Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 24 Nov 1954

Vol. 147 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bun-scoil na Dubhghlaise.

D'fhiafraigh

de'n Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige nach bhfuil dóthain slí sa scoil ag na daltaí a bhíonn ag freastal ar bhunscoil na Dubhghlaise, agus, ina theannta sin, go bhfuil 64 tithe nua ullamh do thionóntaí sa pharóiste sin, agus, dá bhrí sin, cathain a bheidh ar chumas na Roinne Oideachais seomraí scoile breise a sholáthar, mar d'iarr an Bainisteoir Oirmhidneach cheana féin orthu.

Is eol dom go bhfuil an tinnreamh ar scoileanna náisiúnta na mbuachaillí agus na gcailíní i nDubhghlais, Condae Chorcaighe, ag dul i méid, mar gheall ar roinnt mhaith tithe nua a bheith tógtha sa ceanntar le déanaí, agus nach bhfuil dóthain slí anois ins na scoileanna sin do na daltaí go léir.

Tá an Roinn Oideachais sásta, dá bhrí sin, go bhfuil gá le tuilleadh slí a chur ar fáil ins an dá scoil.

Tá iarrtha ar Coimisinéirí na nOibreach Poiblí tuarascáil a sholáthar maidir leis an mbreis slí atá ag teastail do chur ar fáil. Má sé cómhairle na gcoimisnéirí gur féidir, go tíobhasach, an dá scoil do mhéadú, ní mór réamh-shocruithe áirithe a thabhairt chun críche sara bhféadfar deontais a cheadú i leith chostas na scéimeanna agus connartha a dhéanamh le haghaidh na hoibre. Thógfadh sé tamall maith chun na réamh-shocruithe sin a thabhairt chun críche, agus níl ar mo chumas a rá fé láthair cathain is dócha a cuirfear tús leis an obair ar na scéimeanna.

Is eol dom a phráinní atá an riachtanas le tuilleadh slí a chur ar fáil, agus déanfar gach is féidir a dhéanamh chun freastal ar an gcás gan mhoill.

Barr
Roinn