den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bfuil droch-chaoi ar theach na scoile i gCloch na Rón, Contae na Gaillimhe; agus an féidir leis a rá an bhfuiltear le caoi a chur air nó ceann nua a thógáil.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Chloch na Rón.
Deallraítear gurab é an scoil atá i gceist ag an dTeachta ná Scoil na gCailíní i gCloch na Rón, Contae na Gaillimhe.
'Sé tuairim na nAiltírí go bhfuil caoi cuibhseach maith ar fhoirgneamh na scoile. Ní léir, mar sin, gur gá scoil nua a thógáil. Táthar i gcomhfhreagras leis an mBainisteoir maidir le hoibreacha áirithe atá riachtanach chun an scoil do dhéanamh feiliúnach.
An bhfuil a fhios ag an Aire nach bhfuil leithreas ná siltean feiliúnach sa scoil?
Is é tuairim an ailtire go bhfuil an scoil seo cúisach maith, ach má tá rudaí a bhaineas leis gur cheart, do réir tuairim an Teachta féachaint ina ndiaidh. B'fhéidir go gcuirfeadh sé tuairisc chugam ina dtaobh.
An le gairid a fuarthas tuarascáil an ailtire sa Roinn.
Dá bhfuighfí tuairisc nua faoin gceist breithneofaí go cúramach é.
Sin díreach atáim a iarraidh ar an Aire— cigireacht as an nua a dhéanamh sa rud.
B'fhéidir go gcuirfeadh an Teachta focal chugam faoi.
Sin focal.
Caithfidh an Teachta cúntas cruinn a chur isteach ar na poinntí áirithe atá i gceist aige.