Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 30 Apr 1946

Vol. 100 No. 16

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscail sa nGaeltacht.

D'fhiafraigh

den Aire Tailte an dtabharfaidh sé cuntas ar an méid daoine atá ag obair sa Ghaeltacht faoi Ghaeltarra Éireann, taobh amuigh de Stát-Sheirbhísigh, sna tionscail seo a leanas: (1) bréidín (snáth innil); (2) báinín (snáth baile); (3) cniotáil; (4) bróidnéireacht agus lása; (5) bréagáin agus bábóga; agus (6) ceilp agus carraigín; cad é an méid airgid a saothraíodh i ngach tionscal faoi leith ar feadh na bliana a chuaigh thart nó an bhliain is maille a bhfuil cuntas air; agus cá mhéad a híocadh mar choimisiún díolacháin ar feadh an ama chéanna.

Tá an freagra i bhfoirm ráitis táibhleach a foillseofar sa Tuarascáil Oifigiúil.

Tá an ráiteas mar seo leanas:—

Baineann na figiúirí is maille atá ar fáil leis an mbliain 1944/45.

Tionnscal

Líon na n-oibrithe tionnscalaíochta (tuairim)

An méid airgid a saothraíodh

Coimisiún Díolacháin

£

£

(1) Bréidín (snáth innill)

134

6,135

1,965

(2) Báinín (snáth baile)

64,680

574

(3) Cniotáil

1,100

32,684

2,391

(4) Bróidnéireacht agus Lása

63

1,902

(5) Bréagáin agus Bábóga

145

8,633

2,132

(6) Torthaí Mara

15,620

150

(1)Bréidín (snáth innill)—Is ina dtithe féin a oibríonn na hoibrithe.

(2)Báinín (snáth baile)—Tugtar mar an méid airgid a saothraíodh an méid a híocadh as an mbáinín a ceannaíodh. Ní féidir a rá caidé an méid daoine a bhí ag obair sa tionnscal.

(3)Cniotáil—Airítear ar líon na n-oibrithe tuairim is sé céad oibrithe a bhí ag obair ina dtithe féin.

(4)Bróidnéireacht agus Lása—Is ina dtithe féin a oibríonn an chuid is mó de na hoibrithe.

(6)Torthaí Mara—Tugtar mar an méid airgid a saothraíodh an méid a híocadh as na torthaí mara a ceannaíodh. Ní féidir a rá caidé an méid daoine a bhí ag obair sa tionnscal. Baineann an coimisiún díolacháin le cairrgín bídh a díoladh i bpaicéidí ach níor cheannaigh an Roinn aon chairrgín ar feadh na bliana.

Barr
Roinn