den Aire Oideachais an inseoidh sé, maidir le gach foilseachán nach mbíonn ann ach Gaeilge nó ar Gaeilge is mó a bhíos ann agus (a) a mbíonn, (b) nach mbíonn, fógraí ag an nGúm ann: (i) a ainm, (ii) cá mhinicí a foilsitear é, (iii) cé mhéid cóipeanna a díoltar, (iv) cén méid atá ann agus (v) cá fhaid á fhoilsiú é.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fógraí an Gúm.
Táim, le cead an Chinn Chomhairle, chun táible do chur ar fáil i dTuairisc Oifigiúil na nDiospóireachtaí Parlaiminte a thugann i leith foilseachán a foilsítear níos minicí ná uair sa bhliain agus a mbíonn fógraí ag an nGúm iontu an t-eolas atá dá iarraidh ag an Teachta chom fada agus atá an t-eolas san agam, agus go mbeadh sé de cheart agam é do thabhairt. Is oth liom nach bhfuil sé ar mo chumas an t-eolas atá an Teachta a iarraidh do thabhairt dó i dtaobh fhoilseachán den chineál atá i gceist agus nach mbíonn fógraí ag an nGúm iontu.
Tá an Tábla mar leanas:—
Sonraí i dtaobh Foilseachán nach mbíonn iontu ach Gaeilge agus a mbíonn fógraí ag an nGúm iontu:—
Ainm |
Cá mhinicí a fhoilsítear é |
Cá fhaid á foillsiú é |
Gnáth-mhéid an fhoilseacháin |
Inniu |
Gach seachtain |
14 bl. |
6 leathanaigh. (7 gcolún 2''×18'' don leathanach). |
Comhar |
Gach mí |
15 ,, |
32 leathanaigh. (3 cholún 2''×8'' don leathanach). |
Feasta |
Gach mí |
9 ,, |
32 leathanaigh. (2 cholún 2''×9½'' don leathanach). |
An tUltach |
Gach mí |
33 ,, |
12 leathanaigh. (3 cholún 2½''×8½'' don leathanach). |
An Gael Óg |
Gach mí |
19 ,, |
8 leathanaigh. (3 cholún 2''×8 don leathanach). |
Timire an Chroí Naofa |
Gach ráithe |
? ,, |
Timpeall 20 leathanach. (Leathanach 4''×6''). |
Deirdre |
Gach sé mhí |
3 ,, |
32 leathanaigh. (3 cholún 2''×8'' don leathanach). |