asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that vacancies occurring in the staff of Bangor-Erris lace school are not being filled, and, if so, if he will state the reason.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bangor-Erris Lace School.
Glacaim leis gurb é an t-ionad cniotála i mBeannchor Iorruis atá i gceist ag an Teachta. Os rud é go bhfuil táirgeacht na n-earraí cniotála cláracha le bliain anuas ró-árd i gcomórtas leis na díolacháin, ní raibh aon dul ag Gaeltarra Eireann ón táirgeacht a laghdú. Chuige sin cinneadh cupla mí ó shoin gan folúntais sna hionaid cniotála go léir a líonadh, ach gan an laghdú a ligean thar an gceathrú cuid de líon na n-oibrithe in aon chás áirithe. Dar ndóigh, déanfar athbhreithniú ar an socrú sin an túisce a thiocfaidh feabhas ar an scéal.
Padraig Mac Loingsigh
Cá bhfuil an Teachta Ó Cuinneagáin anois? Níl sé ag rádh anois: "Is mór an náire."
Nil gá leis ánois.
Is ar an Teachta Mac Loingsigh atá an náire. Níl cos faoi.
Padraig Mac Loingsigh
Agus an h-oráidí a rinne sé roimh an toghacháin.