Tá laghdú £85,920 ar Mheastachán na bliana seo ach caithfear a thógaint san áireamh go raibh soláthar i Meastachán na bliana seo caite de £85,500 chun stóir d'abhair d'athshlánú. Níl aon tsoláthar dá dhéanamh chuige sin i mbliana.
Siad na seirbhísí is mó ar a dtráchtfaidh mé sa ráiteas seo ná na tionscail tuatha agus na tionscail mhara atá dá seoladh faoi chúram na Fo-Roinne, agus cúrsaí tithíochta faoi Achta na dTithe (Gaeltacht).
Maidir leis na tionscail tuatha, taispeánann na mírchinn D. 1 go D. 8 go bhfuil laghdú de thimpeall £73,500 sa tsoláthar i mbliana ach má déantar an soláthar a rinneadh anuraidh d'athshlánú stór a thógaint san áireamh chífear go bhfuil soláthar na bliana seo do riachtanais reatha na dtionscal tuatha gairid do £12,00 níos mó ná an soláthar a rinneadh chuige sin anuraidh. Taobh amuigh de sin, t soláthar faoi Fho-mhírcheann H chunpáigh na n-oibrithe sna tionscail tuatha d'íoc as Fáltais agus tá an méid a taispeántar chuige sin £4,000 níos mó ná an soláthar a rinneadh bliain ó shoin.
Taispeántar faoi Fho-mhírcheann D. 1 go bhfuil an Fho-Roinn ag súil le breis maisínre a cheannach do na tionscail tuatha; tá an t-éileamh ar bhréidín ag dul i méid—go mór mhór sna Stáit Aontaithe agus sa Ghearmáin—agus tá i gceist a thuilleadh maisínre a cheannach i mbliana don mhuileann sníomhacháin i gCill Chárthaigh chun cuidiú le táirgeacht. Tá a thuilleadh maisínre ag teastáil freisin don tionscal cniotála agus do thionscal na mbréagán.
Taispeántar faoi Fho-Mhírchinn D. 2 agus D. 3 go bhfuil ísliú de thimpeall £97,600 sa tsoláthar d'abhair déantóireachta agus pacála ach sa chás seo, taobh amuigh den cheist athshlánuithe stóir a bhí ann anuraidh, táthar ag tógaint san áireamh go raibh stóir thar mar ba ghnáthach ar láimh ag tosnú na bliana. Beidh siad san á n-úsáid sa bhliain seo; mar sin, níl i gceist aon ísliú táirgeachta a bheith ann. Meastar go gcaithfear níos mó ar thine-abhair, iompar, fógraíocht, cothabháil agus eile, agus táthar ag déanamh soláthair de thimpeall £7,000 breise chucu siúd faoi na Fo-mhírchinn D. 4 go D. 8.
Faoi Fho-mhírcheann E, déantar soláthar do na tionscail mhara. Tá isliú de thimpeall £2,400 anso seachas mar soláthraíodh anuraidh ach ní le ceannach torthaí mara a bhaineann an laghdú so ach le hiompar agus stóráil. Anuraidh bhí i gceist slata mara ar fad a cheannach agus ní raibh ach soláthar comhartha ann d'aon tsaghas feamnaigh eile taobh amuigh de £2,750 chun cairrgín a cheannach. I mbliana, i dteannta na slata mara, ceannaíodh roinnt mhaith ascophyllum nó feamainn bhuí a bhí ag teastáil ón gCuideachtain Tionscal Ailgíneacha (Éire) Teoranta. Ní gnáthach na costais iompair agus stórála a bheith chomh trom i gcás an ascophyllum, agus a bheadh i gcás na slata mara.
Is leis an Stát an chuid is mó de scaireanna na Cuideachtan Tionscal Ailgíneacha (Éire) Teoranta, agus i dtosach na bliana féilire seo do leagadha cuntais don bhliain dar chríoch an 30 Meán Fómhair, 1952, ar Bhord na Dála.
