Tairgim:—
Go ndeontar suim Breise ná raghaidh thar £9,000 chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha irith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1946, chun Tuarastal agus Costas na bhFundúireacht Eolaíochta agus Ealaíon, chun Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, chun Cuimhneacháin Céad Blian Thomáis Dáibhis agus Ghluaiseacht na nEireannách Og, agus chun Ildeontas-i-gCabhair.
That a Supplementary sum not exceeding £9,000 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1946, for the Salaries and Expenses of the Institutions of Science and Art, for certain Miscellaneous Educational and Cultural Services, the Centenary Commemoration of Thomas Davis and the Young Ireland Movement, and sundry Grants-in-Aid.
Is dóigh leis an Rialtas nár chóir an céadú comhainm de lá bháis Thomáis Dáibhis do ligint thart gan comóradh oiriúnach do dhéanamh ar shaothar na "nEireannach Og"—dream a ndeachaidh a n-inspioráid ar sochar go mór do chúrsaí náisiúntachta, agus a raibh an Dáibhiseach féin ar na fearaibh do b'éifeachtaí dhíobh. Ar an abhar san, do chuir an Rialtas coiste ar bun chun socruithe feiliúnacha do dhéanamh le haghaidh an Chomórtha, agus tá £9,000 de Vóta breise dhá iarraidh anois le molta an Choiste do chur i ngníomh.
Is iomdha saothar, agus is iomdha sórt saothair, a rinne na hÉireannaigh óga mar gheall ar an dian-ghrá a bhí acu dá dtír. Ba mhaith leo dhá fheabhas dhá n-eireodh léi a saoirse do bhaint amach, agus do bhí suim an-mhór acu ina teangaidh agus ina litríocht, ina healaíon, ina ceól agus ina cultúr i geoitinne. Ba cheart do lucht an Chomórtha féachaint do na gnéithibh éagsúla san de shaothar na "nEireannach Og", agus táthar ar intinn sreath áirithe de dhálaibh do chur ar bun le súil go dtiubhraidh siad san léargas don phobal ar iol-sáothar an dreama san. Meastar go mb'oiriúnach do na dálaibh sin an tseachtain ar tús di an 9ú lá de Mheán Fómhair agus ar deireadh di an 16ú lá.
Is dóigh leis an gCoiste go mba cheart do dhálaibh an Chomórtha foillsiú faoi leith do dhéanamh ar theagasc agus ar chuspóiribh na "nEireannach Og", agus do mba cheart feidhm do bhaint as an ócáid seo chun foillsiú faoi leith do dhéanamh ar an mór-shuim a bhí ag na fearaibh sin i gcúrsaibh inntleachta agus cultúir.
Táthar ag brath mion-dealbh de Tomás Dáibhis do chur le taoibh mion-deilbhe an Phiarsaigh i bhFoirgneamh an Oirechtais, agus tógfar leacht cuimhne ina onóir níos déanaí i gcathair Bhaile Atha Cliath, an áit inar chomhnaigh sé i rith a shaoil, cé is moite de cheitre bliana. Táthar ag brath ar bhonn-chloch an leachta do leagadh síos le linn seachtaine an Chomórtha, agus cuirfear táibhle cuimhneacháin ar an teach i Sráid na Rátha ina bhfuair Tomás Dáibhis bás.
Táthar ag ullmhú scéim chun pictiúirí ba mhór-le-rá ag an náisiún do cheannach, agus chun scoláreachta do bhunú in abharaibh ba gheal le croí an Dáibhisigh. Ní ceannófar ach pictiúirí le healaionaigh Eireannacha, nó le daoine gur de bhunadh Eireannach iad. Maidir le cúnamh na "nEireannach Og" do litríocht, déanfar a chomhmóradh trí Aonach Leabhar a bheas ann i dTigh an Ard-Mhaoir i rith na seachtaine. Gach lá, san áit a mbeidh Aonach na Leabhar, beidh eolas le fáil, trí léachtaibh, ar bheatha agus ar shaothar an Dáibhisigh agus a chompánach. Beidh taspantais oiriúnacha i nGailearaí Ealadhan na Cathrach agus san Museaum Náisiúnta Eolaidheachta agus Ealadhan.
Tiomófar lá áirithe den tseachtain ina lá speisealta don teangaidh Ghaeilge, agus beidh Aeríocht agus Céili Mór ann. Beidh Coirm Ilsiamsach Gaeilge ann freisin i rith na seachtaine.
Maidir le hurraim phoiblí do chuimhne na "nEireannach Óg", beidh dáil faoi leith ag Udaráis na Cathrach, Dé Domhnaigh, an 9ú lá, agus cuirfear bláithfhleasc ar dheilbh an Dáibhisigh Halla na Cathrach. Ina theannta san, beidh paráid mhíleata go Roilig San Iereóm, Dé Domhnaigh, an 16ú lá, agus cuirfear bláithfhlease ar uaigh an Dáibhisigh annsan.
Tá lámhleabhar dhá ullmhú d'imeachtaibh an Chomórtha, agus táthar ag súil go n-annálofar na himeachta san trí scríbhinnibh agus trí scannánaibh.
Dá réir sin, tairgim go ndeonfar suim bhreise nach mó ná £9,000 le haghaidh na gcostas a bhainfeas leis an gComóradh so. Do bheadh an t-airgead san luaite i gcuntasaibh na bliana ar deireadh di an 31ú lé de Mhárta, 1946, mar thuarastalaibh agus chostasaibh d'oifig na hInstitiúide Eólaideachta agus Ealadhan, agus mar chostasaibh seirbhís il-chineálach cultúra agus deóntas-i-gcabhair a bhain leis an gComóradh céanna so den chéadú comhainm de bhás Thomáis Dáibhis agus d'aimsir na "nEireannach Óg".