Tairgim:—
Go ndeontar suim breise na raghaidh thar £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1944, chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Seirbhísí na Gaeltachta, maraon le Deontaisí um Thógáil Tithe agus ceannach agus díol Bréidín.
That a supplementary sum not exceeding £10 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1944, for Salaries and Expenses in connection with Gaeltacht Services, including Housing Grants and the purchase and sale of Homespuns.
Níl sa mheastachán so ach meastachán comhartha de dheich bpúnt. Sé is cúis leis ná údarás bheith ag teastáil chun Fo-Roinn Sheirbhísí na Gaeltachta den Roinn Tailte do chaitheamh airgid ón Vóta ar Bhréidín Baile do cheannach ó dhéantóirí fé bhrí coinníollacha an Orduithe Chomhachta Práinne (Bréidín Baile), 1943.
Is amhlaidh a chuir an tOrdú Comhachta Práinne (Earraí Teicstíleacha d'Iomdháil), 1943, isteach go mór ar ghnó an Bhréidín Bhaile toisc gur leagadh amach fé nár chead do lucht gnótha gréasáin do cheannach ach do réir ceadanna ceannacháin a tabharfaí dóibh in aghaidh gach tréimhse ar leith. Thárla gur lease le lucht gnótha a gcionranna d'úsáid chun Bréidín Baile do cheannach fhaid a bhí éadach muileann-fhighte orstaid nó olnach le fáil agus, mar sin, fágadh an Bréidín Baile gan cheannach. Is amhlaidh, freisin, gur ró-dheacair scéim na gcúpón fén Ordú Comhachta Práinne (Forálacha Ciondála Generálta), 1942, do riaradh dá mbéadh gach déantóir Bréidín Baile chois teinteáin ag láimhseáil cúpón i leith a gcuid díolachán. Shocruigh an tAire Soláthairtí, dá bhrí sin, nárbh fholáir, chun go bhféadfadh sé faoiseamh ina ndeacrachtaí do thabhairt do na déantóirí bréidín baile, cólucht éigin lár-mhargaíochta do bhunú ionnus gur leis an gcólucht sin amháin a dhíolfadh na déantóirí bréidín baile a gcuid gréasán, munar déantóirí ceadúnuithe iad, agus ionnus ná béadh aon ghá le hidir-cheadanna ceannacháin ná cúpóin i leith a ndíolfaí mar sin. D'fhonn cabhruithe leis na déantóirí bréidín baile ins na Gaeltachtaí, do haontuíodh go mbeadh Seirbhísí na Gaeltachta ina chólucht lár-mhargaíochta dá réir agus go gceannóidís bréidín baile ó na déantóirí ar fuaid na tíre ar fad.
Tá mírcheann nua D (10) ceaptha do Cheannach an Bhréidín Baile agus meastar gur £42,000 a bhéas ag teastáil ina chóir sin agus i gcóir na gcostas eile a bhainfidh leis an gceannach sin.
Tá £295 breise ag teastáil fé mhírcheann F (1) d'fhonn cúiteamh do thabhairt don Oifigeach ar a luighfidh cúram teicniúil na hoibre ceannacháin agus díolacháin agus d'fhonn congnamh do chur ar fáil i dTaisc-Ionad Láir na Margaíochta do láimhseáil na ngréasán a bheas le díol.
Tá £250 breise ag teastáil fé mhírcheann F (3) i gcóir costaisí breise taistil a meastar a thuitfidh ar Oifigigh Taisc-Ionaid Láir na Margaíochta i dtaobh na hoibre.
Meastar ná beidh le fáil mar fháiltí glan ó dhíolacháin an Bhréidín Baile laistigh den bhliain airgeadais seo ach £18,600 i gcoinnibh an £42,545 a meastar a caithfear i leith an cheannacháin. D'fhágfadh sé sin gur £23,945 a bhéadh ag teastáil chun an cuntas do chomhardú. Tá le cur leis sin, ámhthach, easnamh de £24,850 a meastar a bhainfidh leis na fáiltí glan a gheobhfar ó dhíolacháin tionnscal tuaithe na Fo-Roinne, agus fágann sin gur £48,795 ar fad atá le slánú fén meastachán so.
Ina choinnibh sin, meastar gur féidir £48,785 do shlánú ó shábháiltí ar mhírchinn eile den Vóta agus, dá bhrí sin, níl ag teastáil fén meastachán so ach suim £10 mar chomhartha. Beidh sábháil £1,285 ar mhírcheann A i gcóir Tuarastal, etc., an Cheann-Ionaid; beidh sábháiltí £43,100 ar fad ar na mírchinn D (6), D (8), agus D (9) a bhaineas go sonnrach le habhair do chur ar fáil do na tionnscail tuaithe; agus beidh sábháiltí de £4,400 ar fad ar na mírchinn H (1), H (2), agus H (3) a bhaineas le Tuarastail na fóirne teieniúla Teach-Soláthair, le costais taistil na fóirne sin agus le deontais fé Achtanna na dTithe (Gaeltacht).
Fén socrú margaíochta so, beidh Seirbhísí na Gaeltachta ag féachaint chuige, chó fada agus is féidir é, praghas réasúnta do réir cáilíochta agus fiúntais do thabhairt ar na gréasáin a ceannófar agus comhairle do thabhairt do na déantóirí a fheabhsódh a gcuid déantúis.