den Aire Sláinte an dtig leis a rá cé mhead áit a soláthrófar i mbliana faoin Scéim chun cailíní as an bhFíor-Ghaeltacht d'oiliúint ina mbanaltraí; cé mhéad iarratas a fríothadh agus ar éirigh leis an oiread iarratasóirí is a líonfas an mhéid áiteacha atá ar fáil.
Written Answer. - Oiliúint Banaltran.
D'fhiafraigh
Tá deich bhFolúntaisí (Gaillimh 4, Naomh Lorcáin 4, agus Corcaigh 2) ar fáil i mbliana, agus de bhárr scruduchán na Roinne seo tá aon duine déag des na h-iarrthóirí á gcur ar aghaidh chun dul fé scruducháin ins na h-oispidéil. Ní bheidh toradh na scruduchán san ar fáil go ceann míosa ar a laighead.
Fuarthas 58 iarrtaisí ar fad ach níor choimhlíon 20 duine aca na coinníollacha, maidir le aois, cónaí san bhFíor-Ghaeltacht, srl. D'iarradh ar 38 cailíní dul fé scruducháin áitiúla ach níor tháinig ach 31 díobh, agus do réir mholadh na scrúduitheóirí tá 11 díobh san oiriúnach chun dul ar aghaid go dtí na h-oispidéil.