Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 25 May 1948

Vol. 110 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Laethe Saoire Breise do Pháistí Scoile.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil rún aige laethe saoire de bharraíocht a thabhairt san Fhómhar i mbliana do pháistí scoile chun cuidiú an barr a shábháil, mar a tugadh ar na blianta deireannacha seo.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuiltear le saire bhreise sa bhFómhair a cheadú do na bun-scoltacha faoin dtuaith i mbliana mar a rinneadh blianta eile le linn na hÉigeandála.

Tá ar intinn agam ceisteanna a 4 agus a 5 a thógaint le chéile. Tá breithniú á dhéanamh fé láthair ar an gceist maidir le laethe saoire bhreise do cheadú i mbliana do na scola náisiúnta sa tuaith agus do roint scol eile i dtreo is go mbeidh sé ar chumas na ndaltaí breis chúnta do thabhairt le hobair oiriúnaigh talmhaíochta agus le habhar tine do saothrú i gcóir an Gheimhridh.

Tá súil agam go mbeidh mé in ann fógra do chur amach fén scéal go luath.

Barr
Roinn