na Meastachán, ba dhóigh le duine gur hárduigheadh soláthar na seirbhíse seo ó £43,000 go dtí £45,000. Acht is amhlaidh do measadh £45,000 ar dtús le haghaidh 1941-42, agus do b'éigean an figiúr sin d'athrú sa Mheastachán Breise, ar an adhbhar nach dtáinig oiread éileamh ó na Bainisteóirí agus d'fhágfadh riachtanas leis an suim iomláin. Mar sin féin, táim ag iarraidh £45,000 i mbliadhna arís, óir táim ag súil go dtabharfar oiread aire go háiteamhail don tseirbhís thábhachtach seo agus go mbéidh £45,000, ar a laghad, ag teastáil. Mar is eól do na Teachtaí, tugann an Stát uaidh £1 ós comhair gach £1 dá soláthruighthear go háiteamhail. Níl san £45,000 ach meadhon-suim de £9 ós comhair gach scoile, agus measaim nach iomarcach bheith ag súil go bhfuighthí an oiread sin go háiteamhail uatha siúd ar mian leo na páistí do bheith go maith compórdach.

Bhóta 47—Meadhon-Oideachas. Tá líon dalta na Scol 'seo ag méadú go buan. Arbhú anuraidh bhí 38,713 díobh ann, agus bhí 39,501 díobh ann anuraidh. Téigheann an Meastachán i méid dá réir sin, dar ndóigh, agus tá £9,840 de mhéadú ann i mbliadhna.

Bhóta 48 — Ceard-Oideachas. Tá £6,115 de mhéadú glan ar an Bhóta seo. Maidir le hIonaid Tréineála don aos óg, tá £5,000 de dheontas dá thabhairt do Choiste Ghairm-Oideachais Chathair Bhaile Atha Cliath, agus tá £2,600 dá sholathar do chongnamh chun Cuid V den Acht Gairm-Oideachais do chur i bhfeidhm i gCathair Luimnigh.

Bhóta 49 — Eólaidheacht agus Ealadha. Príomh-athrú an Mheastacháin seo, is é rud atá ann méadú ó £4,750 go dtí £7,000 le haghaidh foillseachán Gaedhilge. Mar mhínigh mé don Dáil anuraidh, measann an Riaghaltas go bhfuil dhá dheagh-sheirbhís dhá gcoimhlíonadh sa gcás seo— congnamh do litridheacht Ghaedhilge, agus congnamh chun obair do sholáthar do lucht clódóireachta. An méid do cuireadh ar fagháil le haghaidh 1941-42, cuireadh leis airgead do sábháileadh ar shlighte eile, agus is é is adhbhar do mhéadú na bliadhna seo go bhfuiltear ag brath gnó na bhfoillseachán do choinneáil ar obair chomh maith agus is féidir sin do dhéanamh san éigeandáil atá ann fá láthair.

Bhóta 50—Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair. Tá Meastachán an Bhóta seo dá árdú ó £119,490 go dtí £120,852, mar gheall ar an mbreis-líon de pháistí atáthar a chur chuig Scoileanna Saothair.

Bhóta 51—An Gailearaí Náisiúnta. Tá an soláthar le haghaidh na seirbhíse seo gan athrú ar bith ar bh'fhiú trácht air.

Bhóta 70 — An Institiúid Árd-Léighinn. Ní mór nach ionann na deóntais le haghaidh 1942-43 agus deóntais 1941-42.

Maidir leis an mBun-Oideachas, is dócha gur cuimhneach leis na Teachtaí mé do bheith ag trácht ar a phrímhriachtanais, nuair do thugas isteach an Meastachán anuraidh. Dubhairt mé gur bh'é an tOideachas seo ba chloch bhuinn do na seirbhísí oideachais go léir agus d'ainmnigh mé na prímhriachtanais bhaineas leis .1. Foirgnimh mhaithe, deagh-oidí, an clár agus na modhtha teagaisc do bheith oireamhnach, agus na daltaí bheith ag freastal na scol mar ba chóir.

