Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 29 Mar 1955

Vol. 149 No. 6

Written Answers. - Ainmneacha Tithe Posta.

D'fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa an feasach dó nach é i gcónaí ainm an bhaile fearainn ina bhfuil sé suite a bhíos ar theach an phosta faoin tuaith; agus an gcuirfidh sé dá n-athrú iad áit ar bith go bhfuil sé amhlaidh; agus, freisin, an bhféachfaidh sé chuige go mbeidh ar fhoirm an Bhéarla de na hainmneacha sin an litriú is gaire do fhuaim na Gaeilge más é an t-ainm céanna i mBéarla agus i nGaeilge é.

Micheál Mac Aoidh

Tá roinnt cásanna ann nach ionann ainm bun oifig-phoist agus ainm an bhaile fearainn ina bhfuil sí. Is eol dúinn, de bharr taithí, gur rí-mhinic a chuireas daoine i gceantar in aghaidh ainm bun oifig-phoist d'athrú go háirithe nuair is sin an t-ainm atá ar an oifig sin le fada. Dá ndéantaí athrú bheadh ar mhuintir an cheantair agus ar dhaoine a bhíos ag scríobh chucu malairt seoladh d'úsáid, agus tá faighte amach ag an Roinn go gcuirtear, beagnach i gcónaí, go láidir in aghaidh athrú a dhéanamh ar sheolta poist. Tá mé ullamh, áfach, breithniú a dhéanamh chun an t-ainm a chur ar bun-oifig atá ar an mbaile ina bhfuil sí in aon chás ina bhfuil cruthú ar mhuintir na háite a bheith á iarraidh sin.

Maidir leis an gcuid dheiridh den cheist, chuirfeadh an Roinn í féin i mbaol mór luchtúcháin dá n-athraíodh sí litriú Béarla ainmneacha bun oifigí thar an litriú a bhíos in úsáid ag na húdaráis áitiúla lena mbaineann. Maidir leis an ní seo, ba mhaith liom an fhoráil atá san Acht Rialtais Aitiúil, 1946, i dtaobh ainmneacha áiteanna d'athrú, a mheabhrú don Teachta.

Barr
Roinn