Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 Oct 1945

Vol. 98 No. 3

Bás an Cháirdinéil MacRuaidhri — Rún Comhbhróin.

A Chinn Chomhairle, sara dtéightear ar aghaidh go dtí an Gnó atá ar Riar na hOibre tá a fhios agam gurb é mian na Dála ár mbrón agus ár méala a chur in iúl fá bhás a Shoillse an Cáirdinéal MacRuaidhrí. Bhí sé chomh mór sin chun tosaigh i saol poiblí ár dtíre ar feadh a réime fada sonntasaí go raibh cliú agus cáil tuillte aige i ngach gné de bheatha an Náisiúin.

An saothar a rinne sé ar son na hEaglaise sna laethe tosaigh ag Mágh Nuadhat agus ina dhiaidh sin ina Easbog, ina Árd-Easbog agus ina Cháirdinéal dó, ba den fhíor-scoth é ar a scoláireacht agus ar a bhuaidh riartha. Mar Éireannach bhí sé dílis buan-tseasmhach agus béal-díreach ag caomhnadh leasa agus ag cosaint cearta ár muintire i ngach cuid d'Éirinn. Bhí a ghrá don tír ina shíorthaca misnigh agus nirt sna gáibh iomu a ndeacha an pobal tríothu i gcaitheamh a réime poiblí.

Iarraim ort, a Chinn Chomhairle, thar ceann na Dála ár gcomhbhrón croí fána bhás a chur in iúl do chléir agus tuaith Árd-deoisis Árd Macha agus dá mhuintir féin.

Deputies rose in their places.

Barr
Roinn