Tairgim:
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £152,583 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1944, chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Foraoiseachta (9 & 10 Geo. 5, c. 58; agus Uimh. 34 de 1928), maraon le Deontaisí Áirithe i gCabhair.
That a sum not exceeding £152,583 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1944, for Salaries and Expenses in connection with Forestry (9 & 10 Geo. 5, c. 58, and No. 34 of 1928), including certain Grants-in-Aid."
Do réir mar atá an cogadh ag dul i bhfad, tá obair na foraoiseachta ag eirghe níos deacra. Síolta, oirnéisí agus abhair sconnsa, tá siad go léir ag eirghe níos deacra d'fháil. Do féachadh le líonradh miotal-shreinge d'fháil o Aimeiriceá; agus gidh go bhfuaireamar roinnt áirithe, níl fáil againn fá láthair ar chuid dá bhfuil ceannuithe againn cheana féin. Do rinneadh iarratas oifigiúil mar gheall ar sin, ach ní heol dúinn go fóill ciaca bhéas toradh ar an iarratas nó nach mbeidh. Níl aon chosúlacht ann go mb'fhéidir níos mó a cheannach, agus, mar sin de, caithfear tuilleadh laghduithe do dhéanamh ar na scéimeanna planntála go dtí go n-athruighidh an staid ina bhfuil an saoghal. Táthar ag déanamh díchill leis an laghdú sin do sheachaint chomh maith agus is féidir; ach ní bheadh ann ach ag cur airgid amú bheith ag gabháil do phlanntáil nach mbeadh a sáith de chosaint aici ar choiníní agus ar ainmhithe eile. Ar an abhar sin, caithfear teacht le planntáil na n-áiteach ar baineadh na crainn díobh le goirid agus a bhfuil sconnsaí ina dtimcheall cheana.
Gidh gur deacair síolta d'fháil, níl sin ag cur cúil ar an bplanntáil fá láthair, ach beidh faoi cheann dhá bhlian nó trí. Tá roinnt deacrachta ag baint le soláthar síolta Aimeireacánacha ar na gnáth-bhealaighe, ach táthar ag súil le oiread de bhuaidh d'fháil ar sin agus go bhfuighfear réasúntacht, ar a laghad, dá bhfuil ag teastáil ón Roinn.
Mórán de na bealaighe inar gnáthach síolta ón Eóraip d'fháil, tá siad dúnta fá láthair; ach táthar ag féachaint leis an easbaidh d'fháil as an Eilbhéis, as an bPortuingéil, nó as an Spáinn. Ina theannta sin, tá ullmhú déanta ag an Roinn chun níos mó síolta do bhailiú i gcoillte feiliúnacha de chuid na tíre seo. Ní féidir, ámhthach, sin do dhéanamh ach le cineálacha áirithe crann; agus ní gach bliain a thig síol ar na cineálacha sin féin. Rud eile, is éigean bheith cúramach agus gan síol do thógaint de chrainn atá mí-fholláin, nó mionda, nó mí-chumtha.
I gcomórtas leis an soláthar le haghaidh na bliadhna 1942-43, tá £42,771 de laghdú ar an meastachán seo. Baineann an laghdú le dhá chineál oibre: (1) tógaint nuadh-thalmhan, agus (2) leanúint don obair in áiteacha do bhí idir lámha againn cheana. Maidir leis an laghdú i geás nuadh-thalmhan, ní hionann é agus gur mian leis an Roinn níos lugha talmhan do ghlacadh ar láimh. Is amhlaidh atá deacracht níos mó ann ná mar do bhíodh maidir le talamh a mbaineann cearta coitcheanna inghilte léi; agus, ina theannta sin, tá Coimisiún na Talmhan ag stad go sealadach de thógaint eastát a mbeadh an Roinn Foraoiseachta ag súil le scaracha réasúnta díobh do theacht faoi n-a seilbh féin.