I dtaobh na dtighthe scoile, is áthas liom bheith i ndon a innsint don Dáil nach raibh an scéal go holc. D'aimhdheóin an ghanntanais airgid, d'éirigh liom anuraidh beagnach £200,000 de dheóntais do chur ar fagháil le haghaidh tógála agus le haghaidh deisighthe foirgneamh scoile, agus, ina theannta sin, cuireadh ar fagháil £3,500 de dheóntais chun tighthe áirithe scoile do chur sa gcaoi ina bhféadfaí a n-úsáid nó go ndéantaí tighthe nuadha ina n-ionaid. Na mór-dheóntais sin atá luaidhte agam, is é ba chuspóir dóibh 22 de thighthe nuadha scoile do thógáil agus fairsingiú nó feabhas do dhéanamh ar 213 de thighthe scoile do bhí ann cheana.

Ar na deóntais do ceaduigheadh i rith na bliadhna bhí ceann le haghaidh tighe scoile do bhuachaillí i gCroimghlinn Thuaidh. Tá sé sin dhá dhéanamh fá lathair, agus beidh áit do 1,000 dalta ann. Sa gceanntar céadna tá teach scoile dhá dhéanamh le haghaidh cailín agus naoidheanán. Beidh na trí scoileanna sin ullamh chun úsáide faoi Bhealtáine, 1943. Maidir leis na nuadhcheanntair eile comhnaidhthe i gCathair Bhaile Átha Cliath, tá trí cinn de thighthe scoile beagnach ullamh i gceanntar Ellenfield agus Larkhill (Druim Connrach Uachtair), agus táthar ag súil go mbeidh siad ionúsáidighthe faoi Mheitheamh na bliadhna seo. Tá pleananna críochnuighthe chun tighthe nuadha scoile do dhéanamh i gCabrach Thiar. Do réir na bpleananna sin, beidh slighe do 600 dalta i Scoil na mBuachaill agus do 1,200 dalta i Scoileanna na gCailín agus na Naoidheanán. Is furasta na pleananna do leathnú, agus nuair críochnóchthar scéim na dtighthe comhnaidhthe don cheanntar, beidh slighe i Scoileanna na gCailíní agus na Naoidheanán do 2,600 dalta, agus beidh slighe do 1,200 i Scoil na mBuachaillí.

Ó bhí bliadhain a 1932 ann, caitheadh breis agus dhá mhilliún go leith púnt ar fhoirgnimh scoile. Taobh istigh den tréimhse sin do tógadh 374 de thighthe nuadha scoile, do rinneadh 162 d'fhairsingiú agus do cuireadh bail ar 2,216.

I rith na bliadhna seo caithte, do tógadh 45 de thighthe nuadha scoile, agus do fairsingigheadh nó do feabhsuigheadh 46. Ina theannta sin tá 49 de fhoirgnimh nuadh dhá dtógáil agus 43 dá bhfairsingniú nó dá bhfeabhsú fá láthair. Breis agus £200,000 costas na hoibre sin do chiste an Stáit.

Is fiú a chuimhniú go speisialta gur riarachán paráisteach is bun-eagar do chóras na Scol Náisiúnta. Réidhtigheann an t-eagar sin go maith leis an gcóras eaglaiseach. Achar beag bliadhanta ó shoin, do mhol easpog Catoiliceach i leitir an Charghais é, agus dubhairt gur bh'eagar é do bhí beagnach gan locht.

Ar an Stát atá sé de chúram tuarastal na n-oide d'íoc, agus, le n-a chois sin, tugann an Stát uaidh deóntais mhóra chun tighthe scoile do dhéanamh agus d'fhairsingiú agus chun iad do ghlanadh agus do théathadh. Ós a chomhair sin, is ar mhuinntir gach paráiste faoi leith atá an príomhchúram maidir leis an gcostas a bhaineas le tighthe scoile do dhéanamh no d'fheabhsú no do choinneail faoi dheagh-bhail ina bparáiste féin. Ní cúram gan sochar é, ámhthach; óir tugann sé caoi do dhaoine a chruthú tré ghníomhartha nach bhfuil siad gan an ghné is bunadhasaighe de ghrádh tíre—grádh dá gceanntar agus dá gcomhursain féin.

