Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 4 Jul 1950

Vol. 122 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scrúdúchán na gColáistí Ullmhúcháin.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhféadfaidh sé toradh scrúdúchán na gcoláistí ullmhúcháin a chur ar fáil go luath i mí Iúil chun caoi a thabhairt do na hiarrthóirí laethe saoire a ghlacadh agus faill a thabhairt do na tuismitheoirí iad a dhéanamh réidh fá choinne na gcoláistí ullmhúcháin.

Osclófar na coláistí ullmhúcháin i mbliana ar an 5ú lá de Mhí Mheán Fóir. Dá bhrí sin, beidh mí ar a laghad idir fógra tortha an scrúduithe agus oscailt na gcoláistí.

Bíonn an-chuid oibre i gcúrsaí scrúduithe le cur i gcrích ag an Roinn i rith an tsamhraidh (scrúduithe le haghaidh scoláireachtaí na gcomhairle contae, le haghaidh na gcoláistí oiliúna agus le haghaidh an bhun teastais, le cois scrúdú na gcoláistí ullmhúcháin).

De ghnáth cuirtear na fógraí amach chun na n-iarrthóirí a ghnóthaigh áiteanna sna coláistí ullmhúcháin roimh dheireadh na chéad seachtaine i Mí Lúnasa.

Ní féidir aon gheallúint a thabhairt go mbeifear in ann torthaí scrúdú na gcoláistí ullmhúcháin do chur amach roimh lá Lúnasa i mbliana ach déanfar gach dícheall chun na torthaí d'fhógairt níos luaithe ná sin, más féidir é.

Barr
Roinn