An fuigheall cuibheasach mór de airgead atá fágtha sa gCiste chun Talmhan do Thógaint agus an £30,000 atáthar d'iarraidh anois, is dócha gur leor iad le haghaidh gach íocaíochta dá mbeidh le déanamh sa mbliain airgeadais seo chugainn. Táthar ag tógaint oiread agus is féidir de thalamh sa gcaoi go mbeifear i ndon cuid mhór sa mbreis de phlanntáil do dhéanamh nuair a rachas an saoghal chun socrachta arís.
Ar iarratas na Roinne Soláthairtí, tá brainnse na Foraoiseachta tar éis tosnú ar áireamh do dhéanamh ar a bhfuil fágtha ina seasamh de chrainn sa tír, agus is éigean cuid mhaith de na Cigirí do choinneáil i mbun na hoibre sin. Gach giota de thalamh chrannach a bhfuil ós cionn dhá acra go leith ann, déanfar a scrúdú agus a rangú do réir cineáil, cáilíochta agus tiughais. Ina theannta sin, toghfar an oiread seo de bhailte fearainn chun a gcuid crann d'áireamh, agus, do réir an áirimh sin, measfar cadé an líon crann atá ar fud na tíre i gcoillíní, i bhfálta agus in ionaid scartha eile. Nuair a bhéas an t-áireamh go léir críochnuithe, beidh caoi ag an Riaghaltas a mheas cad is cóir a dhéanamh maidir le n-a thuilleadh toirmeasc do chur ar leagan agus ar dhíol crann, ionnas go gcoimeádfar lón le haghaidh na riachtanas is mó gádh don náisiún. Ní beag ná ní furas obair an áirimh sin go léir, agus cuireann sí cuid mhór de obair bhreise ar fhoirinn teicniceach na Foraoiseachta—go háirithe ós rud é go bhfuil ortha, san am chéanna, aire do thabhairt don líon an-mhór de Fhógraí Leagain atá ag teacht isteach go laethúil fá láthair. Cho fada agus is féidir é, tá an dá chineál sin oibre á ndéanamh i dteannta a chéile.
Maidir leis an soláthar atá riachtanach faoi na Fó-mhírchinn, do réir mar tá luaidhte sna meastacháin chlóbhuailte, séard is mian liom gan bacaint le mion-chuntas ach amháin i gcás na neithe a bhfuil difríocht cuibheasach mór idir iad féin agus na neithe bhí sa Vóta don bhliain 1942-43.
Fó-mhírcheann A. Tuarastail, Págh agus Allúntais—£22,829. An méadú atá faoi'n bhFó-mhírcheann seo, tá sé ag teastáil mar gheall ar thuilleadh fóirne le haghaidh an Áirimh atá luaidhte agam, agus, ina theannta sin, mar gheall ar an obair sa mbreis a bhaineas leis an leagan neamhghnáthach crann agus leis na scéimeanna chun adhmad teine do sholáthar do Fuel Importers agus do Bhárdas Bhaile Átha Cliath.
Fó-Mhírcheann B. Allúntais Taistil agus Bídh—£5,100. Is éigean soláthar sa mbreis do dhéanamh le haghaidh taistil, mar gheall ar mhéadú na bhfoireann agus an taisteal fá leith bhaineas le hobair an Áirimh.
