Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Dec 1954

Vol. 147 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Céibh Inis Thoir, Árainn.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an bhfuil a fhios aige gur mhol Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng go gcaithfí ocht míle punt as an gCiste Forbartha Náisiúnta ar obair áirithe mhara in Inis Thoir, Árainn, gur ghlac an Taoiseach leis an moladh san Earrach i mbliana, go ndearna innealltóirí athshuirbhéaracht ar thograí as an oileán seo agus gur mholadar a gcéad tairiscint a chur ar ceal, agus, ina hionad, aon mhíle déag punt a chaitheamh ar fhad a chur as an gcéibh; agus, má tá, an abróidh sé an bhfuil glactha leis an tairiscint seo fós, agus, mura bhfuil, cén uair a ceadófar í.

Is eol dom gur mar atá ráite sa cheist atá an scéal. Maidir leis an togra chun faid a chur leis an gcéibh ag Inis Thoir, a moladh mar mhalairt ar an togra a ceadaíodh ar dtúis, tá breighniú á dhéanamh air go fóill agus caithfear a chinneadh fós an togra é atá oiriúnach lena chur faoi bhráid an Taoisigh i gcomhréir leis an nós imeachta a ghabhas leis an gCiste Forbartha Náisiúnta (Cionroinnt na Gaeltachta). Tuigfear ámh go bhfuil difríocht bhunúsach idir an dá thogra. Muir-obair nua a thógáil, áit nach raibh aon mhuir-obair roimhe, a bhí i gceist so togra a ceadaíodh; feabhas a chur ar mhuir-obair atá ann cheana féin atá i gceist i dtogra na céibhe. Ar an ábhar sin, caithfear an cheist a bhreighniú féachaint ar chirte an costas a ghabhfadh le faidiú na céibhe d'íoc as an ngnáth-chiste le haghaidh muir-oibreacha le cabhair an ghnáthranníoca ón Údarás Áitiúil. Ó tharla gur mar sin atá an scéal, ba dheacair a rá go cinnte, faoi láthair, an gceadófar, nó cén uair a ceadófar, an togra áirithe atá i gceist.

An dtuigim ón Aire go bhfuil sé ag tarraing an Údaráis Áitiúil isteach sa gceist seo? Nach bhfuil a fhios aige gur ceadaíodh £8,000 as an gCiste Forbartha Náisiúnta do obair áirithe ar an oileán agus gur dearnadh athshuirbhéaracht agus, dá bharr sin, gur moladh go gcaithfí an t-airgead sin agus pé méad eile a bheadh ag teastáil ar an gCéibh; agus an dtuigim freisin go gceapann an tAire nach fiú an méad seo sa mbreis a chaitheadh ar an obair is géire atá ag teastáil ar an oileán?

A Cheann Comhairle, 'sé mo bharúil nach ceist í seo ar aon chor. Ráiteas atá an Teachta 'a dhéanamh.

B'fhéidir go bhfuil sé roinnt deacair ar an Aire an cheist seo do phlé le ceisteanna breise ag an am seo agus mar sin, le cead an Cheann Comhairle, ba mhaith liom an cheist seo a phlé ar an Dáil do theacht le chéile arís anocht.

Barr
Roinn