Coiste Airgeadais. - An Bille Airi agus Rúnaithe (Leasú), 1956—Céim an Choiste agus na Céimeanna Deiridh.

ALT 1.
Moladh an cheist:"Go bhfanfaidh Alt 1 ina chuid den Bhille."

Tugann an t-alt seo cumhacht don Rialtas lá airithe a cheapadh chun feidhmiú na hAireachta seo. Ba mhian linn an lá a cheapadh chomh lua agus is féidir. Tá súil agam go mbeidh an lá sin againn i gceann mí nó mar sin.

Díreach tar éis an Bille a bheith ag an Rialtas?

Chomh lua agus is féidir a dhéanamh, agus ní beidh aon mhoill ann.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

English version of Bill: Question—“That Section 1 stand part of the Bill”—put and agreed to.

ALT 2.

Moladh an Cheist: "Go bhfanfaidh Alt 2 ina chuid den Bhille."

D'iarr an Teachta Mac Pharthaláin na limistéirí do dheimhniú agus sé tá beartaithe faoin bhfó-mhír seo den Bhille go mbeadh cumhacht ag an Aireacht an scéal sin ar fad do bhreithniú, chun go leagfaí síos go cruinn chomh fada agus atá sé indéanta cad iad na limistéirí gur chóir Gaeltachta a thabhairt orthu. Tá fhios againn gur leagadh amach limistéirí ag Comisiún na Gaeltachta agus gur tugadh Gaeltachta agus Breac-Ghaeltachta orthu ach tá 30 bliain imithe ón am sin agus tá athrú mór tagtha ar na háiteanna go mba ceart Gaeltachta a thabhairt orthu. Caithfear a dheimhniú cad iad na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge mar gnáth-theanga go fóill, agus cad iad na ceantair nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu mar a bhíodh sí. Tá cuid mhaith den fhiosrú déanta cheana mar chuid den daonáireamh. Do chuir na háireamhóirí, na Gardaí, cuir i gcás, síos ar na foirmeacha, do réir an eolais a fuaireadar le ceistiúchán, eolas i dtaobh gnáththeangan gach líon tí a chuartaíodar. Beidh eolas cruinn againn i gceann trí mhí nó mar sin i dtaobh gach ceantair sa Ghaeltacht agus sa Bhreac-Ghaeltacht. Nuair a bheidh machnamh déanta ar an gceist ansan agus nuair a bheidh na h-áiteanna sin leagtha amach beidh an t-eolas againn chun an chéad ordú do chur amach.

Tá a lán áiteanna sa tír fós go bhfuil an Ghaeilge á labhairt go coitianta ag mór-chuid des na daoine iontu agus ní dochar a rá i dtaobh a lán áiteanna gur fíor-Ghaeltachta iad san. Beidh an t-eolas sin deimhnithe againn tar éis toradh an mhór-áirimh atá á dhéanamh agus beimíd i n-ann an chéad ordú a dhéanamh a thabharfaidh go leor slí dúinn chun obair na hAireachta a thosnú agus nuair a bheidh sé ag dul chun cinn agus nuair a bheidh níos mó eolais againn ar na ceantracha go léir is féidir na limistéirí d'athrú in aon slí is ciallmhar i dtreo is go mbeidh gach aon áit sa tír go bhfuil aon seans é choimeád ina Ghaeltacht, nó Gaeltacht a dhéanamh de, fé chúram Aireacht na Gaeltachta.

Sílim gurab é an t-alt seo an t-alt is tábhachtaí sa Bhille. Is an-thábhachtach an rud Gaeltacht an lae inniu a leagadh amach agus a bheith deimhnitheach cinnte céard iad na ceanntracha sa tír gur ceart "Gaeltacht" a chur orthu. Ins an alt so luaitear limistéir Gaeltachta. Nach bhfuil sé ar intinn ag an Aire limistéirí fíor-Ghaeltachta a shainmhiniú? Caithfear, dar liom féin, deighilt a dhéanamh idir an fhíor-Ghaeltacht agus an Ghaeltacht. Tá fhios ag an Aire go bhfuil limistéirí fíor-Ghaeltachta ann fé láthair nó go n-aithnítear limistéirí mar fhíor-Ghaeltachta agus limistéirí eile mar Bhreac-Ghaeltachta, agus mar sin de. Anois, in Alt a 2, ní luaitear rud ar bith ach "Gaeltacht." Caithfear sainmhíniú a thabhairt ar céard iad na limistéirí Gaeltachta atá sa tír agus ina mbeidh an tAire agus an Aireacht freagarthach. Dar liom féin ba cheart "limistéirí Fíor-Ghaeltachta" a chur isteach ansin agus go mbeadh sé de chúram ar an Aireacht nua na limistéirí breac-Ghaeltachta d'árdú tré mhodhanna éagsúla chun go bhféadfaí na limistéirí fíor-Ghaeltachta a leathnú isteach ins na limistéirí breac-Ghaeltachta. Sin rud nach bhfuil cruinn nó einnte ansan agus níl sé deimhnitheach go leor.

Tá súil agam nuair a luaitear "an Ghaeltacht" anseo go ndéantar cúram ar dtúis do na límistéirí fíor-Ghaeltachta agus ansan go sainmhíineofar na limistéirí breac-Ghaeltachta ina dhiaidh sin, ach go dtabharfar ar dtúis an chuid is mó den aire do na limistéirí a bhfaighfear amach gur fíor-Ghaeltacht iad.

Dúirt an tAire, i gceann trí mhí nó mar sin, nuair a bhéas toradh an áirímh faighte, go mbeidh siad ábalta ón eolas sin limistéirí Gaeltachta nó fíor-Ghaeltachta a mheas. Ní bheidh. Fuair gach teaghlach sa tír foirm don áireamh. Níl rud ar bith san bhfoirm sin chun a chur i n-iúl gur teaghlach atá i gceist, ina labhartar an Ghaeilge mar ghnáth-theanga. Ansan mar "after-thought," nuair fuarthas amach tar éis an fhoirm sin do chur amach, nach raibh maitheas ar bith ann chun an t-eolas atá de dhith ar an Roinn úr d'fháil, dúradh leis na Gardaí ceist a chur. Cheapas ón rud a dúirt an tAire agus é ag labhairt gur cuireadh d'iachall ar na Gardaí an t-eolas fháil tré cheist do chur i ngach teaghlach ins na limistéirí ar a dtugtar "Fíor-Ghaeltacht" anois.

Ní hea. An Ghaeltacht agus an Bhreac-Ghaeltacht fé Choimisiún na Gaeltachta —ar fud na gceantracha sin ar fad deineadh fiosrúcháin ar leith agus tugadh eolas agus treoir fé leith.

Isteach ins na foirmeacha?

I dteannta na foirme a cuireadh ar fud na tíre ar fad, tugadh foirm eile dos na h-áireamhóirí a bhí ag dul mórthimcheall agus tugadh teagasc dóibh chun a dhéanamh amach, cuir i gcás, na líontithe agus na teaghlaigh ar nghnáth-theanga acu an Ghaeilge, nó Béarla agus Gaedhilg, nó Béarla amháin agus chun uimhir na dteaghlach sin a dhéanamh amach agus an méid daoine a bhí ins na teaghlaigh sin, ach níor cuireadh an fhoirm seo ar fud na tíre ar fad, ach amháin ins na ceanntracha sa Ghaeltacht agus sa Bhreac-Ghaeltacht atá fé Choimisiún na Gaeltachta. Is ar na h-áireamhóirí a bhí an cúram chun na foirmeacha do líonadh tar éis labhairt leis na daoine i ngach teaghlach. Níor cuireadh an fhoirm sin amach ach timcheall cuid den tír.

Tuigim anois go díreach céard a rinncadh ach mar sin féin ní admhóidh an tAire nach féidir caighdeán a bhunú ar an eolas a gheobhfar amach ós na foirmeacha sin. Ní féidir caighdeán beacht a bhunú air sin. Caithfear dul isteach sa cheist níos fearr ná sin. Mar is eol don Aire is féidir le Garda amháin an obair a dhéanamh go maith agus go mbeadh Garda eile ann nach ndéanfadh an obair chomh maith. Dár liom fhéin, b'fhéidir an táireamh sin a dhéanamh i bhfad níos fearr tré scrudú an deontais £5. Rud eile fós, nuair a bhéas an limistéar dhá mhíniú beidh tarraingt mór ó cheantracha áirithe; beidh tarraingt ó na "Parish Councils" agus beidh tarraingt eile ó na comhairleoirí contae agus ó na Teachtaí Dála agus caithfidh an tAire éadan cruaidh a chur air in aghaidh na dtarraingtí éagsúla sin. Tá fhios ag cách go bhfuil difríocht mhór idir na límistéirí Gaeltachta agus breach-Ghaeltachta atá glactha ag na Ranna éagsúla: tá límistéar amháin leagtha amach ag an Roinn Oideachais: tá límistéar eile glactha ag an Roinn Rialtais Aitiúil, agus tá limistéar eile fós leagtha amach ag an Roinn Tailte. Ar an chaoi sin tá buntáistí na Gaeltachta scaipthe ar fud na Galltachta. An dtiúrfar ceantracha atá anois taobh amuigh de scéimeanna na Roinne Oideachais isteach chun go mbeidh buntáistí na Fíor-Ghaeltachta le fáil acu?

Dúirt mé an lá faoi dheire nach dtiúifar.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aireacht buntáistí sa bhreis a thabhairt do na ceanntracha atá anois sa bhFíor-Ghaeltacht?

