Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Nov 1942

Vol. 88 No. 14

Ceisteanna.—Questions. Oral Answers. - Scrúdúchán na gColáistí Ullmhúcháin.

D'fhiafruigh

Cormac Ua Breisleáin

den Aire Oideachais cad chuige nach bhfuil na hábhair bhreise—Ailgeábar agus Céimseata—ar an gclár fá choinne na scrúdúchán i gcóir na gColáisti Ullmhúcháin agus na Scoláireachtaí Gaeltachta i 1943; agus an bhfuil fhios ag an Aire go mbeidh dochar mór déanta do oideachas scoláirí a bhéas ag brath freastal a dhéanamh ar na meán—scoltacha de thairbhe an ghnótha sin.

Fógruigheadh sa scéim i gcóir Scrúdúchán iontrála na gColáistí Ullmhúcháin, 1942, go mbainfí feasta na h-ádhbhair léighinn breise uilig, ag áireamh Ailgéabar agus Céimseatan, de Chlár Scrúdúcháin Iontrála na gColáistí Ullmhúcháin, ionnus go mbeadh an comhthrom céadna ar áit i gColáiste Ullmhúcháin do bhaint amach ag scoláirí as scoltacha beaga nach múintear na h-ádhbhair léighinn breise ionnta le scoláirí as scoileanna móra 'na bhfuil caoi níos fearr acu ar theagase d'fhagháil ins na h-ádhbhair léighinn breise sin; tá an t-athrú céadna le déanamh maidir leis an Scrúdúchán le h-aghaidh Scoláireachtaí Meadhon-Scoile do'n bhFíor-Ghaedhealtacht fé scéim na Roinne, toisc an scrúdúchán san do bheith ar chomh-dhul le Scrúdúchán Iontrála na gColáistí Ullmhúcháin.

Ní aontuighim go ndéanfar dochar mór do oideachas scoláirí a bhéas ag bráth ar freastal ar mheadhon-scoltacha de bhárr na h-ádhbhair léighinn breise do bhaint de Chlár Scrúidúcháin Iontrála na gColáistí Ullmhúcháin. Ní mór a mheabhrú nach mbíonn ar an ghnáth-scoláire a théidheanns isteach i Meadhon-Scoil aon fhiadhnaise do thabhairt go raibh na h-ádhbhair breise sin dá bhfoghluim aige sa Bhun-Scoil. Is ins na h-ádhbhair léighinn seo, Gaedhilg, Béarla, Stair, Tír-Eolas agus Uimhridheacht seadh a cuirtear an Scrúdúchán Iontrála ar dhaltaí a leigtear isteach i Meadhon-Scoil. Ach bíodh go mbeidh Clár Scrúdúcháin Iontrála na gColáistí Ullmhúcháin gan na h-ádhbhair breise, ní h-ionann san is a rádh ná leanfar des na h-ádhbhair léighinn sin do theagasc i gcuid mhaith scoltacha ar fuaid na tíre.

Is dócha gur dul chun chinn mór i gcúrsaí oideachais na hÉireann na h-ádhbhar léighinn seo do leogaint ar lár.

Tamaill ó shoin do rinne árd-chigirí na Roinne fiosrú ar chóras oibre na gColáistí Ullmhúcháin agus do chuireadar roinnt mholtaí chugam dhá bhárr. Dob'é seo ceann des na moltaí do rinneadar.

An amhlaidh ná béidh aon ghádh againn feasta le h-eolas ar Mhatamaitic? Cad na thaobh gur fágadh amach na nidhthe seo?

Sin ceist eile.

Ba chóir freagra a bheith againn ar na ceisteanna san.

Barr
Roinn