den Aire Rialtais Áitiúil cén staid ina bhfuil an tairiscint a cheadaigh Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng i mí Aibreáin, agus ar dearnadh suirbhéaracht ina taobh ag Coimisin-éirí na nOibreacha Poiblí, chun fad a chur leis an gcéibh in Inis Thoir, Árainn.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Feabhsú Cé in Árainn.
Tuigtear dhom go raibh breithniú á dhéanamh ar scéim chun faid a chur leis an gcéibh ar Inis Thoir, Árainn, ach ní heol dom gur ceadaíoch an scéim sin i mí Aibreáin seo caite ná aon uair eile i rith na bliana seo.
An féidir leis an Aire an insint dúinn anois an bhfuil sé seo ceadaithe fós?
An féidir leis an Aire cúis na moille a insint dúinn?
Ní fheadar an raibh an Teachta ag éisteacht liom nuair a bhí mé ag léamh an fhreagra dó. Níor ceadaíodh an scéim seo i mí Aibreán seo caite ná aon am eile i rith na bliana seo.
An bhfuil a fhios ag an Aire gur tugadh údaráis i leith scéime eile a chosnódh £8,000——
Ní hí sin an cheist.
——agus gur cuireadh ar ais í agus do dtáinig na hinnealltóirí agus go ndearnadar suirbhéaracht ar an gcéibh.
Sin ceist eile.