den Aire Oideachais an bhfuil aon tsocrú á dhéanamh aige a chuirfeadh obair Choimisiún na Log-ainmneacha faoi stiúrú a Roinne féin feasta.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coimisiún na Log-Ainmneacha.
D'fhiafraí
Nuair a bhí Meastacháin mo Roinne-se dá bplé annseo roinnt mhí ó shoin mhol an Teacha dhom cúrsaí Choimisiún na Log-ainmneacha a thógaint faoi chúram na Roinne Oideachais. Dubhairt mé an uair sin go raibh mé ad iarraidh smaoineadh cad é an rud ab' fhearr a dhéanamh sa chás. Dheineas machtnamh ó uair go chéile ar an scéal ó shoin ach níl aon tsocrú cinnteach déanta agam go fóill. Deimhním don Teachta, ámh, nach bhfuil an cheist seo dá ligint i bhfaillí agam.
An féidir leis an Aire a rá cathain a bheidh a aigne déanta suas aige maidir leis an gceist seo? An dtógfaidh sé mórán ama eile lena dhéanamh?
B'fhéidir, nuair a bheidh Sos an tSamhraidh curtha dhíom, go mbeidh scéal agam.