A Chinn Chomhairle, is cúis mhór bróin dúinn a chloisteál go bhfuair an Teachta Risteárd Mac Fheorais bás inné. Beannacht Dé lena anam. Níl sé ach seachtain ó bhí sé inár measc anseo, agus é ag labhairt go bríomhar mar ba ghnáthach leis.
Toghadh ina Theachta Dála don chéad uair é sa mbliain 1921, agus níor chaill sé an gradam sin ó shoin i leith. Bhí d'onóir aige freisin bheith ina Mhaor ar a bhaile dúchais, Loch Garman, ar feadh sé bliana fichead; bhí sé ina Chomhairleoir Contae i Loch Garman ar feadh cúig bliana fichead chomh maith; agus bhí an dá ghradam sin aige go lá a bháis.
Mar chomhalta den Dáil chomhlíon sé a dhualgais go dílis dúthrachtach ar mhaithe le muintir a dháil-cheanntair agus ba mhinic a labhraíodh sé go héifeachtach ar cheisteanna poiblí, go mórmhór ar nithe a bhaineas le rialtas áitiúil ábhar a raibh eolas fairsing agus taithí fhada aige air.
Bhí suim mhór aige i geomhnaí i lúithchleasa na tíre agus ba mhór aige saíocht ár sinsir i geoitinne. Fear eneasta lách ba ea é agus bhí meas mór ag gach éinne air.
The House has learned with deep regret of the death yesterday of Deputy Richard Corish, Beannacht Dé lena anam! It is only a week since he was with us here, speaking in his usual vigorous manner.
The late Deputy was first elected a member of An Dáil in 1921 and continued to be a member of the House until his death. He had the honour of being Mayor of his native town, Wexford, continuously for 26 years and a member of the Wexford County Council for 25 years and faithful carried out his duties in both capacities.
His membership of Dáil Eireann was marked by devoted attention to the welfare of his constituents and by valuable contributions to our debates on matters of public interest, especially those affecting local government, of which he had a wide knowledge and experience. He took a keen interest in athletics and in Irish culture generally. Of a kind and gentle disposition, he was held in high esteem by everybody.
Iarraim ort, a Chinn Chomhairle, comhbhrón na Dála do chur in iúl dá mhnaoi agus dá chlainn.