Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 19 May 1948

Vol. 110 No. 13

Written Answers to Questions. - Rialacháin i dTaobh Imirce.

D'fiafraígh

den Aire Leasa Shóisialaigh an abróidh sé céard iad na rialacháin atá ann faoi láthair i dtaobh imirce as an Stát i gcóir fostaíochta; agus, má rinne sé athrú ar na rialacháin a bhí i bhfeidhm roimh theacht in oifig dó, an dtiúbhraidh sé mion tuairisc faoi.

Do réir na rialachán atá ann i dtaobh imirce i gcóir fostaíochta, agus níor cuireadh aon athrú orthu ó tháinig an Rialtas seo in oifig, ní cheadaítear cártaí aitheantais taistil a thabhairt do dhaoine de na haicmí seo a leanas:—

1. Fir atá ar fostú nó a bhfuil fostaíocht oiriúnach le fáil acu nó a mbeidh in aichirracht;

2. Fir a dhiúltas tairiscint oiriúnach fostaíochta sa tír seo nó a fhágas a bhfostaíocht dá ndeoin féin gan chúis chóir nó a chailleas a bhfostaíocht tréna gcionta féin (maireann an cose seo ar feadh sé mhí ó dháta na tarlachainte);

3. Buachaillí atá faoi 19 mbliana d'aois (ní chuirtear an cose seo i bhfeidhm má tá traenáil i gceird oilte nó garm-fhostaíocht le fáil ag an iarrthóir nó má tá a mhuintir sa bhaile go han-bhocht);

4. Fir a meastar go bhfuil a gcúnamh ag teastáil sa tír seo ar an bhforas go bhfuil cleachtadh nó cáilíochtai faoi leith acu ar obair áirithe.

Ní bhaineann na cosca sin le baill de na hordaicmí, e.g., eaglaisigh, dochtúirí, fiaclóirí, banaltraí, innealtóirí, suirbhéirí, nó le hoibrithe imirceacha talmhaíochta, nó baill dá dteaghlaigh, atá ag gabháil chuig obair shéasúrach talmhaíochta agus nach bhfuil a gcuidiú riachtanach sa cheantar ina bhfuil cónaí orthu le haghaidh soláthair bidh agus móna.

Barr
Roinn