Tairgim:—
Go ndeontar suim breise ná raghaidh thar £10 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1943, chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Foraoiseachta (9 agus 10 Geo. 5, c. 58; agus Uimh. 34 de 1928), ar a n-áirmhítear Deontaisí áirithe i gCabhair.
Tá an Meastachán Breise seo dhá thabhairt isteach ionnas go bhfuighfear údarás na Dála do chaitheamh airgid phuiblí maidir le gné den fhoraoiseacht nach bhfuil áirmhithe faoi cheann ar bith d'fhó-mhírchinn Vóta na Foraoiseachta. Isé an ní é sin, obair thaighdeacháin a bhaineas le mion-phiasta agus fungi dhéanas dochar do chrainn agus do phlanntaí crann i gcoillte agus i bhforaoiseacha ar fud na tíre.
Tuigtear go coitianta go mbíonn mion-phiasta áirithe foraoise i mórán de choillte na hÉireann. Is de ghnáthobair lucht foraoise na mion-phiasta sin do mharbhadh no na crainn do shábháil ortha ar bhealaigh eile. Is goirid o shoin o cuireadh in úil don phobal go raibh mórán de chineálacha eile mionphiast i gcoillte na tíre. Ba mhaith an rud é dá ndéanfaí mion-scrúdú ar na foraoiseacha uilig, idir na foraoiseacha atá faoi'n Stát agus an chuid atá 1 seilbh phríobháideach, le fios d'fháil an bhfuil oiread de na mion-phiasta no fungi sin ann agus do dhéanfadh dochar go cinnte do choillte na tíre seo. Socrófar annsin na neithe is riachtanach do dhéanamh chun cose do chur ar na mion-phiasta no na fungi sin.
Is faoi choimirce Institiúid Árd-Léighinn is fearr a thig obair thaighdeacháin den chineál seo do chur chun cinn. Táthar ag brath an scrúdú seo do chur ar bun faoi threoir Roinn na Talmhaidheachta de Choláiste na hIolscoile i mBaile Átha Cliath, agus fágfar fútha-san eolaidhe a thoghadh a stiúrfas an obair. Tá Uachtaráin Choláiste na hIolscoile sásta cuidiú do thabhairt san obair, agus tá ceaptha £200 sa mbliadhain do thabhairt mar dheontas-i-gcabhair don Choláiste le haghaidh na hoibre seo. Méastar go mairfidh an obair ar feadh tamall de bhlianta.