Innseann an stair dúinn gur mhór agus gur bhuan an tsuim do bhí ag muinntir na hÉireann i n-oideachas a gclainne—go fiú nuair nach raibh de árus scoile ann acht scáth claidhe no fáil agus nuair do b'ionann, do réir dlighidh, an máighistir scoile agus an méirleach. I n-aimsir ba déidheannaighe ná sin chuidigh na daoine chomh fial agus b'fhéidir leo chun gléas oideachais do chur ar fagháil dá gclainn. Ní misde dhúinn cuimhniú ar spiorad na ndaoine úd agus féacháil le n-a bhuanú. Leigeadh an spiorad sin i dtáimh i n-áiteanna, acht go geinearalta, tig liom a rádh go bhfuil sé beó go fóill. Is mór an t-adhbhar áthais agam bheith i ndon a innsint gurab eól domh suim an-mhór san oideachas agus i gcoimheád na bhfoirgneamh scoile do bheith ag a lán daoine, idir bhainisteóirí, múinteóirí, tuismightheóirí agus daltaí. Acht is brón liom a mhalairt sin de scéal do bheith le hinnsint agam faoi áiteanna eile thall agus i bhfus. Ins na háiteanna deireannacha sin, ní mó ná gur féidir a rádh go ndearnadh saothar ar bith dá laighead leis na tighthe scoile do choinneáil i gcaoi mhaith, ná le foirgnimh nuadh do chur ar fagháil i n-ionad tighthe do bhí ró-shean nó do bhí mí-oireamhnach ar bhealaigh eile. I gcorr-áit mar sin, tá a fhios agam gur leigeadh faillighe ar fad sna foirgnimh scoile. Cinn slinne agus dóirse agus fuinneóga agus ballaí do thárla briste, ní dearnadh deisiú dá laighead orra. Dá ndéantaí a leithéidí sin do chóiriú do réir mar do bheadh gádh leis, dar ndóigh ní bheadh riachtanas le mórán den deisiú costasach nach féidir gan bheith riachtanach tar éis tamaill fhada faillighe.

Ba chóir dúinn a choinneáil i síorchuimhne gur linn féin na scoileanna agus gur le haghaidh oideachais ár gcloinne do cuireadh ar bun iad. Gach duine dá bhfuil i bparáiste áirithe ar bith, bíodh páistí ar scoil aige féin nó ná bíodh, ba cheart dó a thuigsint gurab é a dhian-dualgas congnamh do réir acmhuinne do thabhairt uaidh le foirgnimh scoile an pharáiste do choinneáil faoi'n mbail ba cheart bheith orra. Na daoine a dtugtar áird faoi leith ina bparáiste féin orra, ba cheart dóibh a gcomhairle d'úsáid go dícheallach maidir le foirgnimh scoile do dhéanamh nó do choimhéad mar ba dual do chineadh do fuair clú mar gheall ar a ngrádh don léigheann.

Sa mbliadhain atá faoi bhreathnú anois againn, do tionóladh na gnáthdhála de Chigirí chun go measfaí saothar na mbun-scol ó thaobh na ndalta agus ó thaobh na modh teagaisc, agus, le n-a chois sin, chun caighdeán comhthrom d'úsáid maidir leis an gcigreacht féin. Ina theannta sin, do tionóladh comhdhála de na hÁrd-Chigirí agus de ionadaidhthe Chumainn na Múinteoirí Náisiúnta chun comhairle do ghlacadh i dtaobh neithe bhaineas leó araon. Go geinearalta, is féidir liom a rádh go deimhneach go bhfuil obair na muinteóirí dhá déanamh go maith dícheallach agus go bhfuiltear sásta le toradh na hoibre sin i gcoitcinne.

Teagasc na Gaedhilge agus teagasc adhbhar eile tré Ghaedhilge, is é rud is cuspóir dóibh an teanga Ghaedhilge d'aithbheódhchaint chomhiomlán agus is féidir sin do dhéanamh tré obair na scol. Tá na múinteóirí anois i ndon a gcion féin den obair do dhéanamh go maith, agus, ó bhí bliadhain a 1932 ann, tháinig feabhas mór ar an scéal. Do chuaidh cuid mhaith sean-mhúinteóir amach ar pinsion ó shoin, foillsigheadh na Nótaí do Mhúinteóirí, do cuireadh modhtha nuadha teagaisc i bhfeidhm, d'éirigh a thuilleadh muin-ghine ag na múinteóirí mar gheall ar thoradh a gcuid oibre, agus adeir na cigirí gurab iad na neithe sin is cúis leis an bhfeabhas. Ós a gcomhair sin atá neithe áirithe i gcoinnibh aithbheódhchana na Gaedhilge mar ghnáth-theangaidh agus is iad na neithe iad:—

