Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 7 Jun 1949

Vol. 116 No. 1

Written Answers. - Fir ar pstú faoi Bhord na Móna.

D'fhiafraigh

den Aire Tionscail agus Tráchtála cén mheán-uimhir fear a bhí ar fostú faoi Bhord na Móna i 1948 sna trí Tuathcheantair seo a leanas faoi seach (a) An Clochán, (b) Uachtar Árd, (c) Gaillimh: agus cé mhéad páighe a híocadh le fir gach ceantair acu.

Aire Tionscail agus Tráchtála (Domhnall Ó Muirgheasa)

Meastar gur ag tagairt do límistéir a mbaineann malartáin fostaíochta an Chlocháin, Uachtar Árd agus na Gaillimhe leo atá an Teachta. Dá réir sin sa bhliain 1948: (a) ní raibh aon fhir ar fostú ag Bord na Móna i limistear an Chlocháin; (b) bhí 41 fear ar fostú i limistear Uachtar Árd; (c) bhí 72 fear ar fostú i limistear na Gaillimhe.

Mar seo a leanas iomlán na páighe d'íoc an bord le na fir i ngach limistear diobh sin: (a) limistear an Chlocháin nil; (b) limistear Uachtar Árd £4,976; (c) limistear na Gallimhe £8,124.

Barr
Roinn