Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 9 Dec 1948

Vol. 113 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoileanna nua Gairm-Oideachais.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé cé'n dul chun cinn atá déanta i dtaobh scoileanna gairm-oideachais a bhunú in Árainn, ar an gCloich Bhric, agus ar an gCnoc i gContae na Gaillimhe.

Tar éis dom an cheist a chur tré chéile le toscaireacht ó Choiste Gairm-Oideachais Chontae na Gaillimhe ar an 19ú lá de Mhí na Samhna, tá beartuithe go dtig leis an gCoiste dul ar aghaidh le tógáil na scoile ag an gCloich Bhric ón gcéad lá den Aibreán seo chugainn. I gcás na scoile i nÁrainn tá mé ag fanacht le heolas áirithe ón gCoiste i dtaobh méid na scoile i dtaobh an tinnrimh a d'fhéadfadh bheith ann agus i dtaobh an chláir theagaisg, maille le meastachán ar chostas na scoile do chothú. Nuair a bhéas an t-eolas sin ar fáil déanfar an scéal do mheas go hanbháigiuil d'fhonn breith do thabhairt gan aon ró-mhoill. Ní féidir liom ceist na scoile ar an gCnoc do bhreithniú sa cheart go dtí go mbeidh sé ar chumas an Choiste a chur i n-iúl dom go bhfuiltear tar éis láthair a shocrú le haghaidh suidhimh na scoile.

Barr
Roinn