Tá súil againn.

Tá súil agamsa fósta. Ba cheart go mbeadh scéimeanna speisialta agus buntáistí speisialta á gcur ar fáil do na ceanntracha sa bhFíor-Ghaeltacht. Is dóigh liom freisin nár cheart na buntáistí atá ag na daoine sa bhreac-Ghaeltacht anois a bhaint díobh faoin Acht seo. Siad sin na poinntí a bhí ar intinn agam a lua ar an Alt seo. Alt an-tábhachtach é tá fhios ag an Aire.

Seo é an ócáid is ceart dom cur síos ar na rudaí go raibh fonn orm trácht a dhéanamh orthu ar an Vóta Airgid. Deir an tAire linn anois i dtaobh límistéir na Gaeltachta nach raibh sé in aigne aige glacadh le límistéar Tithe na Gaeltachta. Tagann sé sin taobh thoir de Abha na Sionainne. Níl sé sásta glacadh le tuairisc Choimisiún na Gaeltachta agus níl sé sásta ach oiread glacadh leis an gceantar ar a dtugtar an Ceantar Cung. Freisin, níl sé sásta glacadh leis an gceantar ina n-íoctar deontaisí na Gaeltachta. Siad sin cheithre cinn de treoireanna a bhfeadfaí ciall éigin a bhaint astú chun an límistéar a phiocadh amach. Anois, tagann an tAire chun an cúigiú ceann agus, ar ndóigh, ní raibh an cúigiú ceann seo in aigne ag an Rialtas dhá bhlian ó shoin nuair a dúradh go raibh sé ar intinn ag an gCó-Rialtas Bille mar seo a thabhairt isteach. Dúirt an tAire mar fhreagra ar cheist uaim-se nach raibh sé i ndon a rá céard iad na ceantracha a bheadh faoi chúram na hAireachta nua seo agus go mbeadh orthu dian-mhactnamh a dhéanamh ar an gceist agus nach raibh sé cinnte, nuair a chuir mé an cheist síos, cé'n am a fógrófaí an t-eolas sin. Tháinig an toghchán i gCiarraidhe agus fógraíodh ansin é, ach ba mhaith liom a rá go raibh sé ar cheann do na dhá phoinnte dhéag a bhí ag an gCó-Rialtas roimh an Toghachán Mór deiridh. B'in dhá bhliain ó shoin agus ba cheart go mbeadh tórainneacha na Gaeltachta socruithe anois go mór mhór nuair a bhí cúnamh le fáil ó Comhairle na dTithe Gaeltachta agus ó Choimisiún na Talún agus ó Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCung atá ann le scór blianta anois agus cúnamh ó na tithe atá ag fáil an deontais Gaeltachta. An bhfuil sé socraithe ag an Aire breith Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a thógaint nach bhfuil ins an bhfíor-Ghaeltacht ach seacht bparóiste? Sin ceist amháin, ach an bhfuil sé ceapaithe ag an Aire nó ag an Rialtas freagracht na hAireachta nua a choimead taobh istigh de thórainn na seacht bparóiste? Sin an dara ceist. Sé mo thuairim go mba cheart don Aire an fhaisnéis sin a thabhairt dúinn. Tá fhios agam go bhfuil difir idir obair Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCung agus an rud nua seo agus sé an bhrí a bhainimse féin as ná gur saghas "compromise" nó leath ar leath iseadh í idir Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCung. Más ceart é sin— táim á rá seo mar chualas ó Theachta ón taobh eile go mba fuide an ceanntar ná an fhíor-Ghaeltacht.

Sé an rud atá uainn anois ná a fháil amach cé hiad na ceantair bhreise seachas an Fhíor-Ghaeltachta dlúfar le ceantracha Fíor-Ghaeltachta fé chúram na Aireachta nua. Níl cead againn, fé mar a thuigimse, tagairt a dhéanamh d'aon ghné eile den cheist seo ach amháin an límistéar agus na ceantracha. Nílim ag déanamh poinnte mór maidir le cá háit a mbeidh ceann árus an Aire, agus nílim ag déanamh poinnte nach Aire speisialta a bhéas ann don Ghaeltacht.

Sé mo thuairim nach mbeadh an tAire nó an Rialtas indáiríre, dá ndéarfaidís nach bhfuil éinne ar an taobh sin den Teach a bheadh oiriúnach don phost ach sin an bhrí a thógas as briathra an Aire an lá fé dheire. Bhí an tAire Rialtas Aitiúil ann ar feadh tamaill i mbun Oifig na Gaeltachta agus na gCeanntar gCung agus is dócha nach raibh sé sásta glacadh leis an Aireacht nua seo, ach nuair a dúradh an lá fé dheire gurb é an tAire Oideachais a bheadh i mbun na hoibre sé an rud a tháinig im aigne in a dhiaidh sin ná go mbeadh an tAire sin ag baint le forbairt agus sábháil na teangan gan bacadh le saol geilleagrach na ndaoine ins an nGaeltacht ach is ar an saol geilleagrach a bhrathann sábháil na Gaeilge fé mar a aontaíonn Connradh na Gaeilge agus comhaltaisí eile mar sin. Ceist gheilleagrach í seo, ceist shábhála na Gaeltachta go hiomlán mar tá sí chomh bocht agus chomh beag i gcomparáid leis an gcuid eile den tír. Fé mar a thuigimse an scéal, níl aon tagairt ná aon éifeacht ins an mBille seo do rud amháin agus sin é an tsuim atá ag muintir na hÉireann go hiomlán i dteanga na Gaeilge. Dá mba rud é gur mhian le gná-dhaoine na tíre seo an Gaeilge a thabhairt thar nais mar theanga choitchianta ní dóigh liom go mbeadh gá leis an mBille seo in aon chor.

Níl fhios agam cad a dhéanfadh an Aireacht nua maidir leis an gceist sin. Ní dóigh liom gur féidir an cheist sin a phlé fén mBille seo. Dúradh cheana dá gcuirfí monarcha ar gach cros-bhóthar sa nGaeltacht nach sábhálfadh sé an teanga. Is ceart é sin, ach tá sé de dhualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh ar son na ndaoine agus ar son na teangan. Más feidir leis an mBille seo cúnamh a thabhairt dúinn ar an tslí sin cuirfimid fáilte roimh an mBille. Ar an taobh seo den Teach tá súil againn—súil fhánach b'fhéidir, ach tá súil againn, pé scéal é, go ndéanfaidh sé leas. Ní féidir linn a thuigsint, ón méid adúirt an tAire ar an Dara Céim, cad é an difríocht atá idir Oifig na Gaeltachta agus na gCeanntar gCung agus an Rúnaí Parlaiminte agus an Aireacht nua seo. Más rud é go bhfuil sé ceapaithe ag an Aire rudai áirithe a dhéanamh ba cheart go n-inseodh sé dhúinn cad iad. Ba chóir go mbeadh na paróistí sa bhfior-Ghaeltacht, fé mar atá siad fé láthair, fé chúram na hAireachta seo, agus, má's rud é nach féidir é sin, ba chóir go bhféadfaí a rá cad iad na ceantair chúnga eile buailte ar an bbfíor-Ghaeltacht a bhéas ceangailte léi. Sin dhá cheist atáim a chur ar an Aire agus tá mé a súil le freagra éigin uaidh.

Gan aon amhras, tá dhá cheist ann—cá bhfuil an Ghaeltacht agus cad na thaobh go dtugtar "Gaeltacht" uirthi. Chun an ceo do bhaint den dá cheist sin, tá an Aireacht nua seo ag teastáil uainn. Nuair a cuirfear tús, beagánín, le gnó na hAireachta beidh freagra éigin, ar chuma ar bith, ar an dá cheist sin. B'fhéidir nach réiteodh gach aoinne leis an chéad fhreagra a tabharfar ar an dá cheist sin ach, pé scéal é, beidh an t-eolas go léir le fáil. Im thuairim, ba chóir go mbeadh sé soiléir do gach aoine anseo nach féidir an t-eolas sin fháil go dtí go mbeidh gléas ann chuige sin agus is í an Aireacht nua seo an gléas chun freagra do thabhairt ar an dá cheist—cá bhfuil an Ghaeltacht agus cad na thaobh go dtugtar "Gaeítacht" uirthi.

Tá mórán eolais ag na Ranna Stáit faoi áiteanna gur cóir "Gaeltacht" do thabhairt orthu. Mar shampla, faoin Roinn Oideachais, tá scoileanna áirithe i nDún na nGall, igCo. Mhuigheo agus i nGaillimh agus in áiteanna eile sa tír atá faoi chigireacht speisialta agus tugtar cigirí na Gaeltachta orthu. Tá oifigí poist anseo agus ansúd ar fud na tíre agus, do réir na Roinne Poist agus Telegrafa, is oifigí poist iad don Ghaeltacht agus is féidir iad a bhreacadh síos ar léarscáil fé mar a chuireann muintir na Gaeltachta marc anseo agus ansiúd ar an léarscáil chun suíomh na Gaeltachta a thaispeáint. Bíodh sin mar atá, tá cruinneas ag teastáil uainn.

