Tá Seanad Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith agus is mian leo Dáil Éireann d'aontú leis:—
Go bhfuil sé oiriúnach Comh-Choiste den dá Thigh a cheapadh chun Bille Ospidéil Sir Patrick Dun, 1953, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairmtear Acht do chur tórann le dliteanas pearsanta comhaltaí Bhord Rialtóirí Ospidéil Sir Patrick Dun agus do dhéanamh socruithe i dtaobh nithe eile a bhaineas leis sin.
Tairgim:—
Go n-aontaíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 3ú lá de Mheitheamh, 1953, go bhfuil sé oiriúnach Comh-Choiste den dá Thigh a cheapadh chun Bille Ospidéil Sir Patrick Dun, 1953, a bhreithniú.
Aontaithe.