Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 31 Oct 1956

Vol. 160 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil na Fairche (Contae na Gaillimhe).

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé cén staid ina bhfuil an tairscint chun scoil ghairm-oideachais a bhunú i bparóiste na Fairche, Contae na Gaillimhe.

Níor deineadh aon tsocrú cinnte i dtaobh na scoile seo ó thugas freagra ar an dTeachta ar an 9-2-1956 a rá go raibh Corr na Móna ainmnithe mar ionad scoile i scéim forbairte Coiste Gairm-Oideachais Contae na Gaillimhe.

Bhfuil an tAire sásta leis an socrú sin?

Is é an coiste a dhein an socrú sin.

Bhfuil an tAire sásta leis?

Táim, is dócha.

Má tá sé an féidir leis an Aire a rá cathain a tósófar ar an obair?

Níl aon eolas agam maidir leis sin. Is é an coiste a rinne an scéim sin agus do cheap siad i Mí Dheireadh Fómhair anuraidh iarracht a dhéanamh chun a fháil amach an méid páistí a bheadh ag freastal ar an scoil dá dtógfaí í i gCorr na Mónadh. Chomh maith agus is eol dom, níl an fhaisnéis sin acu fós, agus pé scéal é, níl aon eolas agam mar gheall air. Is ar an gcoiste a bhraithean sé a rá cathain a tosnófar ar an obair. Tá sé socraithe acu cheana go mbfearr leo gan tosnú leis an scoil sin go dtí go mbeadh an scoil tógtha i gCárna.

Barr
Roinn