(1) a lán múinteóirí do bheith ag dearcadh ar an nGaedhilg go fóill mar nach mbeadh innti ach gnáth-adhbhar léighinn;

(2) gan an Ghaedhilg bheith dá húsáid i ngnáth-chomhrádh idir múinteóirí agus daltaí ar feadh uaireann na scoile;

(3) gan an fairsingiú riachtanach do bheith dhá dhéanamh ar an teagasc ó Rang IV go dtí Rang VIII, agus

(4) easbhaidh cleachttha do bheith ag baint cumais comhráidh de mhúinteóirí do ghnóthuigh an Teastas Dá-Theangach achar bliadhanta ó shoin.

Ina lán scol ní teagascthar Áireamh go ró-mhaith agus is iad is príomhchúiseanna le sin:

(1) gan am sáthach fada do bheith dá chaitheamh leis an dteagasc féin, agus

(2) sean-téacs-leabhra do bheith dhá gcoinneáil i n-úsáid.

Maidir le Tír-eólaidheacht agus Ceól tá feabhas deimhin le tabhairt faoi deara mar gheall ar na modhtha nuadha teagaisc atá dhá gcur i bhfeidhm go geinearálta; acht, i dteagasc an Bhéarla, tá an iomad múinteóirí ró-thugtha do mhodhtha teagaisc do bhí i bhfeidhm nuair do bhíodar féin ar scoil.

I Scoileanna Naoidheanán, agus sna scoileanna móra ina bhfuil roinn fá leith le haghaidh naoidheanán, tá obair na Gaedhilge ag dul ar aghaidh go sásamhail; acht, nidh nach iongnadh, níl a chomh-mhaith sin de dhul ar aghaidh sna scoileanna ina mbíonn na naoidheanáin i n-éinfeacht le Ranga I agus II.

Go háirithe sna Ranga IV-VIII, caithfear a admháil go bhféadfaí fairsingiú agus foirbhiú níos mó do dhéanamh ar an teagasc tré Ghaedhilg sna scoileanna ina bhfuil na coingheallacha atá órduighthe ag an Roinn .i. eólas ceart liteardha agus labhartha do bheith ag an múinteóir agus eólas sáthach maith do bheith ag na daltaí.

Scrúdú Theastais na mBun-Scol, do tháinig sé i bhfeidhm ina scrúdú neamh-éigeantach i mbliadhain a 1929, acht i mbliadhain ar bith ó shoin, ní tháinig faoi scrúdú acht 25% de na daltaí do bhí in-iontrála. Gidh go ndearna mé iarracht, le hachar beag bliadhanta, féacháil an gcuirfí ar bun scrúdú neamh-éigeantach do mheallfadh chuige a thuilleadh dalta, níor éirigh liom congnamh d'fhagháil ó na múinteóirí i gcoitchinne. I scéim chomh-órdamhail oideachais, is léir go bhfuil gádh le Teastas Bun-Scoile den tsórt seo, agus is léir, freisin, nach mbeidh an meas cóir ar an Teastas mura dtugtar caoi do na daltaí go léir dul faoi'n scrúdú. Ní tugtar an chaoi sin dóibh fá lathair, agus, ar an adhbhar sin, ba riachtanach féacháil an bhfuighthí plean chun an scéal do leigheas. Tar éis lán-mhachtnamh do dhéanamh ar an gceist, is é mo mheas gur mithid bun-riaghail an scruduighthe d'athrú, agus atá scéim dá hullmhú dá réir sin chun scrúdú éigeantach a chur ar siubhal i gcóir gach dalta dá mbeidh i Rang VI, nó i Rang ar bith os a cionn sin, agus nach ndeachaidh faoi scrúdú cheana. Sa tslighe sin, táthar ag súil go dtabharfar do gach dalta an chaoi ba chóir dó d'fhagháil chun teastas do ghnóthú. Ní bheidh sa scrúdú acht trí príomh-adhbhair an scoil-chláir .i. Gaedhilg, Béarla agus Áireamh, agus déanfar an scrúdú san aon-lá ar fud na tíre. Táim ag súil go bhfuighthear comh-chongnamh ó na bainisteoirí agus ó na múinteóirí chun an scéim do thabhairt i n-éifeacht.