Do bhí mór-áireamh á dhéanamh ar fud na tíre, agus, ós rud é go raibh sé ar siúl, do ceapadh go mbeadh sé caothiúl, nuair a bheadh an mór-áireamh ar siúl ins na ceanntair go dtabharfaí "breac-Ghaeltacht" agus "fíor-Ghaeltacht" orthu, áireamh speisialta a dhéanamh ins na háiteanna sin a thabharfadh eolas dúinn ar an méid teaghlach atá ann ina labhartar an Ghaeilge go coiteanta i dtreo is go mbeadh an t-eolas sin againn mar thaca i dteannta an méid eolais a bhí againn go dtí sin. Im thuairim, thabharfaidh sé sin eolas an-chruinn dúinn ach tuigim nach féidir a bheith deimhnithe ar fad faoin limistéir gur féidir "Gaeltacht" do thabhairt air ach amháin nuair a bhéas an Aireacht ag obair agus nuair a bhéas gléas na hAireachta sin ag breithniú na ceiste. Cheapas go raibh sé soiléir, ón méid atá ins an mBille agus ón méid a dúradh, gur gá an gléas seo chun an t-eolas sin d'fháil. Sé a bheadh im aigne chun gnóthaí na hAireacht seo ná nach mbeadh Gaeltacht, fíor-Ghaeltacht agus breac-Ghaeltacht agus mórán saghasanna eile Gaeltachta ann: na limistéirí a bheadh faoi réim na hAireachta seo, ní cóir, im thuarim, aon rud ach "Gaeltacht" a thabhairt orthu. Má iarann an Teachta Mac Pharthaláin orm an gceapaim nach bhfuil sa "Ghaeltacht" ach na seacht bparóiste gur dhein Comdháil Náisiúnta na Gaeilge tagairt dóibh, níl an freagra agam ar an gceist sin, ach beidh sé, comh maith le heolas faoi na limistéirí lasmuigh de na seacht bparóiste agus freagra na ceiste an ceartiad a thabhairt isteach san "Gaeltacht" faoin mBille seo. Níl fhios agam, ach gheofar amach an t-eolas sin. Na theannta san, ma's fiú iad do thabhairt isteach agus cúram ceart do thabhairt do na ceantracha ina labhartar an Ghaeilge go coiteanta, tógfar na háiteanna sin isteach faoi Ordú. Ach, beidh caoi ag an Dáil chun an cheist sin do phlé.

Má tá aon amhras ar dhaoine mar gheall ar an Rialtas a bheith dáiríre faoin mBille seo, ba chóir dóibh a thuisgint go bhfuil dhá cheist ann go mbeidh freagra orthu nuair a bhéas an Aireacht seo ar siúl ar feadh tamaill. Beidh fhios ag lucht an Oireachtais cá bhfuil an Ghaeltacht agus beidh caoi acu a rá go bhfuil siad sásta nó mí-shásta i dtaobh na limistéirí atá leagtha síos mar sin agus leis an eolas atá á lorg inniu acu nuair a bhéas sé go cruinn acu. Im thuairimse, is mór an ní bheith ag brath ar sin. Is rud mór don teanga cruinn-eolas a bheith againn ar cá bhfuil an Ghaeltacht agus cad na thaobh go dtugtar Gaeltacht uirthi.

Dá mba rud é nach raibh aon cheist againn sa scéal seo mar gheall ar an Aireacht ach amháin a fháil amach go cruinn cinnte cad iad na paróstí ina labhrann na daoine an Ghaeilge mar ghnáth-urlabhra bheinn ar an tuairim gur chóir an tórainn sin a dhéanamh righin agus b'fhéidir an aidhm sin do bheith againn. Nuair a rinne Comisiún na Gaeltachta léarscáil agus nuair a bhreac siad mórán limistéirí ar an léarscáil go mbfhéidir a rá ná raibh an Ghaeilge imtithe uathu do bhí mórán daoine ar an tuairim, nuair a thug siad cuaird ar na limistéirí sin ins na blianta ina dhiaidh sin, gur ab ionadh go raibh an Ghaeilge imithe as cuid de na limistéirí agus na paróistí sin tar éis iad a bheith breacaithe síos ar an léarscáil agus i dTuairisc Choimisiún na Gaeltachta mar chuid den Ghaeltacht. Dúirt an Coimisiún, ceart go leor, go raibh "fior-Ghaeltacht,""breac-Ghaeltacht" agus "Ghaeltacht" ann. Sílim nár luaigh siad go cinnte agus tagann an cheist ós ár gcóir anois an é an taobh geilleagrach de cheist na Gaeltachta is mó a bhí i gceist acu nuair a rinne siad na ceantracha níos leithne b'fhéidir, ná mar do b'fhéidir a dhéanamh dá ndeanfaí teast pearsanta in gach teaghlach dá mbeadh cigirí oideachais nó cigirí de shórt éigin eile ann chun a dheimniú an raibh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga ag na daoine ann.

Tá a fhios ag an Aire go bhfuil deacrachtaí ann maidir leis na páistí atá i dteideal an deontais £5 d'fháil. B'fhéidir, do réir na rialacha, nach raibh cuid de na páistí i dteideal an deontais d'fháil. Sé an leithscéal a bhí ann nar cheart an deontas do thúirt ach do mhalraigh a raibh an Ghaeilge ina gnáth-theanga acu cois teallaigh agus gurab í an teanga í is gnáthaí a húsáidtí sa mbaile. Dob éigin dúinn a admhail gur leor dá mbeadh duine amháin de na tuismitheoiri ina chainteoir Gaeilge. Measaim go bhfuil na máithreacha níos tábhachtaí sa cheist seo. Tá siad níos tábhachtaí ná na haithreacha. Bíonn na máithreacha sa teach in éineacht leis an gclann agus bíonn dlúth-bhaint acu leis na páistí.

Maidir le "administration," tá na rialacha faoin mBille seo an-dian agus d'fhéadfaí a rá, muna bhfuil ach scór paróiste i gceist, nach fiú Aireacht do chur ar bun chun deighleáil leo, tá an líon chomh beag sin. Ó thaobh an Aire agus na hAireachta beidh sé an-deacair scéimeanna d'fhorbairt is do chur i gcrích, má leagtar síos rialacha dochta daingne. Sin ceann de na fáthanna, nuair do bhí an Teacht Ó Loingsigh ina Rúnaí Parlamainte, gur cuireadh na Ceantracha Cúnga isteach sa Ghaeltacht.

B'fhéidir go mbeadh sé deacair a rá gur Gaeltacht í Cathair na Gaillimhe má taimid ag brath ar an líon teaghlach agus ar an líon daoine a labhrann an Ghaeilge de ghnáth gach lá dá saol. Ar an taobh eile den scéal, tá daoine in Oirthear agus in Iarthar na Gaillimhe a bhfuil a lán Gaeilge acu fós. Is dóigh liomsa go ndéanfadh se díobháil tórainn dian do leagadh síos i gcás áiteacha ar nós na Gaillimhe agus áiteacha eile mar é agus a rá nach ceart iad d'áireamh mar Ghaeltacht toisc nach bhfuiltear ag coimhlíonadh na rialacha. B'fhearrde an cheist seo fhágáil ar oscailt.

Deir an tAire gur gá an t-eolas seo d'fháil ar dtús, agus go gcaithfear na ceantracha seo a rianadh síos go cruinn. Ba cheart muintir na Gaillimhe a ghríosadh agus dá mbeadh an Aireacht nua i nGaillimh ba mhór an rud é do chúis na Gaeilge. Tagann daoine ó thíortha eile go Baile Átha Cliath agus ní fheiceann siad difríocht ar bith idir Baile Átha Cliath agus Londain nó áit ar bith eile in Sasana, cuir i gcás, mar gheall ar an dteanga agus nósanna na ndaoine. Ach nuair a théann siad go Gaillimh bíonn a fhios acu, nuair a chloiseann siad an Ghaeilge á labhairt, go bhfuil náisiún eile ann agus cultúr eile ann. D'fhéadfaimis a lán rudaí a dhéanamh maidir le cuairteoiri. D'fhéadfadh an Tóstal rud éigin a dhéanamh freisin. Níl aon difríocht idir Baile Átha Cliath agus Brighton nó Blackpool. Ba cheart dúinn sinn féin a dheighilt ón gcultúr Gallda agus sin é an fáth ar mhaith liomsa, nuair a thiocfaidh an t-am, go gcuirfimis an Aireacht nua in Gaillimh. Is dócha nach Aireacht mhór a bhéas inti ach má coimeádtar i mBaile Átha Cliath í, beidh sí deighilte amach ó shaol na ndaoine.

Tá a fhios againn cad a rinneadh i nGaillimh ag an Roinn Custam agus Máil ar son na Gaeilge agus ag na daoine ón taobh amuigh. Do chuireadar Club Gaeilge ar bun blianta fada ó shoin—daoine ón Iolscoil agus ón Stat-Sheirbhís. Dá bhfaigheadh an tAire comhairle ó dhaoine den chineál sin, agus ó Chonnradh na Gaeilge, d'fheadfaí Gaillimh a ghaelú mar Phríomh-Chathair Gaeilge na hÉireann. B'fhéidir go bhfuil sé mar sin cheana féin.

Níor mhaith liomsa go mbeadh an Béarla ag brú isteach ann tré bhollscaireacht ná tríd an saghas litríochta a cuirtear ar fáil maidir le cúrsaí taistil agus cuartaíochta. Táim ar aon fhocal leis an Teachta Mac Pharthaláin adúirt go raibh paróistí i gConamara a bhfuil daoine iontu atá sásta an Ghaeilge a labhairt i gcónaí agus í a choimeád beo. Dá mbeadh an sprid chéanna acu i nGaillimh—agus níl mé a rá nach bhfuil, b'fhéidir nach bhfuair siad an treoir—agus dá mbeadh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge féin thíos i nGaillimh agus i ndon freastal ar na ceanntracha sa Bhreac-Ghaeltacht chomh maith leis an nGaeltacht b'fhéidir go bhféadfaí níos mó a dhéanamh. Gan amhras, tá a lán áiteanna thart fá Loch Coirib idir Gaillimh agus Tuaim a bhféadfaí cabhair a thabhairt dóibh.