Faoi Fho-mhírcheann F. déantar soláthar do na deontais a tugtar faoi Achta na dTithe (Gaeltacht) agus tá an méid céanna sa Mheastachán chuige sin i mbliana a bhí anuraidh £61,500. Siad na háititheoirí tí féin a dhéanann cuid mhaith den obair ar ina leith a híoctar na deontais agus tuigfear mar sin go mbrathann sé go mór ar na daoine féin cén fhaid aimsire a caitear leis an obair chun íocaíocht na ndeontas a thuilleamh. Ar an 18ú de Mhárta seo caite ritheadh Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1953. Chuir an tAcht sin deireadh leis an dteorainn uasta de £900,000 a bhíodh le hiomlán na ndeontas agus na n-iasacht a híoctaí faoi na hAchta roimhe sin, agus rinne sé soláthar freisin do dheontais i leith uisce agus séarachais agus do dheontais agus iasachta i gcóir leathnúchán tí mar chóiríocht do chuairteoirí faoin Ghaeltacht, maille le harduithe áirithe i ndeontais feabhsúcháin. Tá na rialacháin nua faoin Acht sin i bhfeidhm anois agus tá na hiarratais ar na deontais nua á scrúdú. Tabharfaidh na Teachtaí faoi ndeara nach bhfuil an tAcht nua luaite sa Mheastachán seo— mar cuireadh chun a chlóbuailte é sar ar ritheadh an tAcht. Tá socraithe agam, áfach, dul ar aghaidh le caiteachas ar oibreacha faoin Acht nua a dhéanamh faoin Mheastachán mar atá sé, amhail is dá mbeadh an tAcht nua sonraithe ann.
Déileáltar faoi mhírcheann H. leis na fáltais i gcabhair an Vóta lena bhfuiltear ag súil. Chífear go bhfuiltear den tuairim go mbeidh ísliú de thimpeall £2,350 sa teacht isteach ó thorthaí mara seachas mar a bhí i gceist bliain ó shoin ach bíonn an fáltas seo i gcónaí do réir an chaiteachais faoi Fho-Mhírcheann E agus chífear go bhfuil ísliú de thimpeall £2,400 anso seachas soláthar na bliana roimhe.
Ar an dtaobh eile dhe, táthar ag súil le breis fáltais de £7,600 glan ó na tionscail tuatha seachas mar a bhí i gceist bliain ó shoin. Tá áthas orm bheith i ndon a rá go bhfuil feabhas le feiscint i gcúrsaí margaíochta agusgo bhfuil ag éirí leis na hiarrachta atá dá ndéanamh chun margaí d'fhorbairt thar lear. Bhí díolacháin iomlána na bliana dar chríoch an 31ú de Mhárta seo caite thart ar £68,500 níos airde ná mar a bhí sa bhliain roimhe sin agus is cósúil ó fhigiúirí díolacháin an chéad leath den bhliain airgeadais seo go mbeidh diolacháin na bliana so chomh hard nó b'fhéidir níos airde.
Maidir le Vóta 66, £7,480 an Meastachán i leith Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng le haghaidh na bliana airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1954. Baineann an t-airgead sin uile le tuarastail agus costaisí foirne. Tá meastachán na bliana seo £30 níos airde ná meastachán na bliana seo caite. Gnáth-bhreisithe tuarastail faoi ndear an t-ardú sin. Ní dearnadh aon athrú ar an bhfoirinn ach gur cuireadh post Rúnaí an Choiste Eadar-Roinne ar taispeáint sa Mheastachán an turas seo in ionad foráil a dhéanamh dó faoin mír-cheann "Soláthar le haghaidh Breis Foirne" fé mar a rinneadh sa bhliain 1952/53.
Sa ráiteas a ghaibh leis an Meastachán anuraidh, thugas cuntas ar phríomh-fheidhmeanna Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng, ar na cúiseanna ba shiocair lena bunú, agus ar an gcuspóir ba mhaith léi a bhaint amach. Ní mian liom dul isteach gomion sna cúrsaí sin arís ar an ócáid seo. Ó tharla, ámh, nach bhfuil an Oifig ach tamall gairid ann fós, b'fhéidir nár mhiste a mheabhrú do na Teachtaí arís gur gléas í d'fhonn comhoirniú a dhéanamh ar chúrsaí na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng i gcomhar le buan-Choiste Eadar-Roinne a bhfuilimse ag gníomhú mar chathaoirleach air.
