Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 27 Apr 1949

Vol. 115 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Rialacha Nua do Mhúinteoiribh Náisíunta.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé cé na hathruithe atá déanta aige ar Rialacha bhaineas le foireann mhúinteoireachta Scoileanna Náisiúnta a cheapadh do réir líon na ndaltaí ar na rollaí; cén uair a thiocfas na Rialacha nua i bhfeidhm agus an abróidh sé cé mhéid múinteoir breise a fostaíodh nó a fostófar dá bharr sin.

I mí Iúil seo caite, do hathruigheadh na Rialacháin i gcóir Scoileanna Náisiúnta i dtreo gur ar an meán-uimhir daltaí ar na rollaí a bunófaí feasta na coinníollacha maidir le hoidí a cheapadh, nó a choimeád ar seirbhís ins na scoileanna. Roimhe sin, is ar mheántinnreamh na ndaltaí a bhí na coinníollacha san bunaithe.

Mar shocrú sealadach, áfach, ar fea dá bhlian ón gcéad lá de Iúl, 1948, is féidir an meán-tinnreamh nó an mheánuimhir ar rollaí a ghlacadh chun oide a cheapadh nó a choimeád sa tseirbhís, pé acu is fábharaí don scoil. Tá an socrú sealadach seo ann chun aon deacrachtaí a bhainfeadh leis an athrú córais do sheachaint.

Tá cóip de na rialacháin leasaithe dá thabhairt agam don Teachta.

Is oth liom nach bhfuil faisnéis ar fáil fán méid oidí breise a ceapadh de bhárr an athruithe seo ins na Rialacháin. Ní misde dhom a rá, áfach, nach go speisialta chun na fóirne i scoileanna náisiúnta a mhéadú do deineadh an t-athrú seo, ach chun ná béadh ceapachán oidí, nó a gcoimeád i scoileanna, ag brath ar thosca nach bhféadfaí a mheadh nó a thuar roimhré, mar shompla, droch-aimsir nó tinneas daltaí.

Barr
Roinn