Má bhaineann an Bille seo le cúiseanna geilleagracha na Gaeltachta, agus má táimid ag iarraidh scéimeanna d'fhorbairt agus scéimeanna nua a cheapadh, ba mhór an trua ar fad na límistéiríi a dhéanamh ró-chumhang, agus chuirfeadh sé isteach ar lucht ceannais agus ar lucht gnótha na hAireachta. Cuir i gcás i dtaobh talmhaíochta, iascaireachta, bréidin nó aon obair speisialta eile, ní dóigh liom go mbeadh slí bheatha ag na daoine má chloínn an tAire agus an Rialtas ró-dhlúth agus má choinníonn siad an roinneadh ró-dhian agus ró-chumhang thart ar na paróistí Gaeltachta.

Ba mhaith liom é seo aiarraidh ar an Aire nuair a thiocfas an t-am chun ordú a dhéanamh ach b'fhéidir nach ndeanfaí an t-ordú. Tá a lán daoine agus má fágtar amach faoin ordú iad agus go raibh siad istigh faoi na horduithe agus na scéimeanna eile, scéimeanna na dtithe nó scéim éigin eile, beidh siad ag clamhsán, ach sé an rud is mó a gcaithimíd smaoineamh air ná go ndéanfar na límistéirí amach go cúramach ionas go bhfuighidh an Aireacht agus na daoine san Aireacht gach cúnamh agus gach cabhair ó gach áit in a labhartar Gaeilge fós. Is féidir póca a thabhairt orthu agus a rá gur áiteacha fíor-bheag iad ach má bhreathnaimíd ar an gceist ó thaobh cultúir agus ó thaobh an meath atá tagtha ar na ceanntracha Gaeltachta ó deineadh iad 30 blian ó shoin, beimid ag admháil nach bhfuil ach áit bheag againn agus fiu amháin ó thaobh morale ní dóigh liom gur maith an rud é cungú a dhéanamh ach gur ceart an límistéar a bheith chomh leathan agus is féidir. San tslí sin beidh an Aireacht i ndon i bhfad níos mó a dhéanamh ó thaobh cúrsaí geilleagracha agus ó thaobh suim na ndaoine a mhúscailt cuir i gcás ins na ceantracha mar Dhúiche Sheoigheach agus Ard Coill. Tá níos mó seans ó thaobh na himirce i dtaobh na ndaoine atá ansin ná na daoine atá ins na ceantracha thiar i gConnamara mar Chárna nó Rosmuc. Tá caoirigh acu agus tá limistéir acu i gcóir caorach ar na sléibhte agus mar sin de. Tá gabháltaisí ag daoine den tsórt sin atá réasúnta maith agus is féidir talamh a thabhairt ar na gabháltaisí sin. Tá seans go ndéanfaidh siad san seasamh níos fearr i gcoinne na himirce ná na daoine ins na háiteacha in a bhfuil siad beo bocht. Ba cheart ar ais nó ar éigin na daoine ins na ceantracha sa Bhreac-Ghaeltacht a thabhairt isteach. Ní leor sin. Caithfidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge dul isteach ann agus na daoine a spreagadh agus a mhúscailt. Chomh maith leis sin, caithfimíd dul síos mar a rinneadh nuair a cuireadh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar bun chun na daoine a spreagadh agus a ghríosadh chun na ceantracha sin a choimead chomh Gaelach agus is féidir. Mholfainn don Aire comhairle a ghlacadh leis na seanoibritheoirí ansin; nílim ag rá go mba cheart gan ach Gaillimh a chur ar an gcomhairle bheag sin. Ba mhaith an rud é cluas a thabhairt do na gnáth-dhaoine ionas go bhfeadfaidís a rá gur tugadh áird orthu ins na deacrachtaí a bhí le treascairt acu.

Munar féidir bheith deimhneach gur ceart suíomh na hAireachta a bheith i nGaillimh nó in aon cheantar eile, tá fhios ag an Aire go ndearnadh botún nuair a ligeadh don Bhord Soláthair Leictreachais iad féin a chur ar bun i gcearnóg mór in aice linn. B'fhéidir gur ceart go mbeidís thíos i Luimneach agus sílim go mbeadh beocht agus saol i bhfad níos fearr ag cathair Luimnigh dá bharr agus nach mbeadh Bleá Cliath níos measa. Ansin tá Bord na Móna ann agus cheapfadh duine go bhféadfaí é sin a chur fén dtuaith ach bunaíodh iad i bpríomhoifig i mBleá Cliath agus tá siad suite anseo ó shoin. Dúrathas liomsa go minic, nuair a bhíos i mbun na Roinn Tailte, go mba cheart don Roinn sin a bheith i nGaillimh. Nílimse in a choinne ach tá lucht na Roinne ina choinne Tá bailiúchán an chíosa le déanamh agus tá oifig mhór ansin i gcóir bailiúcháin. Tá "machinery" fé leith acu agus is dóca nárbh fhiú an cúpla céad cailín atá ann a chur síos go Gaillimh. Ar an taobh eile den scéal, d'fhéadfaí é dhéanamh. D'fhéadfaí a rámar gheall ar Choimisiún na Talún, nó aon Roinn eile a bhfuil baint aici leis an tír ar fad, gur fearrde agus go bhfuil sé níos éasca do na daoine ó Chúige Laighean, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh, teacht go Baile Átha Cliath má tá obair le déanamh acu le Coimisiún na Talún nó aon Roinn eile ach beidh baint fé leith ag an Aireacht nua seo leis an nGaeltacht agus beidh ceist na Gaeltachta ar fad faoina cúram.

Is dóigh liom nach ceist eacnamíochta ar fad é. Tá fhios agam nach bhfuil mo chó-Theachtaí anseo ná Teachtaí ar an taobh eile ar aon intinn liom faoi sin. Ceapann siad, agus ceapann a lán de mhuintir na Gaeltachta agus daoine i ngluaiseachtaí taobh amuigh gur ceist eacnamíochta ar fad é. Ní dóigh liom gurb ea. Is dóigh liom gur féidir iarraidh ar dhaoine a thagas ó Chathair na Gaillimhe an Ghaeilge a labhairt agus dea-shampla a thabhairt dóibh. Tá an Ghaeilge go h-an-mhaith ag an gcuid is mó díobh. Níl ann ach go mbíonn siad cuthal go mór mór le stráinséirí a thagann le beagán Gaeilge, agus ní maith leo—mar is daoine an-chneasta iad ins an Iarthar— ní maith leo a rá "Labhair Béarla agus be decent." Tuigeann siad an Béarla níos fearr ná an saghas Gaeilge a labhrann duine as Bleá Cliath.

Má chuireann na daoine i mBaile Átha Cliath a bhfuil suim aca ins an nGaeilge spéis fé leith ins an iarracht agus má chuidíonn siad leis an Aireacht seo, agus má chuidíonn siad leis an Aire ins an obair agus iad fhéin agus a gceantracha a ghaelú, beimid i ndon a lán a dhéanamh.

Ceist amháin maidir le cé an caighdeán atá ceapaithe ag an Aire chun limistéirí a phiocadh amach?

Dúirt gurab shin í an dara ceist d'fhreagródh obair na hAireachta agus gur gá obair na hAireachta an cheist sin d'fhreagairt.

An bhfuil aon tuairim ag an Aire cén caighdeán a tógfar agus cé mhéid faoin gcéad is gá chun a rá gur fíor-Ghaeltacht áit ar bith?

Nílim chun aon tuairim a thabhairt. Tá tuairim agam, ach ní dóigh liom gur cheart an cheist sin a shocrú go dtí go mbeidh an Aireacht ann.

Cuireadh nar gcoinne go bhfuilmid ag cur moille ar an scéal. Nílmid. Tá suim chomh mór againn sa rud ar fad go mba mhaith linn bheith chomh cruinn agus is féidir. Dar ndóigh, níl mórán cruinnis le fáil againn go fóill chun go dtuigfimis cad tá in in aigne an Aire, conus a gheofar amach na límistéirí ba cheart a thógaint fé chúram na hAireachta nua seo. Ar fud na gceantracha sin ins an mBreach-Ghaeltacht agus ins na conntaethe sin, tá paróistí atá Gaelach fós. Ba cheart don Aire cuimhneamh orthu súd, go speisialta nuair a bheidh obair na hAireachta ar siúl, i slí go bhféadfaí an méid Gaeilge atá iontu a chaomhnú, a chosaint agus a leathnú i measc an phobail atá ag obair ins na háiteanna sin.

Dúbhras ar an Dara Céim agus deirim arís, gur ceist oideachais, b'fhéidir, atá le réiteach ins na háiteanna agus nach ceist gheilleagrach. Fé mar adúirt an Teachta Tomás Ó Deirg, tá slí-bheatha cuíosach maith ag na daoine ins na ceantracha sin a bhfuil an talamh cuíosach maith iontu. Ba cheart na daoine sin a spreagadh agus ba cheart a chur in iúl dóibh cad tá ag teastáil chun a bhfuil ann de Ghaeilge cheana féin a choiméad ann agus a leathnú i measc na gcomharsan.