Fó-mhírcheann C. Deóntas-i-gCabhair do Thógaint Talmhan— £30,000. Gidh gur vótáileadh £60,000 anuraidh, níltear ag iarraidh ach £30,000 i mbliana. Níor bhféidir dul ar aghaidh le ceannacht na n-eastát mór crannach do bhí beartuithe againn, bliain is an taca seo. Gheobhaimid na heastáit sin amach anseo; ach, idir an dá linn, is fearr leis na húnaeir a mbealach deighleála féin do bheith aca ar an méid de na crainn nach bhfuil riachtanach le haghaidh foscaidh nó síolruithe. Dá dheascaibh sin, do cuireadh ceannacht na n-eastát chun moille, agus laghdófar a gcéadphraghas tré luach na gcrann atá á mbaint díobh agus á ndíol. Meastar go mbeidh £48,000 de fhuigheall le tabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain airgeadais seo chughainn, rud is ionann agus £78,000 do bheith ar fáil chun talamh do cheannacht sa mbliain sin. As an suim sin airgid, do coimeádfaí tuairim is £21,128 do cheannach 7,543 acra a bhfuil socair cheana féin ag an Roinn iad do cheannach ó n-a húnaeir, agus do coimeádfaí £17,763 mar phraghas talmhan is dócha do bheith le fáil ó Choimisiún na Talmhan. Ina theannta sin, táthar ar aghaidh go maith sa deighleáil bhaineas le 5,716 acra do cheannacht ó únaeir phríobháideacha ar chostas £21,144, agus táthar ag féachaint ar bhfhéidir socrú chun ceannachta do dhéanamh le Coimisiún na Talmhan i dtaobh 3,381, nó mar sin, de acraí a bhfuil £9,010 measta mar luach dóibh. Féadfa sé, dar ndóigh, go mbeifear ag pléidhe le tairgsiona eile, taobh amuigh díobh sin, sa mbliain atá romhainn. Cé's moite de bheagán de achair mhóra, níl 100 acra féin de mheadhon-achar sna píosaí atá á dtairgsint chun díola ag únaeir phríobháideacha; agus, mar gheall ar a leithéid sin, is obair fhadálach dheacair í talamh d'fháil sa geaoi go mbeadh sé ina phíosaí sáthach mór le foraoiseacht do dhéanamh gan an iomarca caiteachais.
Is mór ba mhian leis an Roinn seilbh d'fháil ar limistéir mhóra de thalamh sléibhe atá níos feiliúnaighe don bhforaoiseacht ná d'fhéarach ná a leithéid; ach tá cuid mhaith de na limistéir seo faoi ualach de chearta coitcheanna inghilte, agus is rídheacair—más féidir ar chor ar bith é —aontú d'fháil ó lucht na gceart sin go léir chun iad do dhíol ar shuim réasúnta airgid.
Fó-mhírcheann C.2 Obair Phlanntála, agus rl.—£152,651. An £56,630 de laghdú atá sa bhFó-mhírcheann seo, tá sé ann go príomhdha de bhrígh go bhfuil críochnú, beagnach, déanta ar an scéim do socruíodh leis an Roinn Soláthairtí chun adhmad teine do chur ar fáil do Fuel Importers. Tá laghdú, freisin, ar an meastachán le haghaidh oibrithe agus damhna, ar an abhar go mbeidh an phlanntáil níos lugha agus nach mbeidh oiread de dhamhna sconnsa le fáil. Sa séasúr atá ann fá láthair, táthar ag súil go gcríochnócfar 4,273 acraí. Is eagal liom nach mbeifear i ndon an oiread sin do dhéanamh sa séasúr seo chugainn; óir, mura bhfaghthar damhna sconnsa as Aimeiriceá, caithfear gan planntáil ar bith do dhéanamh ach amháin sna háiteacha ar baineadh na crainn díobh le goirid agus a bhfuil sconnsaí ina dtimcheall cheana. Dá réir sin, is cosúil nach fada go gcaithtear obair na planntála do laghdú tuilleadh. B'ionann sin agus cuid de na hoibrithe d'fhágáil díomhaoin, ach táthar ag ullmhú le n-a aghaidh sin, agus féachfar le obair do thabhairt dóibh ag tanú na n-óg-chrann, ag déanamh bóthar, agus ag leagan díogha na sean-chrann le n-a ndíol mar chonnadh sa gcomhursanacht. Is an-tairbheach an obair í tanú na n-óg-chrann, óir bíonn an choill i bhfad níos luachmhaire i ndeireadh báire dá dheascaibh. Táthar, fá láthair, ag tanú crann do planntáileadh so tréimhse 1922-27, nó mar sin— tuairim is 1,500 acra. Féadtar bheith ag súil go mbeadh ós cionn 2,500 acra den chineál sin ann faoi cheann chúig mblian eile, agus go mbeidh tuilleadh agus 3,500 acra ann faoi cheann deich mblian. Do réir mar fhásfas an obair seo, is cinnte go méadófar an obair bhaineas le díolacháin, agus le hullmhú na n-óg-chrann ina gconnadh agus ina stácaí sconnsa, agus rl. Is mór a rachas an chuid seo den bhforaoiseacht i méid faoi cheann tamaill eile de bhlianta. In éinfheacht léi, tiocfaidh saothar agus costas nach mbeidh baint aca leis an áireamh atá mar shlat tomhais ag a lán daoine ar an obair .i. áireamh an mhéid crann a planntáiltear in aghaidh na bliana.
