Molaim:—
"Go dtoghfar Domhnall Mac Meanmain mar Leas-Cheann Comhairle na Dála."
Tá an Teachta Mac Meanmain ina Theachta Dála annso le sé bliana déag agus tá eolas cruinn beacht aige ar chúrsaí oibre na Dála agus na rialacha a stiúruíos ár gcuid díospóireachta. Tá an tuigse agus an eagna agus an fhoighid aige atá riachtanach leis an Dáil a stiúradh mar is cóir. Mar gur dligheadóir é tá an oiliúint agus an cleachtadh aige puintí deacra a réiteach. Tá cuid den draíocht chéanna aige atá agat féin, a Chinn Chomhairle, a ghníos an cam díreach agus an garbh mín. Mar bharr ar an cháilíocht so go léir tá an Ghaedhilig aige ón cliabhán mar tógadh é i nGleann na Finne i lár Ghaeltacht Thír Chonaill Mhic Néill.
Molaim mar sin go dtoghfar an Teachta Mac Meanmain mar Leas-Cheann Comhairle ar an Dáil.