Déantar scéimeanna ilghnéitheacha a meastar a dhéanfadh maitheas don Ghaeltacht agus do na Ceantair Chúnga a scrúdú, a phlé agus a scagadh ag cruinnithe an Choiste Eadar-Roinne. Ar an gcuma san, toghtar na scéimeanna a meastar tairbhe a bheith leo agus iad a bheith infheidhmithe. Cuirtear cinnte an Choiste in iúl do na Ranna éagsúla Stáit ansin agus iarrtar orthu éifeacht a thabhairt dóibh.
Níl aon fhoráil á déanamh sa Mheastachán seo lena chumasú d'Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng airgead a chaitheamh, í féin, ar aon scéimeanna, agus tá faighte amach againn, i gcúrsa na hoibre, go bhfuil an nós imeachta atá i bhfeidhm i láthair na huaire—is é sin, go ndéanfaí na scéimeanna agus na tograí uile a chur i gcrích tríd an Roinn is mó lena mbaineann siad, leith ar leith—ag oibriú go sásúil agus nach gá, dá bhrí sin, foireann mhór a bheith ag gabháil le hOifig na Gaeltachta amhail mar a bheadh ag teastáil dá mba ar a mhalairt de chuma a bheadh an scéal.
Bíonn teagmháil dlúth ag Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng leis na Ranna, agus Fo-Ranna uile sa Stát a bhfuil baint acu leis an nGaeltacht agus leis na Ceantair Chúnga, agus teagmháil aici, chomh maith, le comhluchtaí lasmuigh den Stát-Sheirbhís a bhfuil suim nó leas acu sna ceantair sin. Tá réim oibre an-fhairsing á láimhseáil ag an Oifig agus is é an nós anois é, i gcás gach aon togra, beagnach, a bhaineas leis na ceantair atá faoi mo chúram, gan aon scéim atá i bhfeidhm d'athrú ná aon scéim nua a thabhairt isteach go dtí go mbeifear tar éis comhairle a ghlacadh le hOifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng agus leis an gCoiste Eadar-Roinne.
Tuigfear, ar ndóigh, nach bhféadfadh an rath a bheith ar obair aon ghléas comhoirniúcháin, ar nós Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng, mura mbeadh comhar agus comhoibriú ar fáil ó na haonaid éagsúla feidhmiúcháin a beartófaí a chomhoirniú. Is iad atá ag gníomhú mar aonaid fheidhmiúcháin don Oifig seo ná na Ranna Stáit agus, ar shlite áirithe, comhluchtaí a bhunaigh an Stát—ar nós Bord na Móna agus Bord Soláthair an Leictreachais— agus a bhfuil airgead agus foireann ar fáil acu d'fhonn scéimeanna a chur i gcrích sa Ghaetacht agus sna Ceantair Chúnga. Tá faighte amach agam i gcúrsa na hoibre le dhá bhliain anuas go bhfuil na Ranna Stáit sin uile, maraon leis na comhluchtaí rachtúla, lán-toilteanach comhoibriú lem Oifig féin le go bhféadfaidís, i dteannta a chéile, gach fadhb d'ionsaí a bhaineas le forbairt shóisialach agus eacnamaíochna gceantar atá faoi mo chúram. Tá a cion féin déanta ag gach Roinn den Stát trí lán-úsáid a bhaint as na háiseanna a bhí ar fáil di d'fhonn scéimeanna a thionscain nó a bhrostú ar mhaithe leis na líomatáistí sin. Is é toradh atá ar an méid sin uile go bhfuil géarú so-aitheanta le feiscint ar an ráta oibre sna Ranna sin, sa mhéid go raibh baint ag an obair sin le cúrsaí na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng. Bhéarfaidh mé, dá bhrí sin, léargas éigin díbh ar an ngéarú iarrachta sin trí thagairt a dhéanamh do chuid de na bearta is mó tábhacht a rinneadh le bliain anuas d'fhonn an cuspóir comhchoiteann a thabhairt i gcrích.
Mar shampla, i dtaca le cúrsaí tionscail de, táthar tar éis an Foras Tionscail a bhunú, is é sin an comhlucht corpraithe a bunaíodh faoin Acht um Límistéirí Neamhfhorbartha agus ar cuireadh £2,000,000 ar fáil dóibh d'fhonn cúrsaí tionscail d'fhorbairt sna líomatáistí atá sceidealta san Acht sin.
