Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 29 May 1957

Vol. 162 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann Tweed.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will state (i) the number of yards of tweed in each bale as supplied to Gaeltarra Éireann's factory, (ii) how the number of yards is marked on each bale, (iii) if the marking is lost in transit or illegible on arrival, how the actual measurement is re-ascertained, and (iv) if the method of checking such bales is satisfactory, and whether it has been the subject matter of any inquiry.

Glacaim leis go mbaineann an cheist seo le bréidin a soláthraítear don Taisc-Ionad Margaíochta Láir i mBaile Átha Cliath mar ní soláthraítear bréidín do mhonarcha Ghaeltarra Éireann.

Ar an tuiscint sin, is é seo an t-eolas a hiarradh:

(i) Bionn idir seachtó agus nócha slat bréidín sa phíosa.

(ii) Sara gcuirtear aon phíosa ar aghaidh chun an Taisc-Ionad tomhastar faid an phíosa sa mhonarcha ar mhaisín tomhais a ghreamaíonn lipéad de agus an fhaid clóbhuailte air. Breactar faid an phíosa agus sonraí eile ina thaobh chomh maith ar thicéad agus filltear é sin isteach sa phíosa. Coimeádtar cuntas sa mhonarcha ar gach píosa a seoltar ar aghaidh.

(iii) Dá mbeadh an lipéad nó an ticéad ar iarraidh nó do-léite tar éis an píosa d'fháil sa Taisc-Ionad, bheadh gach eolas faoin bpíosa ar fáil sa mhonarcha. Is féidir gach píosa d'aithint mar bíonn an uimhir thagartha fuáilte air.

(iv) Táim sásta go bhfuil córas sásúil leagtha síos chun seiceáil a dhéanamh ar bhréidín dá sholáthar don Taisc-Ionad. Ní dearnadh aon fhiosrúchán ina thaobh.

Barr
Roinn