Maidir leis na cineálacha crann a toghtar chun planntála, tá sin ag brath ar na cineálacha a bhíos ar fáil, ar oiriúnacht na talmhan a bhíos ar fáil le n-a n-aghaidh, agus, ina theannta sin, ar a luach nuair a bhéas siad ion-úsáidthe. Ní thig athrú mór ar bith, ó bhliain go bliain, ar an méid sa chéad a planntáiltear de gach cineál fá leith. Fá thuairim 88 per cent. a bhíos na crainn chírneacha. Crainn leathan-duilleacha an t-iarmhar—Dair, Fuinnseog agus Feagha sa mhór-chuid. Maidir leis na crainn chíríneacha, bíonn na Spriúsanna (Nor-bhuaidheach agus Sitka) fá thuairim 30 per cent.; bíonn na Learóga (Iartharach agus Seapánach) fá thuairim 20 per cent., agus Ciréis (Albanach sa bhfurmhór) an chuid eile. Usáidtear cuid mhaith Pinus Contorta, óir fuarthas amach gurbé is fearr a thig ar aghaidh i dtalamh atá an-árd agus bocht.
Fó-mhírcheann C3. Sábhadóireacht, agus rl.—£6,608. Baineann an soláthar seo le ceithre mhuileann sábhad-óireachta agus le deich geinn de oirnéisligh cros-sábhadórachta atá ionaistrithe. Séard a bhíos na muilte ag gearradh adhmaid le haghaidh na gceanntar ina bhfuil siad agus ag ullmhú stácaí agus geataí, agus rl., don Roinn féin. San am i láthair, tá oirnéisligh na cros-sábhadóireachta i gceanntair thall agus i bhfus agus iad ag ullmhú adhmaid teine as an gcuid is neamh-fhoghanta de na crainn.
Tá iarraidh bhuan ar na bluie seo, agus is maith an chabhair iad do mhuinntir na gceanntar ina bhfuiltear á n-ullmhú.
I dtréimhse an tsamhraidh agus an fhómhair seo caite, do cuireadh 12,000 tonna de adhmad teine ar fáil do Bhárdas Bhaile Átha Cliath, agus bluic a bhí sa mhór-chuid de sin. Do díoladh lóin bhloe in áiteacha eile, agus do rinneadh sin ar an mbealach dob fhairsinge do dhéanfadh na bluic do roinnt. Tá tuairim is 6,000 tonna díobh díolta cheana féin i gContae Chill Mhanntáin agus i gContae Loch gCarman.
I gceanntair chúil agus i gceanntair nach raibh ach beagán crann, freisin, do díoladh crainn leagtha agus crainn do bhí gan leagan féin le haghaidh adhmad teine. Do díoladh tuairim is 25,000 tonna ar an mbealach seo.
Fó-mhírcheann F3. Coláiste na hIolscoile, Baile Átha Cliath. Tá cóoibriú ar suibhal idir an Roinn agus Udaráis Choláiste na hIolscoile i mBaile Átha Cliath ag lorg eolais faoi mhion-fheithidí agus aicídeacha fungusacha a bhaineas le crainn foraoise. An £200 atá á iarraidh faoi'n bhFó-mhírcheann seo, táthar ag brath a íoc leis an gColáiste mar dheóntas-i-gcabhair don obair seo.
Fó-mhírcheann H. Deóntasi-i-Cabhair. Tá laghdú mór san ioncum atá measta don bhliadhain seo i gcompráid le 1942/43, agus isé is príomh-adhbhar dó sin nach mbeidh oiread de adhmad teine á chur ar fáil do Fuel Importers.