Ina theannta sin, i bhfeidhmiú an Achta Mine Féir (Táirgeadh), bunaíodh "Min Fhéir Teoranta," cuideachta theoranta a ceapadh d'fhonn talamh portaigh i gceantar Bheannchor Iorrais a thógaint, a shilt, agus a shaothrú le go bhféadfaí féar agus plandaí eile d'fhás agus a phróisiú ann.
Is cuimhin libh freisin go ndearnadh, de bhun cinneadh Rialtais, ordú a thabhairt mí Feabhra seo caite do Bhord Soláthair an Leictreachais dul ar aghaidh láithreach agus pleananna d'ullmhú chun go dtógfaí—in Iarthar Thír Chonaill, i gConamara, in Iarthar an Chláir agus in Iar-Dheisceart Chiarraí—cheithre stáisiún bheaga giniúna leictreachais d'úsáidfeadh móin lámh-bhainte.
Is cuimhin libh, chomh maith, gur thug an tAire Tionscail agus Tráchtála ráiteas uaidh mí Eanáir seo caite á chur in iúl go raibh socair stáisiún cumhachta a bhunú i ngual-cheantar Airgnigh, i gCo. Liathdroma, chun an gual ansin d'úsáid, agus go rabhthas tar éis a iarraidh ar Bhord Soláthair an Leictreachais pleananna agus ullmhúchán a dhéanamh chun na críche sin, chomh luath agus ab fhéidir. Cosnóidh sé níos mó ná milliún punt an stáisiúnsin a thógháil agus a chur i dtreo agus úsáidfidh sé idir 45,000 agus 50,000 tonna guail gach bliain.
Níor mhiste tagairt a dhéanamh freisin don scéim udró-leictreach atá beartaithe le haghaidh Abhann na Cláideadh i dTír Chonaill. Tá na pleananna don scéim sin críochnaithe anois ag Bord Soláthair an Leictreachais agus ceadaithe ag an Aire Tionscail agus Tráchtála.
Ar scáth na Roinne Rialtais Áitiúil tugadh isteach scéim nua na mbóthar cuartaíochta. Fé mar d'fhógair mé tamall ó shoin, tá an Roinn Rialtais Áitiúil tar éis scéimeanna—a ceapadh d'fhonn feabhas a chur ar bhóithre cuartaíochta sa Ghaeltacht agus sna Ceantair Chúnga—a cheadú i leith gach contae atá laistigh de líomatáiste feidhme m'Oifige. Tá tuairim 50 oibreacha i gceist ar fad agus cosnóidh siad san idir £1,800 agus £30,000 an ceann. Cuireadh timpeall £400,000 ar fáil do na comhairlí contae i mbliana, chun na hoibreacha sin a chur i gcrích. Gheobhaidh na hoibrithe bóthair, iad féin an chuid is mó den airgead sin, ar ndóigh, i bhfoirm páighe. Má scrúdaíonn na Teachtaí an liosta oibreacha a foilsíodh cheana féin, tuigfidh siad a thábhactaí atá na bóithre sin uile ó thaobh na cuartáiochta dhe, mar shampla, an bóthar trí Cheann tSléibhe ar leithinis an Daingin; an bóthar ó Lios Dúin Bhearna go dtí Ceann Boirne; an bóthar ó Bhaile na hInse trí Chloch na Rón go dtí an Clochán; agus an bóthar ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh go dtí Béal Átha na Lice. Tógfaidh sé timpeall ocht mbliana an scéim iomlán a chur a gcrích. Um an dtaca sin, beidh níos mó ná £3,000,000 caite ar athchóiriú agus feabhsú na mbóthar cuartaíochta fíor-thábhachtacha sin.
Ó thaobh na talmhaíochta dhe, níor mhiste tagairt don leathnú atá bearttaithe ag an Roinn Talmhaíochta a dhéanamh ar scéim na dtithe trátaí. Táthar chun aonad den Scéim sin a bhunú anois i gCathair Saidhbhín. Comóradh cruinniú áitiúil cheana féin d'fhonn tús a chur leis an scéim agus táthar ag feitheamh le hiarratais anois ó na daoine ar mian leo a bheith páirteach inti.
