Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 23 Feb 1949

Vol. 114 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cóir Iompair do Dhaltaí Scoile.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil dáréag daltaí scoile ina gcónaí sna bailte, Leitir Easa agus Gleann na nÉan, atá suite trí mhíle ón Líonán, Uimh. Rolla 16674, áit a bhfuil siad ag freastal scoile; go bhfuil tuille daltaí sna bailte sin atá i ngar d'aois scoile; gur siúl rófhada do pháistí an t-achar sin trí mhíle; agus an abróidh sé an soláthrófar cóir iompair do na daltaí sin.

Fuarthas aithris cúise roinnt lá ó shoin chun carrsheirbhís do bhunú i gcóir daltaí scoile atá ina gcónaí sna bailtí Cheanntair Leitir Easa agus Gleann na nÉan d'iompar go dtí Scoil Náisiúnta Líonáin. Tá fiosrúcháin á ndéanamh dom fá láthair agus breithneóidh mé an cás i láthair as faisnéise a gheobhfar de thoradh na bhfiosrúchán sin.

Barr
Roinn