Ins na ceanntair ina raibh móin le fagháil go fairsing, do coinnigheadh compórdach go leór na tighthe scoile ar feadh na haimsire fuaire; acht ní raibh an scéal chomh maith sin sna scoileanna do bhí ag taobhadh le gual, óir ní hé amháin go raibh an gual gann, acht níor ró-mhaith an méid do bhí le fagháil féin.

Nuair do bhí Bille na bPáiste i gceist anuraidh, do thugas geallamhain áirithe uaim i dtaobh daoine atá cáilighthe mar mhúinteóirí náisiúnta agus atá ag teagasc i Scoileanna Saothair. Do réir na geallamhna úd, tá soláthar déanta chun tuarastail na múinteóirí seo d'árdú ionnas go bhfuighidh siad na tuarastail chéadna do bheadh ag dul dóibh agus iad ag teagasc i ngnáth-scoileanna náisiúnta. Is é rud atá socruighthe go bhfuighidh siad suim chinnte (do réir £6 sa mí d'fhir agus £5 sa mí do mhná) ó bhainisteóirí na scol ina bhfuil siad ag teagasc, agus go n-íocfaidh an Roinn an chuid eile den airgead.

Baineann an socrú leis an mbliadhain airgeadais darab deireadh an 31adh den Mhárta seo thart; acht b'andeacair eólas beacht d'fhagháil i dtaobh réimh-sheirbhíse na múinteóirí seo agus níor bhféidir lán-ullmhú do dhéanamh leis na tuarastail d'íoc ina n-iomláine roimh dheireadh na bliana airgeadais sin. Ar an adhbhar sin, do cinneadh ar roimh-íoc do thabhairt dóibh, do réir an tuarastail mhinimum i ngach cás, agus íocfar an t-iarmhar chomh luath agus deimhneóchthar cad is ionad cóir sa scala do gach múinteóir.

Atáthar ag brath na múinteóirí seo do thabhairt isteach faoi fhorálacha Scéime na bPinsion. Tá ullmhú ina chomhair sin dá dhéanamh fá láthair, agus táim ag súil leis an scéim fheabhsuighthe do chur i láthair na Dála dá cheadú, roimh dheireadh an tSeisiuin seo.

Maidir leis an Meadhon-Oideachas, tá líon na ndálta ag meáadú leis mar do bhí sna bliadhanta chuaidh thart. Sa tréimhse ó 1929-30 go dtí 1940-41, do mhéaduigh líon na ndalta aithnighthe ó 27,645 to dtí 38,713—rud is ionann agus buan-mhéadú de 1,000 dalta nó mar sin gach bliadhain. Tuairim 's 39,500 líon dalta na scoil-bhliadhna atá ann fá láthair.

Uimhir na Meadhon-Scol aithnighthe, do chuaidh sí i líonmhaireacht ó 294 go dtí 352 sa tréimhse chéadna úd. Is é rud do cuireadh a bhfurmhór sin ar bun i sráid-bhailte na tuaithe, áiteanna do bhí gan Meadhon-Scoileanna go dtí sin.

Is áthas liom bheith i ndon a innsint go dtáinig méadú maith, an bhliadhain seo thart, ar líon na ndalta sna Scoileanna Gaedhilge agus sna Scoileanna Dhá-Theangacha—ó 23,905 i mbliadhain a 1939-40 go dtí 24,750 i mbliadhain a 1940-41. Atá 11,194 díobh sin sna hA-Scoileanna .i. na scoileanna ina ndéantar an obair go leír tré Ghaedhilg, agus atá 13,556 sna B-Scoileanna, mar a ndéantar cuid mhaith den obair tríd an teangaidh chéadna.