Ina theannta sin, níor mhiste scéim eile atá idir lámha ag an Roinn Talmhaíochta a lua, is é sin scéim na ninniún. Tugadh scéim triaileach isteach i gConamara anuraidh d'fhonn na daoine a ghríosadh chun inniúin d'fhás. Bhí 112 páirteach sa scéim agus an t-ochtú cuid d'acra faoi inniúin ag gach duine acu. Fásadh timpeall 41 tonna ar fad agus rinne an Roinn Talmhaíochta iad a mhargú ar £38 10s. 0d. an tonna.
Tugadh scéim eile den tsórt céanna isteach sa Sciobairín, áit ar chuir 124 fásadóirí idir an ceathrú agus an t-ochtú cuid d'acra, an duine, faoi inniúin i dtreo go raibh timpeall 20 acra, ar fad, á saothrú agus gur táirgeadh tuairim 75 tonna inniún. Is iad na fásadóirí, iad féin, a chuir na hinniúin ar an margadh sa cheantar sin, agus fuaireadar idir £30 agus £40 an tonna orthu.
Bhí toradh chomh sásúil sin ar an dá scéim i gConamara agus sa Sciobairín gur socraíodh na scéimeanna sin a leathnú cuid mhór i mbliana. Chomh maith leis sin, táthar tár éis plásóga samplacha a shocrú sna háiteanna seo a leanas:—Oileáin Árann; Gort an Choirce, Co. Thír Chonaill; Baile an Fhirtéaraigh, Fionn Trágha, an Baile Dubh agus Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraighe; Beannchor Iorrais, Co. Mhuigheo; agus roinnt áiteanna i gCo. Shligigh. Meastar go mbeidh timpeall 500 plásóg inniún, ar fad, dá saothrú faoi na scéimeanna éagsúla i mbliana.
Sa Roinn Tailte, ar ndóigh, tá tábhacht ar leith ag gabháil le hobair Choimisiún na Talún ó thaobh na gceantar ar a bhfuilimid ag trácht toisc nach féidir faoiseamh a thabhairt in aghaidh na cúngrachta gan gabháltais d'athshocrú roimhré. Ar an ábhar sin, is cúis sásaimh dúinn é bheith le rá go dtáinig, le tamall de bhlianta anuas, méadú leanúnach ar an saothar ab fhéidir le Coimisiún na Talún a dhéanamh maidir le gabháltais roinndála d'athshocrú. Is léir ó na figiúirí seo a leanas cad é an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an gCoimisiún:—
An Bhliain
|
An méid gabháltas a hathshocraíodh
|
1950/51
|
106
|
1951/52
|
254
|
1952/53
|
371
|
Ní mhiste a lua, freisin, b'fhéidir, gur fostaíodh roinnt mhaith cigirí breise i gCoimisiún na Talún le déanaí, cé go bhfuil sé ré-luath fós bheith ag lorg rian an mhéaduithe sin ar shaothar an Choimisiúin. Tá gach dealramh ar an scéal, dá bhrí sin, go mbeidh ar chumas an Choimisiúin cúrsaí athshocruithe talún a chur chun cinn feasta ar ráta níos géire, fiú, ná mar is léir ó na figiúirí a luaigh mé anois díreach.
I láthair na huaire, freisin, tá scéim idir lámha ag Coimisiún na Talún d'fhonn muintir an Bhlascaoid Mhóir d'aistriú. Tar éis dóibh tamall fada a chaitheamh ag cuardach agus ag margántaíocht, d'éirigh leis an gCoimisiún talamh oiriúnach d'fháil gairid don Oileán ar an mór-thír i gcomharsanacht Dhún Chaoin agus tá beartaithe anois acu gabháltais bheaga agus tithe nua a chur ar fáil do na himirceoirí ansin. Ó tharla gur Fíor-Ghaeltacht ceantar Dhún Chaoin é féin, ba dheacair, ó thaobh cúrsaí teangan de, áit ab oiriúnaí ná an ceantar sin d'fháil le haghaidh na ndaoine atá le haistriú on mBlascaod.
Tá conradh déanta ag Coimisiún na Talún chun go dtógfar roinnt tithe ar an mór-thir. Críochnófar na tithe sin sar i bhfad agus táthar ag súil go gcuirfear aistriú na nOileánach i gcrích sara dtiocfaidh an geimhreadh isteach.