Ón méid adúirt an tAire, caithfimid fanacht go bhfeicimíd maidir leis na limistéirí seo. Níl fhios aige féin. Níl fhios ag aoinne. Tá tuairim ag an Aire ach níl sé chun é thabhairt dúinn. Caithfimid fanacht go bhfeicimid cén t-eolas a gheofar de bharr na foirme speisialta a cuireadh amach.

Caithimid glacadh leis an méid eolais, agus is fíor-bheag é, atá an tAire sásta a thabhairt dúinn. Deir sé anois go bhfuil tuairim aige ach nach bhfuil sé sách muiníneach as a thuairim fhéin le brí an fhocail fhéin a thabhairt duinn, cá bhfuil an Ghaeltacht. Féachfaidh sé aisteach le léamh ar an bpáipéar, má chuireann na páipéirí nuachta é seo i gcló nach bhfuil fhios ag Dáil Éireann fós cá bhfuil an Ghaeltacht. Má tá aon eolas faighte againn, sin é an t-aon phíosa eolais atá faighte againn, nach bhfuil fhios ag Dáil Éireann fós cá bhfuil na ceantracha ina bhfuil an teanga beo fós. Ar ndóigh, nílmid anois ach, mar adúirt an tAire, ag cur gléas ar bun chun fuascailt na ceiste sin a aimsiú. Dúirt an tAire nach raibh sé sásta glacadh le haon límistéar a leagadh síos faoi Acht Títhe na Gaeltachta, faoi na hAchta Talún, faoi Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCung, ná faoi dheontas na Gaeltachta. Anois tá sé ag tagairt don rud deiridh, "an census" nua, an móráireamh. Tráthúil go leor a tháinig sé seo le gairid. Ní maith liomsa tada a rá a thabharfadh le tuiscint d'aon duine—agus tá daoine fós ann atá naimhdeach go leor i dtaobh na teangan—go bhfuil easaontas páirtíoch ann i dtaobh na ceiste seo. Ach caithfidh muidne ar an taobh seo den Teach na pointí a thabhairt amach agus ár méir a leagaint orthu mar leigheas don chúis. Ba mhaith liom bheitb cinnte go bhfuilmid ag ceapadh agus ag múnlú ruda atá ar mhaithe le daoine na Gaeltachta ina gcuid eacnamaíochta agus ina gcultúr—go bhfuilmid ag déanamh rud maith don náisiún Gaelach. Nílmid anois ach ag plé le gléas gan mórán eolais ar fáil againn. Breathnóidh sé sin sórt aisteach, go mór mhór do na gluaiseachtaí a cuireadh ar bun ar mhaithe leis an nGaeilge ar fud na tíre. Sin mar atá an scéal anois do réir an Aire agus is ag an tAire atá an t-udarás. Ceapann sé, ach níl sé sách muiníneach as, go bhfuil fhios aige cén áit a bhfuil an Ghaeltacht. Dúirt sé rud eile leis, nach bhfuil sé sásta go mbeidh na seacht bparóistí atá ag fáil airgid ón Teach seo faoi chúram speisialta na hAireachta nua seo. Tá sé sin dona go leor mar níl fhios againn agus nílmid sásta go bhfuil ár sáth eolais againn chun maitheas ceart a dhéanamh don Ghaeilge. Bíodh sin mar atá, más leithscéal féin é, táimid sásta ar an taobh seo cabhair a thabhairt don Aire gléas maith a dhéanamh as seo. Is mór an trua é gur cineál múnla an gléas atá anseo, tar éis cúig is fiche blian féin-Rialtais agus tar éis an méid coimisiún agus fiosrúchán a cuireadh ar bun.

Ba mhaith liom ceist a chur chuig an Aire. Cén Ghaeilge a bhéas dá húsáid, an í Gaeilge Chúige Mumhan, Gaeilge Chúige Laighean nó Gaeilge Chúige Chonnacht í?

Cuireadh ceist ar shean-Phádraig Ó Conaire—go ndéana Dia trocaire air! —agus é i bPortláirge—

Is cuma sa domhan cén sórt Gaeilge í más Gaeilge í.

Nuair a bhí Pádraig Ó Conaire i bPortláirge uair amháin fiafraíodh de cén áit a raibh an Ghaeilge is fearr agus is é an freagra a thug sé ná: "Aon áit a bhfuil an Ghaeilge dá labhairt ar feadh an lae sin é an áit ina bhfuil an Ghaeilge is fearr." Tá an Ghaeilge is fearr dá labhairt sa Roinn Oideachais.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

English version of Bill: Question—“That Section 2 stand part of the Bill”—put and agreed to.

ALT 3.

Moladh an Cheist: "Go bhfanfaidh Alt 3 ina chuid den Bhille."

Níl fúinn teora a leagadh síos idir an Ghaeltacht agus an chuid eile den tír, mar tá an Ghaeltacht ina cuid den tír uile. Mar gheall air sin beidh an Roinn Tailte, an Roinn Rialtais Aitiúil, an Roinn Talmhaíochta agus na Ranna eile ag obair ar son na Gaeltachta agus beidh an Aireacht agus an Aire nua i ndon a rá cén chaoi is féidir leo obair thairbheach a dhéanamh ar son na Gaeltachta agus chun go mairfidh an Ghaeltacht beo. Tá rud amháin a chaithfidh an tAire nua a choinneáil ina cheann i gcónaí, agus is é sin ceangal idir an Aireacht nua agus na gluaiseachtaí atá ag obair ar son na Gaeltachta agus ar son muintir na Gaeltachta. Dá mba rud é go raibh a lán daoine ag labhairt ár dteanga go nádúrtha, ní bheadh gá leis an Aireacht nua seo anois. Má tá scéimeanna speisialta ar mhaithe le daoine na Gaeltachta nach bhfuil dá n-úsáid ag na Ranna eile anois beidh an tAire nua i ndon iad a chur ar siúl anseo agus ansiúd chun buntáistí faoi leith a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Dúirt cuid de na Teachtaí go raibh de chúram ar an Aire nua ceangal a chur ar bun idir na gluaiseachtaí Gaelacha, mar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an Connradh, agus an Aireacht nua. Níl fhios againn fós cén sórt ceangail ba cheart a bheith eatarthu agus ní dóigh liom go mba cheart go mbeadh cúram speisialta ar an Aireacht nua ag baint leis seo. Níl amhras ar bith orm ná gur cheart go mbeadh an ceangal seo ann ar mhaithe le leas na teangan agus cultúr na Gaeltachta.

Sílim go mba cheart go mbeadh cabhair na ndaoine sin le fáil san obair seo agus go mba cheart leis don Aire agus a chuid oifigeach comhairle a ghlacadh uathu.

Dúirt mé cheana gur mhór an trua dá mbeadh easaontas mar gheall ar na scéimeanna a ceapfar chun saol geilleagrach na Gaeltachta d'fheabhsú agus dearmhad a dhéanamh ar an bpoinnte go gcaithfimid cuidiú leis an Aire chun cuidiú leis na daoine ag a bhfuil an teanga ach ná labhrann í. Is dóigh liom gur féidir a thaispeáint dóibh go bhfuil an Rialtas, an Dáil agus an tOireachtas lán-tsásta cuidiú le muintir na Gaeltachta agus na daoine a labhrann an Ghaeilge ina ngnáth-shaol ach sé an poinnte is mian liom a chur in a luí ar an Aire ná go dtabharfadh sé cúnamh d'aoinne agus go mbeadh céad míle fáilte roimh aoinne a bheadh toilteanach cuidiú leis an Aire agus a chuid oifigeach cé go mbeadh a mhalairt de thuairim acu—ní gá iad go léir a bheith ar aon tuairim—maidir le ceist na teangan féin. Tá saol eile ann anois thar mar a bhí triocha bliain ó shoin. Tá daoine ag teacht isteach, ní hamháin ó Baile Átha Cliath ach ó Shasana, ag cuartaíocht sa Ghaeltacht agus ag cur fúthu ins na tithe. Fé mar adúras cheana, is mór an trua nach féidir a bheith cinnte go mbeadh leictreachas ann ar an gcéad dul síos, agus an t-uisce chomh luath agus is féidir, ins na tithe in a bhfuil na daoine sin ag cur fúthu an fhaid a bheid ag foghluim na Gaeilge.

Tá fhios agam—d'fhéachas féin isteach ins an gceist seo leis na hAirí eile, ceacu is mó díobháil nó maitheas atá á dhéanamh leis an scéim seo nó an scéim siúd maidir le labhairt na teangan ach creidim ar son na ndaoine féin, agus ar son na ndaoine a bhíonn ar cuaird sa nGaeltacht, go mba ceart go mbeadh gach aon áis le fáil. Ní dóigh liom go mbeadh aon easaontas maidir leis an gceist sin.

Ceist eile sea ceist na hallaí. Baintear úsáid as na scoileanna i gcóir léachtaí agus ranganna Samhraidh agus bhíomar ag iarraidh scéim a thabhairt isteach i gcóir hallaí. Má tá scoil gairm-oideachais ins an bparóiste, d'fhéadfaí úsáid a bhaint aisti agus táim cinnte go mbeadh an príomh-oifigeach i nGaillimh lán-tsásta aon rud a dhéanamh ar son na teangan. Ba cheart go mbeadh an oiread sin drámaí, léachtaí agus siamsaí ar fáil do na daoine agus is féidir i dtreo go bhféadfaidís béasa cultúra na ndaoine d'fheiscint. Is dóigh liom go gcuirfidís suim i gcúrsaí ceoil agus béal oidis.

