Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 6 Mar 1946

Vol. 99 No. 16

Committee on Finance. - Vote 49—Science and Art.

Tairgim:—

Go ndeontar suim bhreise ná raghaidh thar £10 chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1946, chun Tuarastal agus Costas na bhFundúireacht Eolaíochta agus Ealaíon, chun Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, chun Cuimhne Céad Blian Thomáis Dáibhis agus na nEireannach Og, agus chun Ildeontas i gCabhair. Um dheireadh na bliana airgeadais, té sé riachtanach airgead do sholáthar chun samplaí fé leith don Mhusaeum Náisiúnta do cheannach, maraon le leabhra don Leabharlann Náisiúnta. Suim £300 atá á iarraidh ins gach ceann den dá chás. De bhárr an mhéid mhóir a sábháltar faoi na míreanna eile den Vóta so, is féidir £590 do chur i leataoibh chuige sin agus fágann san nach bhfuil ach £10 ag teastáil anois.

Vote put, and agreed to.
Barr
Roinn