Ceist eile a raibh an Coiste Eadar-Roinne á plé go minic, ceist na foraoiseachta san Iarthar. Scrúdaíodh an scéal go mion féachaint an bhféadfaí an clár oibre sna ceantair sin a leathnú. I gceantair den tsórt sin, mar a bhfuil talamh maith an-ghann, dhealródh sé, ar an gcéad ásc, nárbh fhéidir aon leathnú substainteach i gcúrsaí foraoiseachta a thabhairt i gcrích mura bhféadtaí talamh fo-mharganach d'úsáid chun críocha plandála. Tá de mhí-ádh ar an scéal, ámh, go bhfuil gach cosúlacht ann, de dhroim tástála a rinneadh cheana, nárbh fhéidir beartas den tsórt sin a chur i bhfeidhm gan bheith fíor-chúramach ar fad ina thaobh. Pé scéal é, tá an Roinnteán Foraoiseachta ar a ndícheall ag scrúdú na ceiste sin i láthair na huaire. Tá roinnt plandála triaileacha curtha acuagus tá na modhanna is nua-aimsirí á n-úsaid acu féachaint an bhféadfaí cuid den talamh fo-mharganach sin a thabhairt chun míntíreachais chun críocha foraoiseachta.
I rith na bliana 1952/53 do hoscladh sé cinn de lár-ionad fhoraoiseachta—i gContae Thír Chonaill (3 cinn); i gContae Mhuigheo, i gContae Shligigh agus i gContae Chiarraighe—a raibh 4,255 acra iontu i dteannta a chéile. Chomh maith leis sin, cuireadh 4,695 acra leis na lár-ionaid atá ann cheana féin. Tá margadh déanta agus cúrsaí dlí le socrú fós i gcás 11,632 acra, agus margántaíocht ar siúl, i láthair na huaire, i gcás 15,094 acra eile. Tá tairiscintí cinnte déanta ag Coimisiún na Talún i leith 1,134 acra i gContae Thír Chonaill agus i gContae Shligigh. Tá tairiscintí eile, a bhfuil 832 acra i gceist iontu, ag feitheamh le himeachtaí atá ar siúl i gCoimisiún na Talún faoi láthair. Do réir an mheán-fhigiúir, bhi 945 fear fostaithe i rith na bliana í ndáil le cúrsaí foraoiseachta i gcontaethe an Iarthair. Cuireadh 4,649 acra crann sna contaethe sin i ngeimhreadh 1952/53, agus cuirfear 5,225 acra iontu faoin gclár oibre atá leagtha amach don gheimhreadh seo chugainn.
Ó thaobh cúrsaí oideachais agus cultúir de, ní miste a lua gur cuireadh deontais ar fáil do Choláistií Gaeilge i Ros Goill, Contae Thír Chonaill, agus i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Contae Chorcaighe, agus gur soláthraíodh deontais mar chabhair chun scoileanna gairm-oideachais a thógáil ar Oileán Arann agus ag an gCnoc, i nGaeltacht Chontae na Gaillimhe.
Tá dian-iarracht á déanamh ag an Roinn Oideachais, freisin, d'fhonn na deacrachtaí a shárú a ghabhas le foilsiú leabhar Gaeilge i láthair na huaire le súil go gcuirfear go mór leis an méid leabhar atá á bhfoilsiú ag an nGúm. Is léir ó na figiúirí seo a leanas go bhfuil ag éirí go maith leis an iarracht sin cheana féin:
An Bhliain
|
An méid leabhar a foilsíodh.
|
1949/50
|
21
|
1950/51
|
10
|
1951/52
|
14
|
1952/53
|
44
|
Ón mbliain 1945 46—nuair a cuireadh 47 leabhar ar fáil—níor foilsíodh oiread leabhar aon bhliain agus a foilsíodh an bhliain seo caite. Meastar go bhfoilseófar timpeall 60 leabhar an bhliain seo.
Is cuimhin libh, chomh maith, gur bunaíodh Bord na Leabhar Gaeilge anuraidh agus gur cuireadh £2,500 ar fáil dóibh chun foilsiú na leabhar Gaeilge a ghríosadh. Táthar tar éis ciste an Bhoird sin a mhéadú go dtí £5,000 i mbliana.
