Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Nov 1946

Vol. 103 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Olann do Thionscal an Bháinín.

D'fhiafraigh

den Aire Talmhaíochta an bhfuil a fhios aige nach n-oireann olann na gcaorach atá i ndeisceart Thír Chonaill do thionscal an bháinín bhaile atá ar bun ansin agus an bhféachfaidh sé le pór eile caorach a fháil don cheantar a mbeidh a gcuid olla níos oiriúnaí.

Tá a fhios agam nach bhfuil olann na gcaorach sléibhe atá i dTír Chonaill ró-oiriúnach le haghaidh cadaigh. Is le haghaidh caoireola is mó a choinnítear caoire sa tír seo agus níor thíosach pór úr a thabhairt isteach in aon cheantar d'aon-turas le haghaidh olla amháin. Ar aon chor, mura n-oirfeadh an cineál aimsire an pór úr, caillfí go leor acu. Ina theannta san, b'fhéidir go raghadh a gcuid olla in olcas san áit nua. Tá cineálacha úra olla, níos oiriúnai ná na cinealacha a bhíodh acu roimhe seo, dá soláthar anois ag Seirbhísí na Gaeltachta fen Roinn Tailte le haghaidh tionnscail an bháinín bhaile. Dá bhrí sin, tá beartaithe agam gan déanamh mar atá i gceist ag an dTeachta.

Barr
Roinn