Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Jul 1950

Vol. 122 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coiste Litriú na Gaeilge.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cérbh iad baill Choiste Litriú na Gaeilge d'ullmhaigh "An Caighdeán Oifigiúil" (1945); cé mhéad Muimhneach, Connachtach agus Ultach a bhí ar an choiste sin; cén cháilíocht acadúil a bhí ag gach duine acu.

Do réir mar a thuigim ní raibh aon lámh ag an Roinn Oideachais i mbunú an choiste atá luaite ag an dTeachta ná i bhfoillsiú an leabhráin ar a dtugtar Litriú na Gaeilge ina bhfuil córas nua litrithe molta i geóir na teangan.

'Sé mo thuairim, dá bhrí sin, nach liomsa a bhaineann sé an teolas atá dá lorg ag an dTeachta do sholáthar ná do chur ar fáil.

Coiste de stáit-sheirbhísigh a d'ullmhuigh an leabhrán atá i gceist agus, i geás mar sin, ní gnáthach ainmeacha ná cáilíochta d'fhoillsiú.

Ach is féidir liomsa a dheimhniú don Teachta go raibh Ultaigh agus Muimhnigh agus Connachtaigh i gcomhar agus i geomhairle le n-a chéile, san obair sin.

Barr
Roinn