Níor chuir aon rud níos mó gliondair ar mo chroí ná an béal oideas agus an ceol a bhí ar an radio ó na ceantair Ghaeltachta agus áiteanna eile fán dtuaith. Deineann sé maitheas do na daoine mar tuigeann siad go bhfuil siad ag brath ar mhuintir Baile Átha Cliath chun rud éigin a dhéanamh ar a son. B'fhéidir nach bhfuil aon tslí níos fearr chun caint, drámaí agus béal oideas na Gaeltachta a leathnú ná iad a chur ar an radio le linn An Tóstail seo agus le linn an tSamhraidh nuair a bhíonn na cuairteoirí i láthair. Ní hé sin obair na gcigirí ná obair na Roinne; chaithfimis duine éigin a fháil chun an obair sin a dhéanamh, saghas timirí chun cuidiú le hobair na Roinne. B'fhéidir go mba cheart rud éigin a dhéanamh fé mar a dheineann an Chomhairle Ealaíon agus duaiseanna a thabhairt i gcóir cuirmeacha ceoil nó drámaí, nó rudaí mar sin. Dá gcuirfí £50 nó £100 ar fáil dhéanfadh sé a lán maitheasa i bparóistí na fíor-Ghaeltachta chun siamsaí agus drámaí a chur ar fáil.

Maidir leis an gceist gheilleagarach, fé mar adubhras cheana, mholfainn don Aire turas a thabhairt ar Kilcar chun cad tá ar siúl ansin a fheiscint, agus a fháil amach an bhféadfaí an obair sin a leathnú. In aimhdheoin cuid de na nithe synthetic atá ann anois tá an bréidin ar súil agus níl dabht ar bith dá mbeadh designers againn ná go mbeadh sé ar a gcumas níos mó feidhm a bhaint as an obair sin.

Tá sé go maith anois go mór mór i Dún na nGall.

Maidir le hiascaireacht, ba cheart go ndéanfaí iarracht an tslí bheatha sin d'fheabhsú.

Tá bád nua ag dul amach Dé Sathairn seo chugainn le cúnamh Dé as Teilinn.

Tá áthas orm é sin a chlos. Is bréa an scéal é sin. Bhí mé amhrasach go ndéanfaí an obair sin le aon scéim fé chúram an Rialtais. Cheapas go mb'fhearr dá mbeadh cumhacht ag an Aire cuidiú leis na daoine féin, cuir i gcás, an fear sin atá thíos in Acaill. B'fhéidir go mb'fhearr fir mar sin a fháil agus cabhrú leo seachas a bheith a d'iarraidh iascaireacht a chur chun cinn le scéimeanna ón Roinn agus an meáchan mór oifigiúil de red tape a bhíonn ag baint leo.

Tagann an t-am nuair a chreideann na daoine nach mbíonn aon dóchas as aon rud a thagann ó Bhaile Átha Cliath, agus sé mo thuairim go mb'fhearr go dtiocfadh na scéimeanna ó na ndaoine féin. Tá suim ag móran díobh san iascaireacht agus táid sásta cur le chéile chun an obair a dhéanamh i gceart agus táim cinnte má déantear sin go gcabhróidh an tAire leo.

Tá sé leagtha síos san alt seo go ndéanfaidh an Roinn iarracht chun leas cultúrtha, sóisialach agus geilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn. Sé tuairim móran daoine sa Ghaeltacht, agus sé mo thuairim féin, gurb é an ceann deireannach de na cuspóirí sin an ceann is tábhachtaí, is é sin, leas eacnamaíochta na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá an dá rud eile sa Ghaeltacht faoi láthair. Tá cúram déanta den dá rud sin ag dreamanna mar Chonnradh na Gaedhilge, oidí na scoileanna gairm-oideachais, bun-oidí, agus mar sin dóibh. Tá obair an-mhaith á déanamh acu agus ag dreamanna eile chun saol cultúrtha agus sóisialach na Gaeltachta a chur chun cinn. Rinneadh mórán agus tá mórán á dhéanamh sa dóigh sin.

Im thuairimse, tá an saol eacnamaíoch an-thábhachtach ar fad. Le linn na díospóireachta ar an Dara Céim do mholas go rachadh an Roinn úr i mbun scéimeanna eacnamaíochta iad féin. Bhí díomá mór orm tar éis dom an méid adúirt an tAire a chlos. Ar dtús, ar an Dara Céim, dúirt sé go mb'fhéidir brainsí de na Ranna eile a thógaint amach agus iad a chur faoi sciatháin an úr-Aire agus na úr-Roinne. Mar shompla, bhíomar ag súil go mb'fhéidir an chuid de Choimisiún na Talún a bhaineas leis an Gaeltacht a chur faoin Roinn nua, agus gurab amhlaidh a bhéas an scéal chomh fada is a théann brainsí nó fó-bhrainsí de Ranna eile. Anois, ar an Alt seo, deir an tAire nach bhfuil sé ar intinn ag an Aireacht nua deighilt a dhéanamh idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht. Deir sé nach mbainfear an cúram de na fó-bhrainsí atá ag obair ar an nGaeltacht sna Ranna eile ach go bhféachfaidh an Aireacht nua chuige go rachaidh an obair sin atá á déanamh sna Ranna eile Stáit chun sochair na Gaeltachta agus na ndaoine atá ann. Anois, an bhfuil aon difríocht ann idir an méid sin agus an cheist a bhí againn anseo faoi Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng? Ansin dúirt an tAire, tar eis an méid sin go léir, go mb'fhéidir leis an Roinn úr scéim anseo agus ansiúd a cheapadh iad féin. Im thuairimse, ba cóir don Roinn nua an obair sin go léir a dhéanamh, is é sin, formhór an mhéid oibre atá á dhéanamh ag na brainsí éagsúla sin agus dar liom dob fhéidir leo freisin "job" níos fearr a dhéanamh de. Is dócha go bhfuil airgead, agus mar sin de, ag teastáil.

Is é an pictiuir a tháinig isteach im aigne nuair a bhí an tAire ag caint ná go ndéarfadh oifigeach d'Aireacht na Gaeltachta le duine éigin i mbrainsí de Choimisiún na Talún atá ag obair ar Ghaeltacht Dhún na nGall, mar shampla, go mba chóir rud éigin a dhéanamh i slí éigin eile agus gurab é an freagra a túirfaí d'oifigeach Aireacht na Gaeltachta ná a shrón a choimead amach as an obair sin mar go bhfuil an obair á déanamh sa tslí is fearr agus go mbeadh sé i bhfad níos fearr dó féachaint chuig a chuid oibre féin. B'shin é an pictiuir a tháinig isteach im aigne, is é sin, gur saghas "liaison officer" a bhéas san duine a bhéas in oifig Aireacht na Gaeltachta. Más mar sin a bhéas an scéal, déarfaidh na hoifigigh eile sin díreach an méid adúirt mé féin. Déarfaidh siad go bhfuil Aire acu féin agus go bhfuil siad ag obair faoi na rialacha a leag an tAire féin a shásamh agus go mb'fhearr don oifigeach sin as Aireacht na Gaeltachta a Aire féin a shásamh agus a shúile a choimead air. Sin mar a bhéas an scéal. Is olc an rud é, agus is mar gheall air sin a mholaim féin go mba chóir don Roinn nua na rudaí sin a thógaint faoina gcúram féin.

Tóg, mar shampla, an mhonarcha atá ag Gaeltarra Éireann i gCill Charthaigh. Sílim go bhfuil sé sin, agus rudaí cosúil leis, faoi chúram Choimisiún na Talún faoi láthair. Im thuairimse, ba chóir dóibh í sin a thógaint chucu agus féachaint chuige ní amháin gur éadaí maithe a déanfar ann ach go gcuirfear na héadaí sin ar mhargaí an domhain. Ba chóir dóibh freisin féachaint chuige go dtiúrfar traenáil mhaith do na daoine a bhéas sna monarchain sin, mar shampla, agus go mbeidh ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt agus gan ach an Ghaeilge a labhairt. Dá dtarlódh a leithéid sin i ngach monarcha agus i ngach scéim forbairte a cuirfí ar bun faoin Aireacht nua nó atá á stiúradh faoi láthair ag brainse nó fó-bhrainse de Roinn éigin eile, bheadh dul ar aghaidh maith á dhéanamh againn.

Ar dtús rinne mé tagairt do leas eacnamaíoch agus is dóigh liom gurb shin é an rud is tábhachtaí. Tá an saol cultúrtha agus an saol sóisialach tábhachtach ach tá forás déanta cheana acu. Níl an Ghaeltacht ag fáil bháis, agus níl aon dochar ann di má tugtar Aire do leas eacnamaíochta na Gaeltachta agus don saol cultúrtha agus comhdhaonnach ann. Sin iad na fáthanna go bhfuil an Ghaeltacht faoi mar atá sí. Sí an phríomh-chúis, im thuairm, go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na ndaoine go bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-urlabhra acu ná go bhfuil formhór na ndaoine a bhí i ndon an Ghaeilge a labhairt, agus go raibh sí mar theanga dhúchais acu, imithe as an tír ar fad. Sin í an chúis is mó. Rud eile atá an-tábhachtach chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine is ea athbheochaint náisiúnta a spreagadh i measc na ndaoine óga. Tá sé riachtanach go gcuirfidh na daoine óga suim sa Ghaeilge agus go mbeidh athrú ar mheon, intinn agus dearcadh daoine óga na Gaeltachta agus na tíre go léir. Is baol linn go bhfuil laghdú tagtha ar náisiúnachas na ndaoine óga.

