den Aire Poist agus Telegrafa an feasach dó go bhfuil míshásamh mór in iarthar Thír Chonaill siocair an mhoill atá ar litreacha ag teacht chuig na daoine annsin agus a laghad ama atá le freagraí a chur amach agus an ndeánfaidh sé réiteach na litreacha a chur chuig an cheanntar sin níos luaithe ná mar a déantar anois.
Written Answers. - Moill ar Litreacha.
D'fhiafraigh
An tAire Poist agus Telegrafa (Pádraig Ó Caoilte)
Is dóigh liom go bhfuil an Teachta ag tagairt do's na seirbhísí poist i nAilt an Chorráin agus 'sa cheanntair thart timcheall gur scríobh sé chugham 'na dtaobh ar an 19adh lá de'n mhí seo chaithte.
Tá an ceist i dtaobh feabhas do chur ar na socruithe poist ins an gceanntair sin 'á scrúdú fé láthair, agus má eirigheann linn feabhas a chur ortha cuirfidh me in n-iúl do'n Teachta é comh luath agus is féidir liom.