Tá tamall maith caite ag m'Oifigse freisin ag scrúdú ceist na mion-oibreacha mara, féachaint an bhféadfaí na riaráistí deisiúcháin a ghlanadh go tapaidh a fágadh gan déanamh, ar chúiseanna éagsúla, i ndiaidh na hÉigeandála. Tar éis roinnt comhdhála móra a chomóradh, cuireadh tuarascáil faoi bhráid an Rialtais i dtaobh na ceiste sin. Dob iad príomhmholtaí na Tuarascála sin go mba cheart foireann innealltóireachta Oifig na nOibreacha Poiblí a mhéadú agus go mba chóir coiste stiúrúcháin a bhunú d'fhonn riaradh na hoibre a chomhoirniú. Táthar tar éis cead a dheonadh anois chun innealltóirí breise a cheapadh agus tá na hinnealltóirí sin dá n-earcú i láthair na huaire ag Bord na n-Oibreacha Poiblí. Ina theannta sin táthar tar éis an Coiste EadarRoínne, a bhfuilim ag gníomhú mar Chathaoirleach dó, a cheapadh ina choiste stiúrúcháin de dhroim cinneadh Rialtais. Tá de chumhacht ag an gCoiste anois mion-oibreacha mara a cheadú ar choinníoll nach mó ná £2,500 costas measta aon cheann acu, agus nach mó ná £25,000 costas iomlán na scéimeanna a ceadófar in aon bhliain airgeadais. Tá roinnt oibreacha den tsórt sin ceadaithe cheana féin agus tá gach aon dóchas ann anois go bhféadfar, de dhroim an tsocruithe seo, dlús a chur le riaradh na mion-oibreacha mara i gcoitinne.
Tá ní amháin eile, b'fhéidir, ar chóir tagairt a dhéanamh dó sara gcríochnód an ráiteas seo. Ag druidim le deireadh na bliana seo caite, rith sé liom go mba chóir beart éigin a dhéanamh féachaint an bhféadfaí táirgeadh na gcuimhneagán lámhdhéanta a ghríosadh agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus sna Ceantair Chúnga. Chun an cuspóirsin a b haintamach, socraíodh go mba cheart, dá bhféadtaí é a shocrú, taispeántas lámhchearda a chur ar siúl i nGaillimh aimsir an Tóstail. De dhroim na cabhrach a fuarthas go fial ón mBord Fáilte, chuathas i dteagmháil le comhairle áitiúil an Tóstail i nGaillimh agus thoilíodar siúd go fonnmhar taispeántas den tsórt sin a chur ar siúl faoina gcúram féin. Chuidigh an Roinn Oideachais go mór leis an togra, freisin, trí chigire timireachta tís a ligint ar iasacht chun m'Oifigse le go bhféadfadh sí eagrú an taispeántais a ghlacadh idir lámha. D'éirigh go sármhaith leis an taispeántas é féin, agus léirigh sé do gach éinne go bhfuil raon nach mbeifí ag súil leis d'earraí flúntacha ar fáil ar a bhféadfaí tionscail bríomhar lámhchearda a bhunú sa tír seo. Léirigh sé, chomh maith, cumas na ndaoine sa tír seo chun earraí den tsórt sin a tháirgeadh. Sarar féidir an tionscal a bhunú ar an bhforas ceart ó thaobh tráchtála dhe, ámh, caithfear cuid mhaith eagraíochta a dhéanamh, agus tá scrúdú á dhéanamh anois ar an taobh sin den scéal. Táthar tar éis Oifigigh ón Roinn Oideachais agus ó Sheirbhísí na Gaeltachta a chur go dtí an Mhór-Roinn chun staidéar a dhéanamh ar chúrsaí táirgthe agus cúrsaí margaíochta ansin. Nuair a bheas scrúdú déanta ar thuarascáil na nOifigeach sin, agus ar shonraí eile a cuireadh le chéile sa Roinn Tionscail agus Tráchtála, beidh eolas ar fáil—tá súil againn—a chuirfidh ar ár gcumas tionscal dúchasach na lámhchearda a dhaingniú ar an bhforas ceart eacnamaíochta.