Ag tracht ar na Meastacháin Oideachais dom anuraidh, do rinne mé tagairt don réidhteach tionnscnaimh do bhí déanta ionnas go mbeadh comhórdú idir an cúrsa le haghaidh Árd-Teastais na Roinne agus Scrúdú Máithreacháin na hIolscoile Náisiúnta. Tá an réidhteach sin críochnuighthe in gach slighe, beagnach, anois. Le haghaidh scrúdú na bliadhna seo do hórduigheadh na téacs-leabhra céadna sa dá chás, agus sa mór-chuid de chúrsaí na dteanga tá comh-shocrú déanta maidir le téacsaí do achar áirithe bliadhan san aimsir atá romhainn. De thoradh an chomh-órduighthe sin, glacfaidh an Iolscoil le pas i n-ádhbhar ar bith de Scrúdú an Árd-Teastais mar ionann agus pas san adhbhar céadna de Scrúdú an Mháithreacháin.

Beidh an comh-órdú ina chongnamh maith ag na Meadhon-Scoileanna maidir le heagrú na Rang Sinnsear, agus is maith le stiúrthóirí na Scol é do bheith déanta.

Ina thaobh seo, ba mhaith liom mo bhuidheachas do chur i n-iul do lucht stiúrtha na hIolscoile agus do na hOllamhain mar gheall ar a gcomhchongnamh in ath-chóiriú agus in aontú na gCúrsaí.

Maidir le Teastas-Scrúdúcháin na Laidne agus na Gréigise, b'é an gnás go dtí seo páipéir speisialta scrúdúcháin i gCumadóireacht Bhéarsa do bheith ann. Marcanna do gheibhthí ar na páipéir seo (go dtí 60 de mhaximum), do cuirtí iad i dteannta na marc do gheibhthí ar na gnáth-pháipéir Laidne agus Gréigise—acht gan dul ós cionn an mhaximum don adbhar féin. Táthar tar éis stad den ghnás sin, óir do measadh nach raibh tréineáil fhíor-oideachasamhail ar bith san obair —nach ndearna sí méadú ar bith dob fhiú ar Laidin ná ar Ghréigis na ndaltaí, agus nach ndearna sé feabhas ar bith dob' fhiú ar a gcéill d'fhilidheacht na dteangan sin. Is é rud do measadh go mba bhuntáistighe do na daltaí staidéar ní ba bheaichte do dhéanamh ar na teangacha féin ná bheith ag caitheamh ama i gceann Chumadóireacht Bhéarsa.

Fao'n riaghail do bhí i bhfeidhm go dtí seo, do bhíodh marcanna breise le fagháil ag iarrthóirí d'úsáideadh Gaedhilg i n-ionad Béarla ina gcuid freagraí i n-adhbhair eile taobh amuigh de Ghaedhilg, de Bhéarla agus de Línidheacht. I gcás Matamataice agus i gcás Bheó-Theanga na Mór-Roinne, d'fhéadtaí oiread agus 5% de bónus-mharcanna do ghnóthú; i gcás na n-adhbhar eile d'fhéadtaí oiread agus 10% do ghnóthú. B'é ba chuspóir don bhónus sin an Ghaedhilg do chur dhá húsáid, agus aiseag do dhéanamh i marcanna do caillfí b'fhéidir mar gheall ar a dheacracht agus do bheadh sé í d'úsáid i gcuid den scrúdúchán.

Do cuireadh ina aghaidh sin. Dubhrathas gurbh fhéidir iomlán na marc do bheith ós cionn an mhaximum do bhí órduighthe don adhbhar, agus ní hé amháin sin acht gur dheimhin go rabh breis iomarcach mar sin dhá fagháil. Tar éis machtnamh do dhéanamh ar an scéal, do chinn mé ar an riaghail do choimeád acht i d'athrú mar leanas:—iomlán na mbónus-mharc do thabhairt do iarrthóirí do gheobhadh 75%, nó faoi n-a bhun sin, de mharcanna i n-adhbhar ar bith faoi leith; agus, i gcás ina bhfuighthí ós cionn 75%, na bónusmharcanna do laghdú do réir a chéile ionnus nach mbeadh bonus ar bith le fagháil ag an té do ghnóthóchadh 100%.

Tairgim go dtabharfar tuairisc ar ar deineadh.

Progress reported; Committee to sit again.
Barr
Roinn