Táthar ag meas go mbeidh laghdú sna fáltais ó mhór-dhíolacháin ar bith crann atá ina seasamh. Do díoladh cuid mhór le cúpla bliain, ach tá an Roinn ag coinneáil lón áirithe adhmaid nach gcuirfear chun an mhargaidh ach nuair a bhéas géar-riachtanas náisiúnta leis agus nuair nach mbeidh a leithéid le fáil in áit ar bith eile. Táthar ag súil go mbeidh méadú i ndíolacháin áitiúla agus ins an gcíos ó thalamh inghilte agus ó thithe comhnaithe, agus rl.
Acht Foraoiseachta, 1928.—Do leagadh níos mó crann anuraidh ná mar do leagadh i mbliain ar bith eile, agus fuarthas 9,635 d'Fhógraí Leagain mar gheall ar thuairim is 900,000 crann. Tugtar freastal do na Fógraí seo cho tapaidh agus is féidir, ach tá oiread de obair sa mbreis le déanamh agus tá an taisteal cho deacair agus nach féidir moill áirithe do sheachaint i gcorr-chás. Thiocfadh leis an mhuintir ar leo na crainn cuidiú leis an Roinn agus leo féin mar an gcéanna, dá marcáladh siad go soléir na crainn a ba mhaith leo a leagan. Nuair a thig Cigire na Roinne, is minic a thárluigheas sé fá láthair nach mbíonn marcáil ar bith déanta ar na crainn atá le leagan agus nach mbíonn duine ar bith le fáil leis na crainn sin do thaisbeáint dó.
Ordú do cuireadh amach, ar iarratas ón Roinn Chosanta, go luath anuraidh, do thoirmisc sé, ach amháin i bhfochásanna áirithe, crainn ar bith a leagan taobh istigh de thriochaid troigh ó lár aon bhóthair mhóir nó bóithrín. Baineann riarú an Orduithe seo leis an Roinn Dlighidh agus Cirt, ach tá Brainnse na Foraoiseachta ag có-oibriú agus ag déanamh díchill nach dtugtar cead faoi'n Acht Foraoiseachta crann ar bith do leagan dá mbeadh faoi'n toirmeasc seo atá ráite agam. Chuir seo tuilleadh deacracht sa scéal, agus b'éigean cuid mhór litreach a chur amach leis an eolas d'fháil do bheadh riachtanach chun a chur in áirithe go ndéanfaí coingheallacha an Orduithe Eigeandála do chólíonadh. B'éigean, mar an gcéanna, a chuir in iúl d'iarrthóirí nach féidir saoirse d'fháil ó choingheallacha an Orduithe ón Roinn ar na tagraí a cuirtear ina láthair.
Na deacrachta céanna chuireas teorainn agus laghdú féin ar an bplanntáil ba mhian leis an Roinn a dhéanamh, tá siad ag cur bac áirithe ar an athphlanntáil is cóir a dhéanamh do réir choingheallacha na gceadúnas a fáightear, faoi'n Acht Foraoiseachta, chun crainn do leagan. Ní hé amháin nach bhfuil líonradh in aghaidh coinín le fáil ag únaeir na talmhan, ach níl lón sáthach mór de phlanntaí oiriúnacha ag gach dream díobh siúd a ghníos plantaí d'oiliúin le n-a ndíol. Mar sin de, is minic a b'éigean don Roinn aontú go gcuirfí ar gcúl a leithéid d'athphlanntáil. Ach tugtar rabhadh do lucht ceadúnas nach bhfuil an cur-ar-gcúl sin ach sealadach. Déanfar aithbhreathnú ar gach cás aca seo nuair a rachas an saoghal chun socrachta, agus cuirfear an dlí ar gach duine nach gcólíonfaidh na coingheallacha a bhaineas leis na ceadúnais a tugadh dóibh.
An t-eolas do fuarthas tré oibriú an Achta Foraoiseachta, 1928, taisbeánann sé nach bhfuil an tAcht gan laige, agus is dócha nach fada go n-iarrtar ar an Dáil aontú le feabhsú an dlí a bhaineas le hathfhoraoisiú agus le caomhnadh adhmad na tíre.