den Aire Oideachais caidé mar atá an scéal maidir leis an scoil úr atá le tógáil i Machaire Chlochair, Gaoth Dobhair, Contae Thír Chonaill, agus an dtig leis a rá cá huair a ceanglófar conradh i gcóir a tógála.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Úr i Machaire Chlochair.
Tuigim ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí go bhfuil na mion-léaráidí agus an áirmheacht ullamh acu le haghaidh na scoile nua i Machaire Chlochair. Ní mór fós billí caindiochta a dhéanamh amach sula féidir tairiscintí a lorg chun an scoil a thógaint. De bhrí, áfach, go n-ídeoidh na connartha atá ar lámhaibh cheana féin ag na Coimisinéiri an soláthar iomlán a dineadh don bhliain airgeadais seo le haghaidh tógáil agus feabhsú tithe scoile, i Vóta a 9, ní féidir a rá cathain a bheidh na Coimisinéirí in ann tairiscintí a lorg.
Bhfuil an tAire i ndon a rá cén am a mbeidh na Coimisinéirí i ndon an scoil seo a chur idir lámhaibh i mbliana?
Mar tá an scéal ag an noiméad, ní féidir a rá cathain is féidir an obair a chur idir lámhaibh, ach tá súil agam go mbeidh eolas níos fearr againn i gceann leathbhliana.