Pé scéal é, níl laghdú ar an rud sin faoin alt so. Dá bhrí sin, ní mór dúinn saol geilleagrach na Gaeltachta d'fheabhsú. Is gá sin a dhéanamh chun stop a chur leis a sruth fola atá ar siúl maidir leis an imirce ó na ceantracha seo. Ní i mbliana ná anuraidh a thosaigh an rud sin mar tá sé ar siúl le fada anuas.

Is mór an rud é go bhfuil an Ghaeltacht chomh bríomhar is atá sí agus an méid rudaí atá ag obair i gcoinne na Gaeltachta. Fé mar adeirim, sin é an rud is mó—imirce an aosa óg. Tá ceantracha sa Ghaeltacht inniu agus is fior-bheagán daoine, idir 21 agus 25, atá fágtha iontu. Is fior-bheagán daoine idir an dá theora aois sin atá fágtha—daoine a bhfuil eolas acu ar an nGaeilge agus a bheadh ábalta bríomhaireacht nua a chur sa Ghaeltacht dá bhfanfaidís sa Ghaeltacht dá bpósfaidís inti agus dá ndéanfaidís a gclann do thógáil inti.

Ní raibh ar a gcumas é sin a dhéanamh mar níl páigh sheachtainiúil le fáil sa Ghaeltacht ach i bhfíor-chorr áit. Caithfidh an Roinn nua scéimeanna forbairte a chur chun cinn. Ní mór an iascaireacht d'fheabhsú. Ní mór na fir óga a thréineáil i modhanna oibre an lae inniu; na gléasanna nua a chur ar fáil dóibh agus báid a chur ar fáil dóibh fosta. Ní mór don Roinn nua na calafoirt d'fheabhsú. Ní haon mhaith oifigeach den Roinn nua i Sráid Chill Dara a rá le daoine na rudaí sin a dhéanamh. Caithfidh an Roinn féin iad a dhéanamh. Caithfidh an tAire féin iad a dhéanamh.

Caithfear scéimeanna foraoiseachta a chur ar siúl sa Ghaeltacht. Tá an talamh fóiristineach ann. Tá go leor talamh ann nach bhfuil fóiristineach do rud ar bith eile ach don fhoraoiseacht. B'fhéidir gurb í an fhoraoiseacht an rud is fearr ar fad a chur ar siúl sa Ghaeltacht. Raghadh sé chun feabhas na tíre chomh maith agus a raghadh sé chun feabhas na Gaeltachta. Ba cheart déantuis cosúil leis an déantus atá i gCill Charthaigh a chur chun cinn fosta agus tréineáil téicniciúil a thabhairt do na daoine a bheadh ag dul isteach sna monarchain seo chun gan ligint don Bhéarla brú isteach.

Sílim nach bhfuil ar intinn ag an Aire, do réir an léiriú a thug sé ar cad a bhí beartaithe, pioc níos mó a dhéanamh ná mar a rinneadh faoi Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng. Is gá níos mó ná sin a dhéanamh. Nuair a bheartaigh an Rialtas Roinn na Gaeltachta a chur ar bun, bheartaigh siad sin a dhéanamh siocair is go bhfaca siad nach raibh an gléas a bhí ann ag déanamh go leor chun a aidhm a bhaint amach. Muna ndeanann an Roinn nua níos mó ná mar a bhí dhá dhéanamh ní chuirfeadh siad aidhm an Rialtais i bhfeidhm.

Ba mhaith liom go dtuigfeadh an Teachta go mbeadh freagracht faoi leith ar Aire na Gaeltachta sna rudaí a bhaineann le cultúir, obair shóisialach agus geilleagrach na Gaeltachta. Tá, faoi mhír 3 aon tseirbhís nó aon chuid den obair atá ar siúl faoi aon Roinn eile d'athrú go dtí Roinn na Gaeltachta más léir gur mar sin is fearr a raghadh an obair sin chun tairbhe na Gaeltachta. Tá an chumhacht mar sin más gá.

Tá ceist amháin agam le cur. Alt a 3 atá faoi dhíospóireacht anois. Ní raibh an tAire i ndon a rá cad é an lá a bhí ceaptha. Ní dúirt sé ach go mbeadh sé ann chomh luath agus do b'fhéidir é. Níl aon chinnteacht ag baint le sin.

Níl sé níos sia uainn ná an mhí seo chugainn.

An mbeidh oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng ag feidhmiú faoi mar atá sé faoi láthair idir an dá linn? An mbeidh aon stopadh nó laghdú ar fheidhmiú na hoifige sin idir an dá linn? Is í an imní is mó a thagann ar duine a bhfuil freagracht air i dtaobh na Gaeltachta gur furasta dóchas is muinín a mhúscailt ach tá sé i bhfad níos deacra é a chothú.

Tá obair Oifig na Gaeltachta agus na gCeanntar gCúng ag siúl faoi láthair.

Tá a fhios agam go bhfuil an Oifig ann ach níl mé chomh chinnte go bhfuil sé, faoi mar adeirtear in Inis Meán, chomh priaclach is a bhí sé nuair a bhí Fianna Fáil in oifig. Ar aon chaoi, do réir freagra a fuarthas ón Aire Rialtais Aitiúil eisean atá freagrach sa Dáil maidir leis an obair a bhaineas leis an oifig sin.

Tá an tAire Rialtais Aitiúil freagrach—

Dúirt sé nach raibh ach fíor-bheagán cruinnithe den Choiste Idir-Rannach ann ó hathraíodh an Rialtas dhá bhliain ó shoin, ach is cuma faoi sin anois. Is é an rud ba mhaith liomsa a rá i dtaobh bunú na hAireachta an nuaíocht. Is í an nuaíocht atá i gceist agam. Má tá nuaíocht ann i dtaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge beidh na daoine díograsacha i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann ag súil le scéal mór ar ball. Dár ndóigh, bíonn muintir na Gaeltachta iad féin, mar siad is mó a bhíos i gceist, ag fanacht agus ag súil le réiteach mór na saol féin. Munar féidir feabhas mór a chur air, muran féidir rudaí níos tábhachtaí a dhéanamh b'fhearr liomsa an scéal d'fhágáil mar atá sé nó mar a bhí sé faoin Choiste Eadar-Rannach agus Rúnaí Pairliminte. Ní dearnadh béicíocht faoin obair a dhein siad agus níl aon ghaisce dhá dhéanamh faoi ach bhí a lán rudaí ar siúl ar nós na hoibreacha poibli de chuile sórt a luaigh an Teachta Ó Deirg ar dtús. Cuireadh laghdú ar na hoibreacha sin le dhá bhlian anuas agus bhí an deacracht sin á phlé agus leis an Aire Rialtais Aitiúil go minic. Tá sé beartaithe anois gaisce a dhéanamh agus Aireacht a bhunú chun cúram a thabhairt den obair seo go léir. Beidh suideachán ag an Aire so i gComhairle an Rialtais. Cibé rud adeirtear i dtaobh na hAireachta, nuair a bhí an Rúnaí Pairliminte ag feidhmiú rinne sé comhoibriú agus glac sé comhairle le haon Aireacht eile ba mhian leis. Beidh sort "roving commission" ag an Aire nua agus is amhlaidh go gcaithfidh sé é féin a chosaint ós comhair na nAirí eile.

Deir an tAire anois go mbeidh cumhacht ag an Aire nua seirbhísí áirithe a thabhairt chuige féin. Níor thug sé aon tsórt tacaíocta don tuairim sin go ndéanfadh an tAire nua a leithéid. Bhfuil aon Teachta anseo a d'fhéadfadh é sin a ghlacadh ón méid adúirt an tAire? Cuir i gcás seirbhís na foraoiseachta, an bhfuil aon duine ag ceapadh go bhféadfadh an tAire nua agus a chuid oifigigh seilbh a fháil ar thalamh agus é a chur faoi chrainnte chomh mhaith leis na sean-eolaithe atá thuas ansin i Roinn na Foraoiseachta. Cuir i gcás, chomh maith seirbhís an leictreachais a chur ar fháil do mhuintir na Gaeltachta. Ní dóigh liom gur fearr aon tsórt údaráis a thabhairt don Aire agus dá gcuid oifigigh, údarás ar sheirbhísí agus ar oifigigh Bhord Soláthair an leictreachais. Caithfidh seirbhís den tsórt sin fanacht mar a bhfuil sí agus, má déantar aon iarracht ar na seirbhísí sin a athrú isteach faoi choimirce na hAireachta nua, sílim gur praiseach a déanfar de.

Maidir le seirbhísí eile, b'fhéidir go bhfuil pointe ann ó thaobh cultúra, go bhféadfadh an Aireacht obair éifeachtúil a thabhairt chun críche, cuir i gcás, i gcúrsaí ceoltóireachta agus drámaíochta agus chuile rud a bhaineas le saol cultúra na Gaeltachta agus le saol cultúra na tíre ar fad. Ach nuair a thagann siad go dtí seirbhísí go bhfuil teicniúlacht ag baint leo, innealtóireacht nó doctúireacht, táim ag ceapadh, agus is é an tuairim é atá ag go leor daoine, nach ceart iad sin a athrú isteach faoi aon Aireacht amháin.

