den Aire Oideachais an feasach dó go bhfuil tinnreamh na bpáisdí scoile san Fhíor-Ghaeltacht agus san Bhreac-Ghaeltacht dTír Chonaill ag ísliú go mór le deich mbliana; an dtig leis fios a thabhairt cén uimhir páisdí bhí ar na scolta seo san bhliain 1932 agus san bhliain 1942, an méid múinteoir a chaill céimíocht de bharr ísliú an tinnrimh agus an méid aca ar ghoill sé ar a dtuarasdal agus ar a bpinsean.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scolta na Gaeltachta.
D'fhiafraigh
Is eol dom go ndeachaidh líon na bpáistí i dTír Chonaill i laghad ins na blianta sin, fé mar thárla ina lán áiteacha eile in Eirinn, agus dá thoradh sin go ndeachaidh an tinreamh ar scoil i laghad freisin.
Tógfa sé tamall chun freagra ar an gcuid eile den cheist d'ullmhú, ach bhéarfar na figiúirí don Teachta an túisce a bhéas siad ar fáil.