Ní féidir comparáid a dhéanamh, i leith na hoibre seo, agus an saol atá inniu ann agus saol na ndaoine blianta fada ó shoin. An uair sin, bhí an Rialtas thall i Londain. Ní raibh deis mhaith iompair ann. An lá atá inniu ann, tá bóithre maithe, deiseanna maithe iompair, seirbhísí telegrafa agus telefóin. Tá a fhios againn go bhfuil an tír i bhfad níos lú, ó thaobh córas iompair agus comarsáide ná mar a bhí siad trí scór bliain ó shoin. Mar gheall ar sin, is dócha nach pointe mór é cá mbeidh an t-oifig nua seo suite. Níl mise ag déanamh pointe mór de sin. Ba mhaith liom é fheiceáil sa Ghaeltacht, ach ní pointe mór é. Ní dóigh liom gur féidir cás níos fearr a dhéanamh, ná cás mórán níos fearr a dhéanamh i dtaobh Oifig na Gaeltachta a bhunadh sa Ghaeltacht ná aon Roinne eile a bhunú sa Ghaeltacht. Ba cheart cuid de na Ranna a scaipeadh ar fud na tíre. Tá cás ann sa mhéid seo, gur rud nua atá ann. Má tá oifig ann cheana agus go gcaithfear an t-oifig sin a aistriú, is leasc le haon stát-sheirbhíseach, is cuma dá dhílse é don Ghaeltacht, má tá teach tógtha aige anseo i mBaile Átha Cliath, bailiú leis as cathair mhór na tíre agus dul leis, fiú amháin go háit ar nós na Gaillimhe. Ba cheart an Aireacht a bheith ann ach tá sé chomh ceart céanna ag cuid mhaith de na Ranna eile. Sul a ndeachamar as oifig, bhí sé ceapaithe againn roinnt de na Ranna a chur siar.

Níl fhios agam an pointe mór é ach an maith an rud é Aire eile bheith sa Rialtas? B'fhéidir go bhfuil a ndóthain ann cheana. Ní dóigh liom go bhfuil aon "capital" le baint nuair a bítear ag iarraidh bhótaí, as an moladh aireacht nua eile a bhunú. Ní thaithníonn Airí nua leis na bhótairí ach bíonn na daoine i bhfad níos caidéisí i dtaobh Aire nua ná Aireacht nua cé go mbíonn an Aireacht níos costasaí na an tAire.

Ar aon chaoi, sé bunú na hAireachta atá fá dhíospóireacht agam agus má tá aon arriére pensée 'mo intinn féin faoi is i ngeall ar a bheith ag múscailt dóchais sa nGaeltacht fhéin agus i mease dreamanna ar fud na tíre go ndéanfear cinnte de an babhta so an Ghaeltacht a shábháil agus a leathnú. Sin é an t-aon rud atá uaimse. Ní leor an rud sin chun cur i n-aghaidh bunú na hAireachta seo. Ní chuirfimid in aghaidh aon chéim den Bhille.

Táimid ag tabhairt beannacht don Aireacht ach táimid in aimhreas agus tá an t-aimhreas sin i bhfad níos mó i ngeall ar a laghad eolais a thug an tAire dhúinn. Ní rabhamar ag súil go gcaithfeadh an tAire a rá le Dáil Éireann i mbliana chomh heaspach atá sé, agus atá an Rialtas, i dtaobh eolais ar an nGaeltacht. Is díomách an scéal é. Ní chreidim go bhfuil an scéal chomh dona agus adeir an tAire. Is ole an rud é go scaipfí an scéal sin ar fud na hÉireann, go mór mór i mease na ndaoine a bhfuil dóchas agus súil acu go dtiocfaidh an Ghaeilge ar ais.

Tá gach aon ghné pléite againn anois. Is beag eile atá le rá mar gheall ar an mBille. Ní maith liom bheith géar nó searbh faoi cheist den tsórt seo. Tá tuairim go láidir im aigne, agus ní dúirt an tAire aon rud fós chun an tuairim sin a bhréagnú, nach bhfuil an t-ullmhúchán is lú déanta chun an Aireacht nua a chur ar bun lom láithreach, nár déanadh ach an Bille do chur le chéile gan bheith cinnte ar cad a dhéanfaí agus cad a bhí beartaithe a dhéanamh faoin Roinn nua seo. Táimid neamhchruinn faoin scéal ar fad agus níl a fhios a againn cá bhfuilmid.

Luaitear i n-alt a 3 na cuspóirí a bhéas ag an Roinn—glacadh le seirbhísí a bhaineas le leas cultúrtha, sóisialach nó geilleagrach na Gaeltachta nó a bhaineas leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge d'athbheochaint.

Tuigimid ón Aire, pé scéal é, nach bhfuil beartaithe fós, aon athrú a dhéanamh ar an scéal mar atá sé faoi láthair faoi Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng faoi stiúrú Rúnaí Phairliminte ar chomhriaradh agus comheagar a dhéanamh idir na Ranna go léir atá freagrach in aon chúrsaí a bhaineas leis an nGaeltacht nó pobal na Gaeltachta. B'fhéidir gur mar sin is fearr é agus, i ndiaidh a chéile, do réir mar is léir don Aire, cúram faoi leith na Roinne sin a ceaptar gur fearr a d'fhéadfaí freastal orthu dá mbeidis faoi sciathán Roinn na Gaeltachta a thógaint faoin Roinn sin.

Tá a lán oibre déanta maidir le bailiú béaloideasa sa Ghaeltacht leis na blianta. I 1928 tosaíodh ar an obair sin. Sin obair a bhaineas le leas cultúra. Ní bhaineann an Ghaeltacht leas as, ach baineann an tír, lucht foghlama na Gaeilge agus lucht déanta staidéir ar an nGaeilge leas as. B'fhéidir go bhféadfaí an gnó sin a thógaint faoi sciathán na Roinne seo, chomh maith leis an scéim £5 cuir i gcás, agus na scoláireachtaí ollscoile do mhuintir na Gaeltachta agus na scoláireachtaí atá á dtabhairt faoi láthair ag an Roinn Oideachais. B'fhéidir go mbeadh na scéimeanna seo i bhfad níos fearr faoi aon Roinn eile seachas an Roinn nua seo. Sin é an t-amhras atá orm agus tá súil agam go n-inseoidh an tAire dhúinn nach bhfuil aon bhunús leis an amhras sin. Tá faitíos orm nár deineadh aon ullamhú roimh an mBille seo i geaitheamh an chupla blian atá caite agus go bhfuil an tAire anois ag súil le húdarás an Oireachtais tar éis an Bille seo a chaitheamh linn gan ullmhú dá laghad. Tá faitíos orm gur thosaigh an Rialtas ag caint ar an mBille seo roimh an toghchán i gContae ina bhfuil Gaeltacht tábhachtach agus nach raibh aon ullmhú déanta roimhe.

Bhí mé ag léamh an Bhille seo agus sa leagan Béarla—

Nuair a bhí an díospóireacht ar siúl ar an Tourist Traffic Bill rinneadh tagairt don fhotheideal a tugadh ar an mBord Fáilte agus ar deireadh bhí an Teach aontaithe ar an teideal "Bord Fáilte Éireann." Sin é an t-aon teideal amháin a ndearnadh úsáid de sa deireadh. Feicim anois in Alt 3 an fo-alt seo:

"The member of the Government who is in charge of the Department of the Gaeltacht shall be styled and known as the Minister for the Gaeltacht."

Sílim nach ceart é sin agus ba mhaith liom, sula geríochnaímid leis an mBille seo go ndéanfaí athrú air sin agus go mbeidh againn "Aire na Gaeltachta" agus an teideal sin amháin, gan aon teideal Béarla. San fho-alt céanna tá úsáid déanta de "Department of the Gaeltacht." Sílim gur ceart claoi leis na focla Gaeilge amháin ansin chomh maith. Sílim go mba cheart gan ach an leagan Gaeilge amháin a bheith againn ar an Aireacht agus ar an Aire, fiú amháin nuair atá litreacha á gcur amach ón Roinn nua, pé acu i mBéarla nó i nGaeilge iad.

Déanfaidh mé géar-mhachnamh ar na rudaí sin agus cuirfidh mé in iúl do na dréachtóirí parlaiminte iad.

B'fhéidir go mba mhaith linne machnamh a dhéanamh orthu chomh maith agus an Bille a leasú dá réir.

Ní bheidh aon ghá le leasú. Deirtear gur tosach nide sop agus gur tosach crainn cipín. Níl fhios agam cé acu sop nó cipín é seo ach más cipí é is cipín téagarach atá againn. Más sop é déanfaidh sé nead a bheidh buntáisteach agus ina mbeidh saibhreas.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist. English version of Bill: Question—“That Section 3 stand part of the Bill”—put and agreed to.

Cuireadh agus d'aontaíodh Alt 4.

English version of Bill: Question—“That Section 4 stand part of the Bill”—put and agreed to.

Cuireadh agus d'aontaíodh an Teideal.

English version of Bill: Question—“That the Title be the Title to the Bill”—put and agreed to.

Tuairiscíodh an Bille gan leasú.

English version of Bill: Bill reported without amendment.

D'aontaíodh na céimeanna eile a thógaint anois.

Tairgeadh an cheist: "Go nglacfar an Bille chun an breithniú deiridh a dhéanamh air."

An mbeidh na hathruithe a raibh mé ag caint futhu déanta ar an mBille sula dtéidh sé os comhair an tSeanaid?

Déanfar an t-athrú ar an mBille nuair a raghaidh sé ós comhair an tSeanaid.

An abrann an tAire go mbeidh na hathruithe seo déanta ar an mBille sula dté sé ós comhair an tSeanaid?

Mura bhfuil rud ar bith ina gcoinne déanfar na hathruithe sa tSeanad.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist. English version of Bill: Question—“That the Bill be received for final consideration”—put and agreed to.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist: "Go rithfidh an Bille anois."

English version of Bill: Question—“That the Bill do now pass”—put and agreed to.